Tá fuadach Uachtarán Veiniséala, Nicolas Maduro, cáinte go forleathan ar fud an domhain, cé nach bhfuil le rá ag an Aontas Eorpach – nó ag Éirinn dhílis – ach go bhfuiltear ag coinneáil súil ar an scéal.
Ach is léir don dall gur sárú ar an dlí idirnáisiúnta é, is nach bhfuil sna líomhaintí faoin mangaireacht drugaí ach bréag lom.
Ach is cuid thábhachtach na líomhaintí céanna den scéal gur drochdhuine é Maduro agus, mar sin, gur rud maith é gur gabhadh é fiú más go mídhleathach a gabhadh é.
Chloígh an Taoiseach, agus Coimisiún na hEorpa, leis an líne sin, ag rá nár toghadh go dlisteanach é, gur deachtóir a bhí ann, agus mar sin.
Tá fadhb leis an scéal, ámh. Is é sin, nach bhfuil sé fíor.
Má bhreathnaíonn tú siar ar stair Veiniséala le tríocha bliain anuas, feicfidh tú go bhfuil dul chun cinn as cuimse déanta.
Nuair a tháinig Hugo Chavez i gcumhacht i 1999, cé go raibh saibhreas ola ag Veiniséala, ba é an tsochaí ab éagóraí i Meiriceá Laidineach é. Toghadh rialtais de chuid Chavez arís is arís go dtí go bhfuair sé bás in 2013. Sa tréimhse sin laghdaíodh an géarbhochtanas 70%, bochtanas ginearálta 50% agus an dífhostaíocht leath. Mhéadaigh líon na ndaoine a fuair pinsean stáit faoi cheathair agus bhí cumas litearthachta ag 100% den daonra.
Sin éacht.
Ghabh réimeas Chavez seilbh ar phríomhchomhlachtaí na tíre – comhlachtaí ola is eile – agus bhain sé leas as sin le cláir shóisialta a chur i bhfeidhm go mbeadh bia, tithíocht, cúram sláinte agus oideachas ar fáil don ghnáthshaoránach.
Éacht eile.
Dála an scéil, i measc na gcomhlachtaí a tugadh faoi sheilbh phoiblí bhí comhlachtaí cruaiche an teaghlaigh Corinna Machado. Seo é teaghlach Maria Corinna Machado atá ag iarraidh í féin a chur chun cinn anois mar uachtarán na tíre, in ainneoin fiú go n-admhaíonn Donald Trump gur beag an tacaíocht atá aici sa tír is gur meas atá uirthi.
B’fhéidir go bhfuil olc airsean toisc gur bhain sise Duais Síochána Nobel a raibh spéis aige féin ann, ach beidh uirthi fanacht sula bhfaighidh a teaghlach a gcuid saibhris ar ais.
Rinne na Stáit Aontaithe iarracht fáil réidh le Chavez in 2002 le coup, ach tháinig an pobal amach is cuireadh deireadh leis an iarracht sin.
Níor aontaigh chuile dhuine leis, go háirithe an dream is saibhre is a lucht leanúna, ach fuair sé idir 52% agus 62% i ngach aon toghchán.
Tháinig Maduro i gcomharbacht air is bhuaigh sé toghcháin in 2013 le 50.6%, in 2018 le 67%, agus arís eile in 2024 le 51%.
Dúirt na Stáit Aontaithe gur figiúirí bréagacha a bhí ann, ach chinn Cúirt Uachtarach Veiniséala go raibh siad ceart.
I Veiniséala, déanann vótálaithe teagmháil le scáileán ríomhaire chun a vóta a chaitheamh agus ansin faigheann siad admháil pháipéir, a fhíoraíonn siad agus a chuirtear isteach i mbosca vótála. Déantar tromlach na vótaí páipéir a chur i gcomparáid leis an gcuntas leictreonach. Leis an gcóras seo bheadh sé beagnach dodhéanta calaois a dhéanamh, mar bheadh sé riachtanach go mbeadh an vóta leictreonach ag dul leis an vóta páipéir.
Mar sin féin, tá Stáit Aontaithe Mheirceá agus an tAaontas Eorpach ag cloí leis an scéal gur de bharr calaoise a bhuaigh Maduro.
Tá Trump ag rá anois go bhfuil seisean i gceannas ar Veiniséala, ach maíonn parlaimint na tíre gur Maduro atá fós atá ina uachtarán ann. Ní cosúil go bhfuil siad ag géilleadh do na bagairtí, agus má tá ola Veiniséala le gabháil ag Trump beidh air ionradh míleata níos láidre a dhéanamh.
Tá an baol sin ann, ar ndóigh, agus, san idirlinn, coinneoidh an tAontas Eorpach súil ar an scéal – agus Éire in éineacht leis.
Mar is iondúil ní theastaíonn ó Mhicheál Martin port a sheinm atá éagsúil le port an Aontais Eorpaigh, cé nach bhfuil an leisce sin ar bhallstáit eile, an Spáinn, an Ostair agus Lucsamburg ina measc.
Nach íorónta é go bhfuil an tAE sásta go maith le fuadach Maduro, ach nach gcuireann siad an fháilte chéanna roimh mhianta Trump i leith na Graonlainne, ar cuid de riocht na Danmhairge é.
Ag deireadh thiar, má ta muid le Maduro, agus an ghluaiseacht Chavista a mheas, is cóir breathnú ar an taifead is ar an iarracht a rinne Maduro cloí le polasaithe a bheadh chun leas an ghnáthdhuine in ionad géilleadh do lucht an tsaibhris.
Sea, ní diabhal é Maduro, ach laoch – laoch na saoirse don Mheiriceá Laidineach ar fad.