Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Fear a maraíodh i nGaeltacht Dhún na nGall ainmnithe

| ,

Tá an fear a maraíodh aréir in Ard an Rátha i gcontae Dhún na nGall ainmnithe.

Meastar gur bhásaigh Stephen McCahill (66) nuair a sádh é le linn ionsaithe a tharla agus é sa mbaile.

Cuireadh fios ar na seirbhísí ​​éigeandála thart ar a 3:50 ar maidin ach dearbhaíodh go luath ina dhiaidh sin go raibh McCahill básaithe.

Fear gnó aitheanta a bhí i McCahill a bhíodh ag obair in earnáil na hiascaireachta. Bhí baint aige le cúrsaí pobail chomh maith agus sheas sé mar iarrthóir neamhspleách in olltoghchán 2011 cé nár éirigh leis suíochán sa Dáil a fháil. Ba as na Gleannta ó dhúchas dó.

Tá fear sna tríochaidí gafa ag na Gardaí maidir leis an eachtra. Ní san áit a tharla an eachtra a bhí an fear nuair a gabhadh é. Tá sé fós á cheistiú ag na Gardaí.

Tá fiosrúcháin fós ar bun ag na Gardaí agus iarrtar ar aon duine a bhfuil eolas acu maidir leis an eachtra teagmháil a dhéanamh le stáisiún na nGardaí i mBéal Átha Seanaidh.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta