Agus teach mo mhuintire á fholmhú agam – mí le dul sula mbogfaidh an t-úinéir nua isteach – tháinig mé ar charn litreacha grá a chuir m’iar-fhear céile chugam i dtús ár gcaidrimh. Ós rud é go bhfuil sé ag tarraingt ar 15 bhliana anois ó scar muid óna chéile, shíl mé go raibh sé in am iad a chaitheamh amach. Ach bhí leabhar lámhdhéanta ina measc.
Lámhscríofa (peann ar pháipéar buí), lámhcheangailte (snáth olla dearg) agus, an sméar mhullaigh, lámhdhóite: bhí imeallacha dubha ar na leathanaigh.
Logleabhar loinge an teideal a bhí air, agus mhínigh litir ar ghnáthpháipéar a bhí leis céard a tharla: ba é an chaoi gur bhuail an tintreach an gaileon ar a raibh foghlaí mara (eisean) agus an captaen (mise) tar éis titim i ngrá le chéile, ach d’éirigh leis an bhfoghlaí mara an logleabhar, ina raibh cur síos ar ar thit amach idir an bheirt fhear, a thabhairt slán ó na bladhmanna.
Ní chumfá é – agus dá gcumfá, caolseans go gcuirfeadh duine an dua agus an trioblóid air féin sa lá atá inniu ann leabhar a scríobh le peann ar pháipéar, na leathanaigh a cheangal le chéile le snáth, agus lastóir a choinneáil leo d’fhonn cuma dhóite a chur orthu.
A leithéid de chruthaitheacht – ní fhéadfainn an leabhar sin (ná an litir a bhí leis) a chaitheamh amach, fiú más drochthuar don chaidreamh (ag féachaint siar) a bhí sa tintreach sin a bhuail an long.
Leabhar lámhdhéanta eile nach bhfuil ach cóip amháin de ar chlár na cruinne agus a bheidh liom go brách ná Faoin mbuachaill nach n-íosfadh arán, a scríobh agus a dhear mo mháthair dom nuair a bhí mé tuairim is bliain d’aois. Díreach mar a shamhlófá, críochnaíonn an t-arán suas i ngach uile áit ach amháin i mbéal an bhuachalla. Tá an scéal iontach greannmhar, tá na léaráidí go hálainn agus tugann a bhfuil iontu ar ais ar an bpointe boise mé go chéad laethanta m’óige.
Ní bhfuair mé bua na líníochta le hoidhreacht ó mo mháthair agus b’éigean dom dul i muinín bogearra grianghrafadóireachta le scagaire ‘cartún’ nuair a theastaigh uaim greannán a dhéanamh do dhlúthchara de mo chuid a d’inseodh scéal casta ár gcairdis, aisling ghrá nár fíoraíodh, i bhfoirm cluiche dornálaíochta 12 bhabhta. Ach tá a fhios agam an chaoi le scéal a scríobh – rud a dhearbhaigh mo dhlúthchara tar éis dó Rang dornálaíochta a léamh.
Ní dhéanfaidh mé dearmad go brách ar a dhreach nuair a thug mé an leabhar sin dó, dhá mhí ó shin, agus mé ar cuairt sa Bhrasaíl den chéad uair ó d’fhill mé ar an Eoraip arú anuraidh. Leath meangadh ó chluas go cluas air, iontas an domhain air an bheirt againn a fheiceáil i bhfoirm greannáin, agus an lá dár gcionn bhí sé ar an bhfón ar feadh dhá uair an chloig chun mionphlé a dhéanamh ar chuile radharc – sásta, mar a bhí mé féin, go raibh doiciméad ann a d’inis ár scéal agus an chaoi ar éirigh linn coinneáil orainn mar chairde in ainneoin chuile shórt a chuaigh mícheart eadrainn.
Níl bronntanas níos fearr ná leabhar, ach leabhar lámhdhéanta, pearsanta: níl a shárú ar fáil. Má theastaíonn uait nach ndéanfaidh duine éigin dearmad ort go brách, scríobh leabhar dó nó di.
Ó, is ea. Gan dabht phriontáil mé cóip den ghreannán sin amach dom féin freisin, agus gan dabht beidh sí sin i gceann de mo chuid málaí nuair a bheidh mé ag bogadh amach i gceann míosa.