Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Craobh Thráth na gCeist Gael Linn 2026

|

Bhailigh meánscoileanna as Cúige Uladh le chéile i nGarbhachadh, Chontae Thír Eoghain, ar na mallaibh le páirt a ghlacadh i gCraobh Thráth na gCeist Gael Linn. Is é an sprioc is mó atá ag Gael Linn don imeacht seo ná daltaí i mbliain 10 a spreagadh i dtreo na Gaeilge ag leibhéal GCSE.

Labhair Meon Eile le Póilín Uí Cheannabháin, Feidhmeannach Oideachais le Gael Linn, a d’inis dúinn faoi stair an imeachta agus na buntáistí a bhaineann leis an Ghaeilge a bheith ar fáil do scoláirí taobh amuigh den seomra ranga amháin. 

Is imeacht iontach tábhachtach sa bhliain é fosta mar gheall go mealann sé daltaí chuig na coláistí samhraidh a bhíonn á reáchtáil ag Gael Linn.

Bhí Scoil an Rátha Mhóir i mBéal Feirste i measc na scoileanna a ghlac páirt sa chraobh agus labhair daltaí ón scoil faoin tsuim atá acu sa Ghaeilge agus iad ag ullmhú do na scrúduithe GCSE. 

Seo iad na scoileanna a bhuaigh duais ag an Chraobh:

1ú Áit – Foireann 3 Coláiste Rís & Coláiste Cholmcille
2ú hÁ
it – Pobalscoil Ghaoth Dobhair & Coláiste Cholmáin

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta