Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Ní fada anois go mbeimid ag taisteal agus muinín againn go léir

|

Tá súil agam go bhfeicfimid an oiread spóirt ar ardchaighdeán in 2026 agus a chonaiceamar in 2025. Sula gcasfaimid súil i dtreo an tséasúir nua, is ceart dúinn sos beag a ghlacadh agus cuimhneamh ar laochra ár gcluiche a bheidh linn i measc an lucht féachana i mbliana — fir a thug blianta fada don chontae agus a chuir lúcháir orainn san áireamh.

Sea, tá slán fágtha againn le roinnt mhaith imreoirí agus ina measc tá ceathrar den scoth.

Ba é Patrick Horgan an chéad laoch a d’imigh, an fear ó chlub cáiliúil Fánaithe an Ghleanna i dtuaisceart chathair Chorcaí a chuir clabhsúr ar bheagnach fiche bliain i ndathanna Chorcaí. Ní dócha go sárófar a chuid scórála ach tá TJ Reid sna sála air agus más féidir leis-sean fanacht aclaí agus saor ó ghortuithe, tá gach seans gurb eisean a chríochnóidh a shaol iomána mar mar an scórálaí is fearr fós sa chluiche. Ach fanfaidh lorg Horgan ar an gcluiche chomh soiléir le haon duine de na laochra scórála a d’imigh roimhe.

Tamall gairid ina dhiaidh tháinig an scéala ó Luimneach go raibh Declan Hannon ag éirí as. Ar feadh cúig bliana déag bhí sé ina imreoir ciúin cobhsaí ag stiúradh a mhuintire trí ré órga, agus é ag ardú Corn Liam Mhic Cárthaigh cúig uaire. Lena scor, dúntar caibidil eisceachtúil i scéal iomána na Sionainne. Mar a luaigh mé cheana anseo bhí sé de phribhléid agam obair leis agus bhí sé i gcónaí ina fhear uasal ábalta ciúin.

D’fhógair Jason Flynn ó ó Chill Íomair sa Ghaillimh go raibh sé ag dul ar scor i mí Dheireadh Fómhair, fear ciúin eile ag cur deireadh le dosaen bliain ar an bpáirc mhór. B’fhórsa ceart é i mbua a chontae 2017, agus ba leor stróc amháin dá chuid chun cluiche a iompú.

Shéid gaoth an athraithe i Laois freisin nuair a tháinig deireadh le ré Enda Rowland. Ar feadh tréimhse fhada ba é a sheas sa bhearna bhaoil, agus braithfidh an contae uilig uathu é.

Ceathrar fear, ceathrar laochra, agus tá an cluiche beagán níos boichte de bharr a n-imeachta.

Ach leanfaidh cúrsaí ar aghaidh agus dar ndóigh tá an traenáil tosnaithe agus cluichí imeartha.

I gcúige Laighean, níl mórán athruithe le sonrú. I gcomórtas Liam Mhic Cárthaigh tá Derek Lyng fós i gceannas ar Chill Chainnigh, agus tá Micheál Donoghue ag tabhairt faoina dhara bliain mar bhainisteoir na Gaillimhe. Tá Keith Rossiter anois sa tríú bliain leis na Carmannaigh agus tá Niall O’Callaghan sa dara bliain le Baile Átha Cliath. Tá Johnny Kelly ag tosnú a cheathrú bliain le foireann Uíbh Fhailí, agus ansin tá an contae nua ar an ardán, Cill Dara, faoi fhear Chill Chainnigh, Brian Dowling, ag tabhairt aghaidh ar a gcéad séasúr sa ghrád is airde.

Tharraing Babs Keating, iarlaoch Thiobraid Árann, cuid mhaith conspóide air féin mí ó shin nuair a mhaígh sé go mbeadh “cruachás ceart” roimh Chill Dara i gCraobh Laighean na bliana seo chugainn. Dar leis, léirigh taispeántas Nás na Rí i gcluichí ceannais na gclubanna i gcúige Laighean nach bhfuil an contae gar don chaighdeán a theastaíonn ag an leibhéal sin. Níor lig bainisteoir Chill Dara, Brian Dowling, an breithiúnas sin thairis, áfach. Dúirt sé go raibh tráchtanna Keating “amaideach ar fad” agus nach mbeadh muinín dá laghad aige as an bhfear. D’admhaigh sé go mbeadh an dúshlán mór, ach gur thuill Cill Dara a n-áit trí bheith ag déanamh ardú céime ó bhliain go bliain agus go mbeadh siad réidh chun seasamh leo siúd atá chun tosaigh sa chúige. Feicfimid linn.

Cad atá le rá faoi chúrsaí iomána i gCúige Mumhan? Is é Corcaigh an t-aon chontae le bainisteoir nua, Ben O’Connor, agus beidh sé suimiúil a fheiceáil cén rian a fhágfaidh sé sula dtosóidh an Chraobh. Ní foláir dó an tSraith a úsáid mar láthair thástála, mar a dhéanfaidh gach bainisteoir eile, agus beidh súile an phobail dírithe go géar ar Chorcaigh faoina stiúir.

Tá na bainisteoirí céanna ag na contaetha eile is a bhí acu anuraidh. Suimiúil go leor, tá John Kiely i Luimneach tar éis Caroline Currid, an síceolaí spóirt cáiliúil, a thabhairt ar ais. Is léir go mbíonn slat draíochta aici go minic nuair a bhíonn foirne ag lorg Craobh na hÉireann. Ach is éalú as cúige Mumhan an chéad dúshlán atá rompu arís, agus mar is gnáth, ní bheidh sé sin éasca.

Mar sin ní fada anois go mbeimid ag taisteal agus muinín éigin i ngach contae gurb é seo an séasúir ina ndéanfaidh siad ‘rud éigin’!

Athbhliain faoi shéan is faoi mhaise daoibh go léir.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta