Tá imní léirithe ag beirt Theachtaí Dála de chuid Fhianna Fáil nach mbainfear amach an sprioc earcaíochta do Ghaeilgeoirí sa tseirbhís phoiblí mura ndéanfar athruithe práinneacha.
Tá sé mar sprioc sa reachtaíocht gur cainteoirí Gaeilge a bheadh in 20% d’earcaigh nua chun na seirbhíse poiblí faoi 2030 ach tá amhras léirithe ag na Teachtaí Dála Naoise Ó Cearúil agus John Connolly faoin sprioc.
Deir an bheirt go bhfuil cur chuige nua ag teastáil go géar ag an tríú leibhéal chun tuilleadh céimithe le Gaeilge a sholáthar chun an sprioc earcaíochta a bhaint amach.
Tá sé ráite go minic ó ritheadh an reachtaíocht teanga in 2021 go mbeadh gá cur leis an soláthar lán-Ghaeilge ag an tríú leibhéal chun dóthain earcach a chur ar fáil chun an sprioc 20% a chomhlíonadh ach ní fheictear go bhfuil mórán dul chun cinn déanta ó shin.
Tá oifigigh ón Údarás um Ardoideachas le teacht os comhair choiste Gaeilge an Oireachtais inniu chun na bearnaí atá sa soláthar a phlé.
Dúirt leaschathaoirleach an choiste, an Teachta Naoise Ó Cearúil, gur “fadhb ollmhór” a bhí sa laghad cúrsaí tríú leibhéal atá ar fáil trí Ghaeilge.
“Tá céimithe, ag a bhfuil na scileanna éagsúla atá de dhíth agus seirbhís phoiblí chuimsitheach á cur ar fáil don phobal, ag teacht amach as an tríú leibhéal bliain i ndiaidh bliana, ach faraor, an chuid is mó acu, ní féidir leo ach na seirbhísí sin a sholáthar ach i dteanga amháin; i mBéarla.”
Dúirt Ó Cearúil go raibh sé ag iarraidh go mbeadh cur chuige “i bhfad níos forchéimnithí, i bhfad níos leithne agus i bhfad níos cuimsithí” ag an Údarás um Ardoideachais, ag an Roinn Oideachais agus ag an rialtas trí chéile.
“Gan cur chuige mar sin, ní bheidh an Stát agus an Rialtas in ann a chinntiú go mbeidh 20% dá fhostaithe, idir chéimithe agus araile, ina bhfostaithe dátheangacha agus ní bheidh siad in ann na seirbhísí a sholáthróidh siad a sholáthar go dátheangach; trí mheán na Gaeilge agus an Bhéarla araon.
“Ní bheidh an Rialtas in ann é sin a chinntiú mura mbeidh lear mór céimithe dátheangacha ar fáil dó, agus ní bheidh an lear mór sin ar fáil dó mura gcuirtear na socruithe atá de dhíth i bhfeidhm anois chun é sin a chinntiú in 2030. Níl ach cúig bliana fágtha go dtí an spriocdháta dátheangach atá againn agus, mar sin tá gá práinneach le gníomhartha iomchuí a chur i bhfeidhm láithreach. Ní féidir linn fanacht.”
Dúirt an Teachta Dála John Connolly go gcaithfear measúnú a dhéanamh ar na hiarrachtaí atá ar bun ag an earnáil tríú leibhéal chun freastal ar an éileamh ar Ghaeilgeoirí a bheidh ann.
Deir Connolly go bhfuil an scéal pléite aige le coiste ardoideachais an Oireachtais chomh maith agus go ndéanfar an scéal a fhiosrú ag cruinniú an tseachtain seo chugainn.
“Sprioc inmholta agus indéanta atá ann go mbeadh 20% den tseirbhís phoiblí inniúil sa nGaeilge ach ní bheidh inti ach mian mura dtéann muid i ngleic le roinnt bunfhadhbanna.”
Ar cheann de na fadhbanna sin, dar leis an Teachta, tá an laghdú a thagann ar chéatadán na ndaoine óga a fhaigheann a gcuid oideachais trí Ghaeilge de réir mar a théann siad tríd an gcóras. Ag leibhéal na bunscoile, thart ar 8% de dhaltaí atá ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge sa stát ach meastar gur thart ar 1% a fhreastalaíonn ar chúrsaí ardoideachais ar a bhfuil an Ghaeilge mar ábhar i láthair na huaire.
Tá sé ráite ag an gCoimisinéir Teanga go bhfuil straitéis náisiúnta ag teastáil chun cur le líon na gcéimithe le Gaeilge.