Luadh an t-oileán Gaeltachta Toraigh, amach ó chósta Dhún nan Gall, i measc na n-áiteanna a bhfacthas éin neamhchoitianta in Éirinn in 2025. De réir an eolais a d’eisigh an tIonad Náisiúnta le Sonraí Bithéagsúlachta don bhliain seo caite, rinneadh taifead den ghealbhan ceoil (Melospiza melodia) den chéad uair riamh in Éirinn i dToraigh an samhradh seo caite.
Is é Meiriceá Thuaidh áit dúchais an ghealbhain ceoil ach thug ceann acu cuairt ar ghairdín an ealaíontóra Anton Meenan i dToraigh, áit a bhfaca Robert Vaughan é Lá Fhéile Eoin.
Is annamh a fheictear an t-éan san Eoraip ach tá méadú tagtha ar líon na dtaifeadtaí de ar an taobh seo den Atlantach le blianta beaga anuas. Ó bhí an bhliain 2017 ann, chonacthas sa Bheilg, san Ísiltír agus san Iorua é agus chonacthas sé huaire sa Bhreatain é.
Chonacthas glaséan súildearg (Vireo olivaceus) i dToraigh freisin anuraidh, éan eile nach bhfaightear go minic in Éirinn. Ba i ngairdín mhuintir Meenan a chonacthas trí cinn den éan sin – an chéad uair a chonacthas a leithéid in oileán in Éirinn agus i gcontae Dhún na nGall. Rinneadh taifead an lá céanna den lacha airleacáin i Machaire Rabhartaigh ar an mórthír.
Measann lucht faire éan gur thug an Stoirm Amy roinnt éan go hÉirinn i bhfómhar na bliana seo caite nach bhfeictear anseo go hiondúil – an glaséan súildearg agus an lacha airleacáin ina measc.
Dúirt príomhfheidhmeannach an Ionaid Náisiúnta le Sonraí Bithéagsúlacht, an Dr Liam Mac Giolla Iasachta, go bhfuil méadú tagtha ar líon na dtaifeadtaí atá acu d’éin neamhchoitianta in Éirinn agus gur as oileáin na tíre atá cuid mhaith acu seo ag teacht. Anuas ar na héin a fuarthas i dToraigh, chonacthas an ceolaire barrach (Curruca nisoria) in Inis Bó Finne i nGaillimh agus an éigrit mhór ghorm (Ardea herodias) in Oileán an Bhulla i mBaile Átha Cliath.
Tháinig an húpú (Upupa epops) go hÁrainn i gcontae na Gaillimhe i mí an Mhárta agus mheall sé go leor cuairteoirí chun an oileáin Gaeltachta sin.
Fuair an tIonad 40,000 taifead d’éin in 2025. agus an tríú cuid acu sin deimhnithe ag éaneolaithe an Ionaid trí phictiúir nó físeáin a sheiceáil. Tá 13,000 taifead ar fáil do lucht taighde ar na léarscáileanna bithéagsúlachta a chuireann an tIonad le chéile bunaithe ar na taifeadtaí ón bpobal. Tá 300,000 taifead d’éin ar fad ag an Ionad ar an mbunachar sonraí anois.
In 2025, ba sa chéad ráithe den bhliain a fuarthas an méid is mó taifeadtaí d’éin agus bhí 376 speiceas in 24,000 láthair dhifriúla ina measc sin.
“Go pearsanta, dom féin, is dóigh go bhfuil go bhfuil an-tábhacht ag baint leis luach atá leis an oiread sin taifeadtaí a fháil de speicis a bhfuil muid an-bhuartha fúthu,” arsa an Dr Liam Mac Giolla Iasachta.
“Leithéidí na scréachóige reilige, an gabhlán gaoithe, an chearc fhraoigh, an traonach agus an colm gorm. Fágann sé go bhfuil foinsí tábhachtacha sonraí againn cuntas a choinneáil ar stádas athraitheach na speiceas seo ar fud na tíre.”