Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Cúrsa Traenála Raidió Fáilte faoi lánseol

|

Cuireadh fearadh na fáilte roimh láithreoirí nua Raidió Fáilte ar na mallaibh ag an chéad crsa traenála den bhliain sa stáisiún. Is cúrsa 3 seachtaine é seo a thugann léargas ar dhomhan an raidió agus ar na scileanna a bhaineann le clár raidió a léiriú.

Is é Pól Ó Néill, Oifigeach Traenála agus Léiriúcháin i Raidió Fáilte, atá i mbun an chúrsa agus is é an sprioc is mó atá aige ná muinín a spreagadh sna hoiliúnaithe. 

Is gné iontach tábhachtach iad na cúrsaí traenála seo do shaol agus cúram Raidió Fáilte agus iad ag feidhmiú mar stáisiún pobail. Dúirt Pól le Meon Eile go mbeidh réimse leathan cúrsaí ar fáil amach anseo: cúrsaí podchraoltóireachta agus cúrsa scileanna DJ-ála, mar shampla.

Féach ar mheáin shóisialta Raidió Fáilte le tuilleadh eolais a fháil.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta