Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Ceardlann ‘Gael-Oiliúint’ le Conradh na Gaeilge agus AMLÉ

|

Reáchtáil Conradh na Gaeilge agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ) ceardlann darbh ainm ‘Gael-Oiliúint’ Dé hAoine seo caite. 

Ba í seo an chéad bhliain den cheardlann, a bhí ar siúl in oifig an Chonartha i mBaile Átha Cliath agus a eagraíodh chun traenáil agus tacaíocht a thabhairt do mhic léinn atá ina mbaill de chumainn ollscoile nach cumainn Ghaelacha iad agus a bhfuil sé mar sprioc acu go mbeadh an Ghaeilge níos feiceálaí sna cumainn sin. 

Chuir baill foirne Chonradh na Gaeilge agus AMLÉ eolas ar fáil dóibh siúd a bhí i láthair faoi imeachtaí dátheangacha nó lán-Ghaeilge a eagrú, faoi na dóigheanna éagsúla ar féidir an Ghaeilge a chur in úsáid ar ardáin a gcumann ar líne, agus faoi pholasaithe na n-ollscoileanna agus na gcumann ó thaobh na teanga de. 

Bhí Dónall Ó hÉigeartaigh, Comhordaitheoir na Mac Léinn Tríú Leibhéal le Conradh na Gaeilge, ar fáil leis an imeacht agus an spreagadh taobh thiar de a phlé, agus labhair Hugh Ó Ríordáin linn faoina chás féin mar rúnaí Chumann na Nuatheangacha i gColáiste na Tríonóide agus é ag déanamh iarrachta níos mó ionadaíochta a thabhairt don Ghaeilge i gcúrsaí an chumainn sin.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta