Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Hector OZ/NZ an clár Gaeilge is mó lucht féachana ar TG4 in 2025

| ,

Ba é an clár Hector OZ/NZ, clár taistil inar thug an craoltóir aitheanta Hector Ó hEochagáin cuairt ar an Astráil agus an Nua-Shéalainn, an clár Gaeilge is mó lucht féachana ar TG4 anuraidh.

Bhreathnaigh 65,000 duine, ar an meán, ar an eagrán den tsraith dhátheangach a craoladh ar an 11 Nollaig. Bhí cúig eagrán eile den chlár céanna ar an liosta den 20 clár nach cluichí beo spóirt ná cláir cheoil tíre iad a chuir TG4 ar fáil do Tuairisc. Idir 47,000 agus 57,000 duine a bhreathnaigh ar na heagráin eile sin.

Nuair nach gcuirtear cláir spóirt ná cláir cheoil san áireamh, ba é an clár Contractors 2 an dara clár Gaeilge ab airde ar an liosta. Bhreathnaigh 52,000 duine ar an eagrán den chlár feirmeoireachta a craoladh ar an 12 Samhain.

Craoladh an scannán iomráiteach An Cailín Ciúin ar an stáisiún Gaeilge ar an 22 Nollaig agus bhreathnaigh 45,000 duine ar an gcraoladh sin, rud a fhágann scannán Choilm Bhairéid sa tríú háit (nuair nach gcuirtear cláir spóirt agus cheoil san áireamh).

Díreach taobh thiar de An Cailín Ciúin ar an liosta bhí an clár a taifeadadh ag Scoil Cheoil an Earraigh i gCorca Dhuibhne i mí Feabhra agus a craoladh Lá an Dreoilín ar TG4. Bhreathnaigh 44,000 duine ar an gclár sin.

Ar an iomlán, ba chluichí spóirt iad an 20 craoladh ba mhó lucht féachana ar TG4 anuraidh. Cluichí Gaelacha is mó a mheall an lucht féachana chuig an stáisiún Gaeilge in 2025 agus 16 cluiche Gaelach i measc an 20 craoladh ba mhó. Cluichí rugbaí a bhí sa cheithre chraoladh eile.

Ba é cluiche ceannais na sraithe náisiúnta idir Ciarraí agus Maigh Eo ar an 30 Márta a mheall an lucht féachana is mó do TG4 agus 222,000 duine ar an meán ag breathnú ar an gcluiche áirithe sin.

Ba é an cluiche ceannais san URC idir Cúige Laighean agus Bulls ar an 14 Meitheamh an cluiche, nach cluiche Gaelach, is mó a mheall an lucht féachana. Bhreathnaigh 189,000 duine ar an gcluiche sin, ar an meán.

Cluichí fear ar fad a bhí ar an liosta a sholáthair TG4 do Tuairisc cé is moite de chluiche amháin i gcraobhchomórtas peile na mban: an cluiche ceannais idir an Mhí agus Áth Cliath ar an 3 Lúnasa a bhí sa séú háit ar an liosta agus a mheall 173,000 duine.

Bhí bearna shuntasach, ó thaobh lucht féachana de, idir an cluiche ab ísle ar an liosta 20 craoladh is mó agus an mhír ab airde ar an liosta de chraoltaí nach cluichí spóirt iad. Ar bharr an liosta sin bhí an scannán Mrs Doubtfire a craoladh ar an 28 Nollaig. Bhreathnaigh 91,000 duine ar scannán Béarla sin – os cionn 30,000 duine níos lú ná an 122,000 a bhreathnaigh ar an gcluiche peile idir Dún na nGall agus Tír Eoghain a bhí ag bun an liosta eile.

Cláir cheoil agus scannáin Bhéarla is mó a bhí ar an an liosta de na cláir ba mhó lucht féachana nach cluichí beo spóirt iad. Bhí ceithre scannán ar fad ar an liosta den 20 mír a chuir TG4 ar fáil: Mrs Doubtfire (91,000), Mamma Mia: Here We Go Again! (70,000), The Blues Brothers (67,000), agus El Dorado (66,000).

Bhí trí chlár ceoil déag ar an liosta sin freisin: craoltaí ó Fhleadh Cheoil na hÉireann 2025; eagráin éagsúla den chlár Opry le Daniel; agus The Foster and Allen Show. Sa 13ú háit bhí taifeadadh de cheolchoirm bheo de chuid na n-amhránaithe ‘The Three Amigos’. Ba eagráin de Nuacht TG4 iad na trí chlár eile ar an liosta, eagráin a craoladh díreach i ndiaidh cluichí spóirt.

D’fhógair TG4 an tseachtain seo go raibh méadú tagtha ar an lucht féachana don chúigiú bliain as a chéile in 2025. Tá an stáisiún fós sa seachtú háit ar liosta na stáisiún teilifíse is mó lucht féachana in Éirinn, áit atá coinnithe aige le cúpla bliain anuas.

Ná cláir ba mhó ar TG4 i 2025
Ord Clár Meán (000) Sciar (%)
1 GAA BEO – CC Peile Allianz R1 –   Ciarraí v Maigh Eo 222 31.7
2 GAA BEO – Sraith Iomána Allianz R1A,   B5 – Luimneach v An Clár 212 27.1
3 GAA BEO – CC Iomána Allianz R1A –   Corcaigh v Tiobraid Árann 205 27.5
4 Rugbaí Beo URC – Cluiche Ceannais –   Cúige Laighean v Vodacom Bulls 189 24.4
5 GAA BEO – Craobh Clubanna AIB – CC   Peile – Aireagail Chiaráin v Cuala 188 22.9
6 Peil na mBan Beo 2025 – Craobh TG4 CC   Sinsir – An Mhí v Áth Cliath 173 26.6
7 Rugbaí Beo URC – Cúige Laighean v   Cúige Mumhan 172 19.3
8 GAA BEO – Sraith Iomána Allianz R1A, Babhta 1 –   Gaillimh v Tiobraid Árann 164 21.1
9 GAA BEO – Sraith Peile Allianz R1,   Babhta 7 – Tír Eoghain v Áth Cliath 163 25.9
10 GAA BEO – Sraith Iomána Allianz R1A,   B6 – An Clár v Corcaigh 161 19.6
11 GAA BEO – Sraith Peile Allianz R1, B4   – Gaillimh v Dún na nGall 158 15.9
12 Rugbaí Beo: Lions v Argentina 156 15.6
13 GAA BEO – Sraith Iomána Allianz R1A,   B6 – Luimneach v Gaillimh 148 12.6
14 GAA BEO – Sraith Peile Allianz R1, B3   – Dún na nGall v Ard Mhacha 141 17.1
15 GAA BEO – Sraith Iomána Allianz R1A,   B6 – Cill Chainnigh v Tiobraid Árann 138 26.6
16 GAA BEO – Sraith Iomána Allianz R1A,   B5 – Corcaigh v Cill Chainnigh 132 15.6
17 GAA BEO – CC Peile Allianz Roinn R2 –   Muineachán v Ros Comáin 131 13.3
18 GAA BEO – Craobh Clubanna AIB – CLC   Iomána – Baile Mhic Gonair v Naomh   Máirtín 129 19.5
19 Rugbaí Beo URC – Cúige Chonnacht v   Cúige Mumhan 126 22.8
20 GAA BEO – Sraith Peile Allianz R1, B6   – Dún na nGall v Tír Eoghain 122 16.4

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta