Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Fáilte 26: Seachtain Frithchiníochais na Gaeilge i mBéal Feirste

|

Seoladh Seachtain Frithchiníochais na Gaeilge Dé Céadaoin ag Spórtlann na hÉireann in Iarthar Bhéal Feirste. Seo í an dara bliain den fhéile rathúil ina gcuirtear imeachtaí spóirt, cultúrtha agus pobail ar fáil do phobal na Gaeilge, do na pobail nua atá i ndiaidh teacht chun na hÉireann nó do dhuine ar bith a bhfuil suim acu i saol agus i gcultúr na teanga. 

Bhí an Chéad-Aire Michelle ONeill i láthair ag an ócáid le caint a thabhairt agus le bualadh leis na rannpháirtithe, rud a chuir go mór leis an lá. Bhí deis ag roinnt daltaí ó Choláiste Feirste a gcuid buanna a roinnt – cheol dalta amhrán i bhFraincis, labhair dalta eile faoi chúlra a clainne ón Liotuáin agus léigh dalta eile dán de chuid Imelda May, ‘You Dont Get to be Racist and Irish’, agus é aistrithe go Gaeilge acu. 

Beidh an tseachtain, ar a bhfuil Fáilte 26 agus atá á heagrú ag Spórtlann na hÉireann, ar siúl idir an 2 agus an 8 Feabhra. Beidh réimse leathan imeachtaí ar siúl – óráidí agus cainteanna, imeachtaí agus comórtais spóirt, damhsa agus imeachtaí do pháistí – agus cuirfear fáilte roimh chách.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta