Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Gníomh smachtaithe le tabhairt in éadan comhalta den PSNI nár thairg seirbhís aistriúcháin Gaeilge

|

Tá gníomh smachtaithe le tabhairt in éadan comhalta de Sheirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann (PSNI) toisc nár eagraigh an duine sin seirbhísí aistriúcháin don Ghaeilge agus bean as iarthar Bhéal Feirste á gabháil aige ag agóid ar son na Palaistíne.

I nGaeilge a thug Máire Mhic an Fhailí, bean 74 bliain d’aois a bhfuil ceathrar garchlann aici, a cuid sonraí agus í á gabháil ag an agóid i lár Bhéal Feirste ar an 9 Lúnasa 2025. Gabhadh í toisc ‘We are all Palestine Action’ a bheith greanta ar a t-léine.

Tá fáilte curtha ag Máire Mhic an Fhailí roimh chinneadh Ombudsman na bPóilíní ach dúirt sí gur chóir go mbeadh cearta teanga ar fáil gan aon cheist.

“Tá mé sásta le cinneadh an Ombudsman, ach tá fearg orm. Tá sé de cheart agam labhairt i nGaeilge, tá teanga na Gaeilge sa dlí anois agus mar sin ba cheart go mbeadh cosaint agamsa agus ba cheart go mbeadh cosaint ag an Ghaeilge,” a dúirt Máire Mhic an Fhailí le Tuairisc.

“Chuala an póilín Gaeilge agus ní raibh sé sásta. Dúirt sé liom, labhair Béarla, níl cead Gaeilge a labhairt. Níl a fhios agam cad atá a rá agat.Níl sé sin ceart anois [sa lá atá inniu ann]. Mar sin tá mé an-sásta le cinneadh an Ombudsman ach níl mé sásta faoin  rud a tharla.”

Dúirt sí, go bhfuil sí sásta freisin go bhfuil na póilíní ag dul “faoi thraenáil” mar gheall ar gach rud a thit amach sa chás seo. Dúirt sí “go bhfuil siadsan [na póilíní] ag glacadh freagracht as seo, dar leo, sa dóigh is nach dtarlóidh a leithéid aríst, ach beidh le feiceáil”.

Dúirt Máire, go bhfuil “grá mór don teanga” aici, ach go bhfuil sé “chomh brónach go bhfuil an oiread sin naimhdis ag daoine don teanga.”

Dúirt sí nár chóir go mbeimis fós ag troid ar son an ceart a bheith againn ár sonraí a chur ar fáil i nGaeilge agus go mba cheart go bhféadfaí talamh slán a dhéanamh den cheart sin faoin tráth seo.

Nuair a gabhadh í thug Máire Mhic an Fhailí na sonraí a iarradh uirthi i nGaeilge ach lean na hoifigigh orthu arís agus arís eile ag éileamh na sonraí sin i mBéarla agus de réir fhiosrúchán an Ombudsman “ní dhearnadh aon iarracht na sonraí sin a aistriú”.

Dúirt an póilín leis an bhfiosrúchán nár smaoinigh siad in aon chor ar sheirbhís aistriúcháin a úsáid mar nach raibh sin “cuí agus agóid ag gabháil ar aghaidh”.

Le linn na hagóide choimeád na póilíní Máire Mhic an Fhailí ar dtús sular ghabh siad í faoi Alt 13 den Acht Sceimhlitheoireachta 2000.

Bhí Máire Mhic an Fhailí den tuairim gur toisc Gaeilge a bheith á labhairt aici an t-aon chúis gur gabhadh ise ach theip ar an Ombudsman aon fhianaise a fháil gur caitheadh léi ar aon bhealach a bhí difriúil thar mar a caitheadh le daoine eile a bhí ag an agóid.

Chinn an tOmbudsman gur leor an mana a bhí le léamh ar a t-léine ‘We are all Palestine Action’ le “drochamhras réasúnach” a chur ar na póilíní gur bhall nó tacadóir le heagraíocht thoirmiscthe a bhí inti.

Gheall an PSNI go bhfoghlaimeoidís ceacht ón gcás seo.

“Tá athbhreithniú ar siúl againn faoi láthair ar an ábhar seo agus glacfar le haon deis foghlama maidir le hoibríochtaí cuí ar mhaithe leis an bpóilíneacht a fheabhsú san am atá romhainn.”

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta