Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

‘In am’ ag Rialtas na hÉireann an Ghaeilge in Éirinn Aontaithe a chur ‘ar an gclár oibre’ – Foras na Gaeilge

|

Tá sé “in am” ag Rialtas na hÉireann an Ghaeilge a chur ar an gclár oibre ag an gComhairle Aireachta Thuaidh/Theas agus na ceisteanna faoin teanga a luaitear i gComhaontú Aoine an Chéasta a réiteach ar deireadh, dar le Príomhoifigeach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn.

Dúirt Ó Coinn ag cruinniú i Teach Laighean an tseachtain seo gur réitíodh ceisteanna móra eile a aontaíodh faoin gcomhaontú stairiúil, amhail ceist na póilíneachta sa Tuaisceart, ach go bhfuil ceist na Gaeilge ar cheann de na ceisteanna atá “fágtha go fóill nach bhfuil réiteach polaitiúil aimsithe orthu”.

Mhaígh Ó Coinn ag cruinniú de chuid an Chomhchoiste Oireachtais um Fhorfheidhmiú Chomhaontú Aoine an Chéasta nach bpléitear ceisteanna a bhaineann le cúrsaí Gaeilge ach dhá uair sa bhliain ag cruinnithe de chuid na Comhairle Aireachta Thuaidh/Theas agus gur cruinnithe iad sin a mbíonn Foras na Gaeilge faoi chaibidil iontu.

“Tá sé in am ag Rialtas na hÉireann an Ghaeilge a chur ar an gclár le bheith cinnte nach bhfanann muid go dtí go mbeidh muid ag caint ar chomhroinnt an oileáin go dáiríre agus nach bhfuil réiteach aimsithe againn ar cheist na Gaeilge go fóill,” a dúirt Ó Coinn.

Dúirt sé gur cheart go mbeadh Rialtas na hÉireann, Rialtas na Breataine, agus an Feidhmeannas ó thuaidh ag obair as lámh a chéile le réiteach fadtéarmach a aimsiú ar cheisteanna a bhaineann leis an nGaeilge sa Tuaisceart, go háirithe ceist an mhaoinithe.

“Aithníonn muid an uair dheireanach ar thit na struchtúir ó Thuaidh, ba í an Ghaeilge ba chúis leis sin. Aithníonn muidinne go bhfuil an Ghaeilge ar cheann de na rudaí atá fágtha go fóill ó shocruithe Chomhaontú Aoine an Chéasta nach bhfuil réiteach polaitiúil aimsithe orthu idir Rialtas na hÉireann, Rialtas na Breataine, agus an Feidhmeannas.

“Tá réiteach aimsithe ar na mór-rudaí eile, cúrsaí póilíneachta mar shampla, rudaí eile den chineál sin. Níl siad foirfe ach tá réiteach aimsithe agus de réir a chéile, tá tosaíocht tugtha ag an Rialtas dóibh,” a dúirt sé.

Chomh maith leis sin, dúirt Seán Ó Coinn go bhfuil “laoch nó seaimpín” de dhíth i Rialtas na hÉireann le “fís” a léiriú do na struchtúir Thuaidh/Theas a bunaíodh faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta.

“Tá laoch nó seaimpín de dhíth sa Rialtas ó dheas do na struchtúir Thuaidh-Theas i gcoitinne le fís a léiriú dóibh, le bheith ag plé leo mar thosaíocht nuair atá siad ag plé leis an rialtas ó thuaidh agus le Rialtas na Breataine.

“Bíodh sin i Roinn an Taoisigh, sa Roinn Gnóthaí Eachtracha, an Taoiseach nó an Tánaiste, ní miste. Tá easpa cinnireachta ann, tá folús ann maidir leis na forais – cé atá ag meabhrú ar an dóigh a mbeidh na forais Thuaidh-Theas ag feidhmiú sa chéad 25 bliain eile i ndiaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta?

“Is gá a bheith ag breathnú anois ar an bhealach fís a fhorbairt, ar an bhealach na struchtúir a fhorbairt, don am atá le teacht,” a dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge.

Mhaígh sé go bhfuil “ról” ag muintir na hÉireann san obair seo agus go bhfáilteodh Foras na Gaeilge roimh “chinnireacht Rialtas na hÉireann” i dtaca le ceist na Gaeilge sa phlé le Rialtas na Breataine.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta