Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Dáithí de Mórdha ceaptha ina cheannaire nuachta ag TG4

| ,

Tá an t-iriseoir Dáithí de Mórdha as Dún Chaoin i gCorca Dhuibhne ceaptha ina Cheannaire Nuachta agus Cúrsaí Reatha in TG4. Bhí de Mórdha ag obair ina iriseoir ar dheasc nuacht an deiscirt RTÉ Raidió na Gaeltachta go dtí seo.

Déanann sé tráchtaireacht ar chluichí peile ar TG4 chomh maith.

Bhí oifig an cheannaire nuachta in TG4 folamh ó ceapadh Deirdre Ní Choistín, a bhí sa ról ar feadh beagnach dhá bhliain, ina hardstiúrthóir ar an stáisiún anuraidh.

Sular ceapadh ina chlár-reachtaire le RTÉ Raidió na Gaeltachta sa bhliain 2017 é, d’oibríodh Dáithí de Mórdha in Ionad an Bhlascaoid i nDún Chaoin. Tá sé leis an stáisiún Gaeltachta le naoi mbliana anuas.

Chuir de Mórdha PhD i gcrích leis an Roinn Bhéaloidis agus Nuatheicneolaíochta i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Rinne sé a chuid taighde ar chartlann RTÉ RnaG i mBaile na nGall agus d’fhoilsigh sé a leabhar Raidió na Gaeltachta: Cultúr agus Pobal, bunaithe ar an taighde sin, in 2022. Chuir sé an clár Cartlann Bhóthar na Léinsí i láthair ar RTÉ RnaG freisin.

Tá sé pósta agus ceathrar clainne aige.

Dúradh ag cruinniú foirne i TG4 an mhí seo caite go mbeidh deichniúr fostaithe ag an tseirbhís úr nuachta atá le forbairt ag an stáisiún – beirt eagarthóirí agus ochtar iriseoirí. Is é Dáithí de Mórdha, mar cheannaire nuachta, a bheidh i gceannas ar an bhfoireann nua sin atá fós le ceapadh.

Tá sé i gceist ag lucht bainistíochta an stáisiúin go dtógfaidh TG4 áit RTÉ Raidió na Gaeltachta mar ‘an chéad rogha’ ag pobal na Gaeilge ó thaobh na nuachta de. Tá sé i gceist go mbeadh an tseirbhís nua ar líne á bhunú ag an stáisiún roimh dheireadh na bliana 2026.

Beidh an tseirbhís ag soláthar nuachta seacht lá na seachtaine agus beidh ábhar de chineálacha éagsúla i gceist seachas  “leagan eile de Mholscéal ar líne”, a dúradh ag cruinniú na míosa seo caite.

Beidh smacht eagarthóireachta ag an stáisiún féin ar an tseirbhís úr nuachta ar líne, ach dúirt an lucht bainistíochta go mbeifí ag súil le comhoibriú RTÉ agus le hábhar a fháil ón seomra nuachta teilifíse atá ag RTÉ i mBaile na hAbhann.

Faoi láthair, RTÉ a chuireann nuacht ar fáil do TG4 mar chuid den dualgas reachtúil atá ar RTÉ 365 uair an chloig de chláir a chur ar fáil don stáisiún gach bliain. In 2022, ghlac an rialtas le moladh ó Choimisiún na Meán go mbeadh soláthar nuachta TG4 neamhspleách ó RTÉ, ach is beag dul chun cinn atá déanta ó shin.

Caithfear plean faoi conas fís TG4 a chur i bhfeidhm ar Nuacht TG4 a aontú le RTÉ go fóill.

Nuair a fógraíodh poist do ‘eagarthóirí/léiritheoirí ábhair dhigitigh nuachta agus cúrsaí reatha’ in TG4 sa bhliain 2023 cuireadh deireadh tobann leis an bpróiseas earcaíochta.

Dúradh ag an am go raibh an comórtas “á chur siar mar gheall ar chúinsí a bhaineann le dearadh agus forbairt an tsuímh nua” nuachta a bheadh ag seirbhís nuachta neamhspleách TG4.

Níor fógraíodh na poist sin ó shin.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta