Beidh an cás i gcoinne Liam Óig Uí Annaidh ón ngrúpa rap Kneecap os comhair na cúirte i Londain arís ar maidin agus éisteacht le bheith ar siúl san ardchúirt.
Caitheadh amach i mí Mheán Fómhair seo caite an cás sceimhlitheoireachta a tugadh in aghaidh Uí Annaidh agus é curtha ina leith gur thaispeáin sé brat Hezbollah ag ceolchoirm.
Caitheadh an cás amach ar an mbonn gur tionscnaíodh na himeachtaí cúirte “go neamhdhleathach” agus go raibh “siad ar neamhní” dá bharr.
D’fhógair Seirbhís Ionchúisimh na Corónach mí Dheireadh Fómhair seo caite go raibh sé i gceist achomharc a dhéanamh in aghaidh na breithe. Maíodh go raibh “pointe tábhachtach dlí” i gceist a chaithfí “a shoiléiriú”.
Éistfear an cás sna Cúirteanna Ríoga Coiriúla i Londain maidin inniu.
Ar an 21 Bealtaine 2025, d’eisigh na póilíní ‘Fógra faoi Chúis Choiriúil’ i leith na líomhna ag fógairt ar Ó hAnnaidh, a úsáideann Mo Chara mar ainm gairme, teacht os comhair na cúirte dúiche ar an 18 Meitheamh 2025. Cuireadh amach an fógra díreach taobh istigh den tréimhse sé mhí atá ceadaithe faoi reachtaíocht na cúirte dúiche chun imeachtaí dlí a thionscnamh.
Ach de réir na reachtaíochta sceimhlitheoireachta ní ceadmhach imeachtaí dlí a thionscnamh gan cead a fháil ón Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí agus ní féidir leis an stiúrthóir an cead sin a thabhairt gan cead a bheith faighte aige féin ón Ard-Aighne.
I gcás Liam Óig Uí Annaidh ní bhfuarthas cead an Ard-Aighne tús a chur le himeachtaí go dtí an 22 Bealtaine 2025, an lá i ndiaidh gur eisíodh an ‘Fógra faoi Chúis Choiriúil’.
An cheist a bheidh á plé sa chúirt inniu ná an raibh an ceart ag an mbreitheamh sa chúirt dúiche nach raibh tús curtha in am leis na himeachtaí dlí in aghaidh Uí Annaidh toisc nach bhfuarthas cead an Ard-Aighne roimh an 21 Bealtaine 2021. Déanfaidh lucht dlí Liam Óig Uí Annaidh an cás inniu go raibh an ceart ag an mBreitheamh sa chúirt dúiche nach raibh aon dhlínse ag an gcúirt sin sa chás.
An argóint a bheidh ag an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí ná go raibh an breitheamh sa chúirt dúiche mícheart. Beidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí ag rá gur leor faoin reachtaíocht sceimhlitheoireachta go raibh cead an Ard-Aighne faighte sular ndeachaigh Ó hAnnaidh os comhair na cúirte den chéad uair ar an 18 Meitheamh 2025 chun freagra a thabhairt ar an gcúis scríofa.
I ráiteas a chuir siad amach ar na meáin shóisialta faoi fhógra Sheirbhís Ionchúisimh na Corónach, dúirt Kneecap gurbh é an tuairim a bhí ag a bhfoireann dlí ná nach raibh “loighic dá laghad” ag baint leis an achomharc is nach raibh “bunús maith ar bith ó thaobh an dlí” faoi.
Mhaígh Kneecap gur iarracht eile a bhí ann aird a bhaint ón gcinedhíothú sa Phalaistín agus daoine a bhí “ar an taobh ceart den stair” a chur ina dtost.
“Agus Iosrael ag iarraidh cosc a chur inniu ar eagraíochtaí carthanachta cúnamh a chur ar fáil a shábhálfaidh beatha daoine agus a chuirfidh dídean an-bhunúsach ar fáil do na milliúin, tá stát na Breataine ag cromadh arís ar bheith ag caitheamh anuas orthu siúd atá in aghaidh an chinedhíothaithe.”
Mí Mheán Fómhair seo caite, ghlac an Príomh-Bhreitheamh i gcúirt Woolwich, Paul Goldspring, le hargóint fhoireann dlí Uí Annaidh agus chaith sé amach an cás.
Dúirt an Breitheamh Goldspring nár tionscnaíodh na himeachtaí cúirte “sa tslí cheart” agus nach raibh an toiliú a bhí riachtanach faighte ón Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí sular cuireadh tús leis an gcás in aghaidh Mo Chara.
Dúirt Darragh Mackin, dlíodóir Uí hAnnaidh, gur bua ar son na saoirse cainte a bhí i gcinneadh an Bhreithimh.
Tuairiscíodh ag deireadh na bliana seo caite gur mhol an t-iarArd-Aighne, Michael Ellis, don tSeirbhís Ionchúisimh an cás a thionscnamh as an nua trí leas a bhaint as fasach dlí nár úsáideadh ach go hannamh.
Shéan Ó hAnnaidh go raibh aon ní mícheart déanta aige agus deir sé féin agus lucht Kneecap gurbh amhlaidh go raibh “carnabhal mearbhaill” ar bun chun aird a tharraingt ón gcinedhíothú in Gaza agus stop a chur le daoine labhairt amach faoi.
Deir Conradh na Gaeilge go dtacóidh siad le hÓ hAnnaidh an Ghaeilge a úsáid sa gcúirt i Londain, mar a rinne sa gcás roimhe seo.
“Seasann muid i ndlúthpháirtíocht lenár gcara Liam Óg atá á thabhairt ar ais os comhair chúirteanna na Breataine i gcás inar dearbhaíodh nach raibh aon bhunús dlíthiúil,” a dúirt Pádraig Ó Tiarnaigh ón gConradh.
“Tacaíonn muid go mór leis an ardán a thug Liam Óg don Ghaeilge sa chás go dtí seo, agus beidh muid ag obair go dlúth leis agus lena fhoireann chun ateangaire a chinntiú dó sa chás úr seo.”