Tá litir ghearáin a sheol an eagraíocht Pobal Eascarrach i dtaobh an athbhreithnithe a rinneadh ar chur i bhfeidhm na scéimeanna teanga sa Ghaeltacht “á breithniú” ag Roinn na Gaeltachta faoi láthair.
Sheol Seán Ruth, cathaoirleach Phobal Eascarrach, an eagraíocht atá freagrach as cur i bhfeidhm scéim teanga Chloch Chionnaola i nGaeltacht Dhún na nGall, litir chuig an Aire Gaeltachta Dara Calleary le “gearán foirmiúil” a dhéanamh maidir leis an athbhreithniú a rinne an comhlacht Barr Feabhais ar na deich limistéar pleanála teanga.
Maítear sa litir nach bhfuil bunús leis an ráiteas san athbhreithniú nár ghlac Pobal Eascarrach ná an fhoireann pleanála teanga “páirt” sa phróiseas comhairliúcháin a rinneadh agus an tuarascáil á réiteach. Easaontaítear go láidir chomh maith leis an maíomh nach raibh lucht na pleanála teanga sa cheantar “i láthair” ag dhá sheisiún comhairliúcháin.
Tugtar le fios sa litir go raibh cathaoirleach agus rúnaí na heagraíochta, chomh maith le triúr ón gcoiste pleanála teanga, i láthair ag an gcéad seisiún comhairliúcháin agus gur fhreastail ionadaithe ón dá ghrúpa ar an dara seisiún freisin.
Deirtear go raibh beirt eile atá ag plé leis an bpleanáil teanga i láthair ag an dá sheisiún comhairliúcháin agus go raibh iarfhostaí de chuid na heagraíochta i láthair ag an gcéad seisiún “ar mhaithe le leanúnachas san aiseolas” a cuireadh ar fáil d’údar an athbhreithnithe.
Dúirt Ruth go bhfuil fianaise ann “i bhfoirm grianghraif ó na seisiúin” chomh maith le “bileoga tinrimh” gur fhreastail na daoine thuasluaite ar na cruinnithe comhairliúcháin. Cuireadh an t-ábhar sin ar fáil do na meáin.
Scríobhadh sa tuarascáil a foilsíodh níos luaithe an mhí seo nár cuireadh fianaise ar fáil maidir le ról Phobal Eascarrach ná an coiste pleanála teanga “i gcur i bhfeidhm an [phlean teanga]”.
“Níor tugadh aon chuntas ar mhonatóireacht ná ar mheastóireacht na ceanneagraíochta ar an obair a bhí ag titim amach i dtaca le pleanáil teanga,” a scríobhadh sa cháipéis.
Maíonn Ruth nach bhfuil an ráiteas sin cruinn ach an oiread agus thug sé le fios gur cuireadh “an t-eolas uilig a iarradh ar fáil go fial agus go toilteanach” do Bharr Feabhais agus an próiseas comhairliúcháin ag dul ar aghaidh.
“Tá Pobal Eascarrach agus Pleanáil Teanga Chloich Cheann Fhaola muiníneach agus bródúil as na modhanna tomhaiste a úsáideann muid le monatóireacht agus meastóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn obair na pleanála teanga i LPT Chloich Chionnaola, lena n-áirítear tuairisciú rialta chuig an dá choiste, tuairiscí rialta chuig Údarás na Gaeltachta fríd an bhliain, cruinnithe oscailte pobail ar a laghad uair sa bhliain, agus suirbhéanna ar mhianta agus ar thaithí an phobail,” a scríobhadh ina litir.
Dúirt Ruth go mbreathnaíonn an eagraíocht ar an “míchruinneas” sa tuarascáil mar ábhar “an-tromchúiseach ar fad”.
“Má fhágtar an tuairisc mar atá, cuirfear pictiúr atá go hiomlán as riocht ar fáil do thaighdeoirí sa todhchaí agus don phobal maidir leis an obair sa cheantar seo agus i dtaca le rannpháirtíocht an phobail. Ar na cúiseanna seo déanann sé dochar tromchúiseach do chlú gach duine atá i gceist,” a dúradh.
Tá éilithe ag Pobal Eascarrach ar an Aire Calleary an tuarascáil a tharraingt siar, deis a thabhairt don eagraíocht agus don choiste pleanála teanga “ionchur ar an ábhar” a thabhairt mar aon le “hábhair imní” faoin modheolaíocht a chur in iúl. Tá siad ag iarraidh go ndéanfaí an t-athbhreithniú a “athfhoilsiú” gan an t-eolas atá mar ábhar gearáin acu a bheith ann.
Dheimhnigh urlabhraí de chuid na Roinne Gaeltachta do Tuairisc go bhfuair an Roinn an comhfhreagras ó Phobal Eascarrach agus go bhfuil sé “á athbhreithniú” i láthair na huaire.
“Tá comhfhreagras maidir leis an Athbhreithniú neamhspleách ar an gCéad 10 bPlean Teanga a ceadaíodh faoin bpróiseas pleanála teanga faighte ag an Roinn ón eagraíocht Pobal Eascarrach.
“Tá an comhfhreagras seo á bhreithniú ag an Roinn faoi láthair, i gcomhar leis an gcomhlacht neamhspleách a thug faoin athbhreithniú,” a dúirt an t-urlabhraí.