Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Caithfidh ‘fís’ a bheith ag Roinn na Gaeltachta maidir le tithíocht do na glúnta atá le teacht

|

Tá an grúpa feachtais tithíochta Bánú ag iarraidh go mbunófar grúpa oibre a mbeadh ionadaithe ó Roinn na Gaeltachta, an Roinn Tithíochta, Údarás na Gaeltachta, údaráis áitiúla agus grúpa feachtais air le dul i ngleic le fadhb na tithíochta sa Ghaeltacht.

Agus í ag labhairt le Tuairisc ag agóid a d’eagraigh Bánú ag ceannáras Roinn na Gaeltachta sna Forbacha inniu, dúirt Adhna Ní Bhraonáin, bunaitheoir an ghrúpa feachtais, go gcaithfidh “fís” a bheith ag Roinn na Gaeltachta don tithíocht sa Ghaeltacht.

“Ceapann muide gur cheart go nglacfadh Roinn na Gaeltachta ceannasaíocht agus grúpa oibre a bhunú ina mbeadh an siad féin, an Roinn Tithíochta, an Chomhairle Contae, Údarás na Gaeltachta, agus muid féin nó aon eagraíocht eile atá ag obair ar thithíocht.

“Ba cheart don ghrúpa dul i ngleic leis an bhfadhb seo, ag breathnú ar phleananna sa ngearrthéarma ach sa bhfadtéarma freisin. Tá muide ag iarraidh go mbeadh Roinn na Gaeltachta ag cuimhneamh ar 50 bliain, 70 bliain, agus 100 bliain amach anseo.

“Ba cheart go mbeadh an Roinn ag cuimhneamh ar an gcéad chúpla glúin eile agus ar fhís faoi cén chaoi a mbreathnóidh an Ghaeltacht agus cén chaoi a mbreathnóidh tithíocht Ghaeltachta sa bhfadtéarma,” a dúirt Ní Bhraonáin.

Ghlac tuairim is tríocha duine páirt san agóid sna Forbacha inniu. Shiúil siad go príomhdhoras na Roinne agus leag baill an choiste litir don Aire Gaeltachta Dara Calleary isteach ann. Caitheadh súil siar sa litir ar an gcéad dá mhí dhéag atá déanta ag an Aire ó ceapadh an bhliain seo caite é.

Dúradh sa litir go raibh Bánú “ag súil le gníomh” ón Aire ach go bhfuil “fíordhíomá” orthu gur “beag a rinne [a] Roinn” le bliain anuas.

“Go deimhin, bhraitheamar go raibh do Roinnse ag iarraidh bac a chur roimh aon dul chun cinn. Mar shampla, nuair a moladh go bhféadfadh Údarás na Gaeltachta fochomhlacht tithíochta a bhunú agus aitheantas AHB a fháil ón Roinn Tithíochta, cuireadh ina aghaidh sin, cé gur moladh a bhí ann a rinne an tAire Darragh O’Brien, nuair a bhí sé féin ina Aire Tithíochta,” a scríobhadh.

Mar chuid den agóid, bhí ‘tuairisc scoile’ déanta amach don Aire Gaeltachta ag Bánú dá chéad bhliain sa phost. Tugadh le fios sa tuairisc gur theip ar an Aire Calleary scéimeanna tithíochta a thabhairt isteach don Ghaeltacht, treoirlínte pleanála a aimsiú, maoiniú cuí a fháil don tithíocht Ghaeltachta, cumhachtaí breise a thabhairt don Údarás, agus toghcháin an Údaráis a thabhairt isteach.

“Ag breathnú siar ar do chéad bhliain mar Aire Gaeltachta, is é ár dtuairim mheáite gur theip ar do Roinn, Roinn na Gaeltachta, aon cheo fiúntach a bhaint amach le réiteach a fháil ar an bhfadhb thithíochta sa Ghaeltacht, agus an Roinn sin faoi do stiúir.

“Beidh muid ag súil le hiarracht níos fearr an chéad bhliain eile, le go mbeidh muid in ann thú a mholadh i gceann bliana faoin méid a bheidh bainte amach agat,” a dúradh sa litir.

Dúirt Ní Bhraonáin go raibh sí sásta leis an agóid agus leis an slua a tháinig amach “i lár an lae Dé Luain” lena míshástacht a chur in iúl don Roinn. Dúirt sí go bhfuil sí ag súil le freagra díreach ar an litir a fháil ón Aire agus “plean gnímh” a fheiceáil sna seachtainí atá amach romhainn.

Dúirt cathaoirleach Bhánú, Donncha Ó hÉallaithe, lena raibh cruinnithe sna Forbacha go raibh an grúpa ag iarraidh “go dtosófaí “ar chinntí a dhéanamh agus le gníomh”. Ghabh sé buíochas le daoine a tháinig ó chathair na Gaillimhe, ionadaithe poiblí agus baill d’Aontas na Mac Léinn in Ollscoil na Gaillimhe ina measc, le seasamh le Bánú.

“Tá go leor geallúintí, go leor cur i gcéill i ndáiríre, ar bun ag an Roinn seo le rófhada nuair a smaoiníonn tú ar na cumhachtaí a d’fhéadfaidís a úsáid a dhéanfadh difríocht an-mhór.

“Leanfaidh muid orainn leis an bhfeachtas, leanfaidh muid orainn ag brú, agus leanfaidh muid orainn ag iarraidh ar an Roinn, ar an Aire, ar Údarás na Gaeltachta, agus ar na comhairlí contae Gaeltachta teacht le chéile, comhoibriú le chéile, agus an fhadhb seo a réiteach,” a dúirt Ó hÉallaithe.

Bhí an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar ó Shinn Féin Mairéad Farrell agus an comhairleoir cathrach ó Pháirtí an Lucht Oibre, Helen Ogbu i láthair ag an agóid.

Dúirt Ogbu le Tuairisc gur “fadhb mhór” í an ghéarchéim thithíochta in Éirinn agus go mór mór i gcontae na Gaillimhe agus sa Ghaeltacht. Dúirt sí go raibh tithe folmha ar cheann de na fadhbanna is mó atá ag cur leis an ngéarchéim sa Ghaeltacht agus gur chóir don Rialtas “éisteacht” le pobal na Gaeltachta.

“Luaigh [Bánú] na tithe folmha i Leitir Mealláin, atá folamh le blianta, agus is fadhb mhór é sin, níor cheart dúinn ligean dó sin tarlú. Má tá an pobal ag tarraingt aird ar na fadhbanna seo, mar atá siad inniu, ba cheart don Rialtas éisteacht leo.

“Tá an cheist faoin infreastruchtúr agus faoin séarachas an-mhór freisin. Ní féidir linn pobail a thógáil ná pobail a fhorbairt gan an t-infreastruchtúr ceart a bheith ann. Tá fadhb leis sin ann ar an gCeathrú Rua agus is ceart breathnú uirthi,” a dúirt Ogbu, a dheimhnigh do Tuairisc go mbeidh sí ag seasamh san fhothoghchán a bheidh ar siúl i nGaillimh Thiar i mbliana.

Dúirt Ogbu go bhfuil “polasaithe láidre” ag a páirtí faoin tithíocht agus go gcreideann sí féin go bhfuil sé tábhachtach aird ar leith a thabhairt ar an gceist sa Ghaeltacht mar gheall ar a thábhachtaí is atá “cultúr na hÉireann”.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta