Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Deontas nua tithíochta do mhuintir na Gaeltachta le fiosrú ag Roinn na Gaeltachta

| , ,

Tá Roinn na Gaeltachta chun deontas nua tithíochta do mhuintir na Gaeltachta a phlé leis an Roinn Tithíochta agus ‘Bónas Teanga’ €100 do theaghlaigh Ghaeltachta a phlé leis an Roinn Leanaí.

Moltar sa tuarascáil athbhreithnithe nua ar an bpleanáil teanga a foilsíodh inniu go mbunófaí ‘Fordheontas Tithíochta do Chónaitheoirí a bhfuil Gaeilge acu agus a úsáideann í”.

Moltar sa tuarascáil neamhspleách a choimisiúnaigh go gcuirfí an maoiniú breise ar fáil trí scéimeanna tithíochta atá ann cheana féin amhail Scéim an Chéad Bhaile, Iasacht Tí an Údaráis Áitiúil, an Scéim Ceannaigh ag Tionóntaí agus an Scéim um Chabhair le Ceannach.

Chuirfí an deontas breise ar fáil “do chainteoirí Gaeilge a gheallann go ndéanfaidh siad cónaí sa Ghaeltacht agus an Ghaeilge a úsáid mar phríomhtheanga”.

“Chuirfeadh an cur chuige spriocdhírithe sin athbheochan na Gaeilge mar theanga phobail chun cinn sna LPTanna [Limistéir Pleanála Teanga],” a deir údar na tuarascála, Micheál Ó Duibh ón gcomhlacht Barr Feabhais.

Ina bhfreagra ar mholtaí na tuarascála, deir Roinn na Gaeltachta go bhfuil an baol ann go gcuirfeadh a leithéid de dheontas “borradh” faoi thógáil tithe saoire sa Ghaeltacht “rud nach bhfuil inmhianta”. Ach gealltar go bpléifear an moladh leis an Roinn Tithíochta, Rialtas Áitiúla agus Oidhreachta.

Moladh eile atá le fiosrú ag an Roinn Oideachais ná go n-íocfaí ‘Bónas Teanga’ €100 sa mhí le teaghlaigh Ghaeltachta a bhfuil páiste cláraithe acu le seirbhísí luathoideachais lán-Ghaeilge. Gealltar go bpléifear an moladh sin leis an Roinn Leanaí mar chuid den obair atá ar siúl sa Roinn sin ar fhorbairt pean cúig bliana don luathoideachas lán-Ghaeilge.

Tá geallta ag an Roinn chomh maith go bpléifidh siad leis an Roinn Oideachais moladh ar leith sa tuarascáil athbhreithnithe maidir le hoideachas dara leibhéal lán-Ghaeilge a sholáthar do Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh.

Moltar sa tuarascáil athbhreithnithe leis go mbunófaí rannóg taighde agus staitisticí in Údarás na Gaeltachta chun taighde leanúnach a dhéanamh ar an plbpeanáil teanga agus chun “staitisticí cuí a sholáthar dóibh siúd atá ag obair i ngort na pleanála teanga agus don phobal fosta”.

Diúltaítear don mholadh sin sa cháipéis a d’fhoilsigh an Roinn in éineacht leis an tuarascáil neamhspleách.

Deir an Roinn go bhfuil siad ag obair cheana féin ar mholadh eile atá sa tuarascáil, go mbunófaí cúrsaí oiliúna d’fhoirne naíonraí Gaeltachta “chun dul i ngleic leis an riachtanas leanúnach atá ann d’oiliúint lán-Ghaeilge san earnáil sin”.

Deirtear sa tuarascáil athbhreithnithe gur chóir do Roinn na Gaeltachta feachtas fógraíochta náisiúnta agus idirnáisiúnta a chur ar siúl chun daoine a chur ar an eolas faoi na “buntáistí a bhaineann le labhairt na Gaeilge agus le cónaí sa Ghaeltacht”.

Deir an Roinn go bhfuil feachtas náisiúnta eile beartaithe acu a bhaineann chun aird a tharraingt ar ghnéithe d’Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Deir an Roinn go bhfuil “líon suntasach moltaí” sa tuarascáil a bhfuil “céimeanna glactha ina leith cheana féin”. Luaitear mar shampla de sin an obair atá ar ar siúl i leith an Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge agus an Phlean Digiteach don Ghaeilge.

 

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta