Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Muiris Ó Fiannachta, bainisteoir Raidió na Life, ceaptha ina Cheannasaí Gaeilge i gCoimisiún na Meán

|

Tá bainisteoir Raidió na Life i mBaile Átha Cliath, Muiris Ó Fiannachta, ceaptha ina Cheannasaí Gaeilge i gCoimisiún na Meán. Tá beagnach tríocha bliain caite ag Ó Fiannachta ar an stáisiún pobail Gaeilge atá lonnaithe anois ar Shráid Amiens i dtuaisceart na cathrach.

Fógraíodh an fómhar seo caite go raibh Ceannasaí Gaeilge á lorg ag Coimisiún na Meán a bheadh freagrach as cur i bhfeidhm na ndualgas Gaeilge atá ar an eagraíocht.

Luadh tuarastal €81,000-€101,000 sa bhliain leis an ról, ról atá bunaithe lena “chinntiú go bhfuil an teanga lárnach i misean agus i bhfeidhmiú na heagraíochta”. Tá dualgais éagsúla ar Choimisiún na Meán faoin Acht Craolacháin (2009) agus faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (2021).

Is é Muiris Ó Fiannachta an chéad duine a bheidh sa ról. Tógadh Ó Fiannachta i gCill Droichid i gcontae Chill Dara agus tá cónaí anois air i Maigh Nuad sa chontae céanna. Ceapadh ina bhainisteoir é ar Raidió na Life sa bhliain 2007, ach chaith sé roinnt blianta roimhe sin ina chlár-reachtaire sa stáisiún, agus blianta eile fós ina chraoltóir deonach.

Bhí sé tráth ina láithreoir ar an gclár cainte Fios Feasa, clár atá fós á chraoladh ar an stáisiún, agus bhíodh clár ceol miotail aige freisin darbh ainm Scrios agus Ár. Chaith sé tréimhse i Rannóg na gClár Gaeilge in RTÉ agus leis na comhlachtaí léiriúcháin Animo Television agus Adare Productions.

Tá sé ar chomhairle Gaeilge Choimisiún na Meán agus ar choiste Gaeilge Litearthacht sna Meáin Éire, agus chaith sé tamall ina chomhalta ar bhord IMRAM agus coiste CRAOL, an t-eagras do stáisiúin phobail in Éirinn.

Beidh ar Ó Fiannachta “beartais, nósanna imeachta agus pleananna gníomhaíochta a fhorbairt i ndáil leis na dualgais [atá ar Choimisiún na Meán i leith na Gaeilge] agus a chinntiú go gcuirtear chun feidhme iad go héifeachtach”.

Tá ‘Feidhmeannas na Gaeilge’ le bunú san eagraíocht aige agus beidh sé ag plé le hearcú na mball foirne nua chuige sin. Tá plean tionscadal le forbairt ag Ó Fiannachta agus beidh sé i gceannas ar “thaighde, imeachtaí agus tionscnaimh Ghaeilge an Choimisiúin a threorú”. Beidh freagrachtaí air i dtaobh cúrsaí aistriúcháin san eagraíocht freisin.

I measc na ndualgas eile a bheidh ar Ó Fiannachta ina ról nua beidh “comhairle agus cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir leis an mbealach “is fearr is féidir riachtanais Ghaeilge na heagraíochta” a chomhlíonadh agus seirbhísí Gaeilge a sholáthar.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta