Tá Blein na Gaelgey (Bliain na Gaeilge) faoi lán seoil i Manainn. Cuireadh tús oifigiúil an tseachtain seo caite leis an gceiliúradh bliana a bheidh ag tarlú ar fud an oileáin bhig Ghaelaigh i Muir Mheann “agus ar fud an domhain” as seo go deireadh mhí na Nollag.
Ba í ceolchoirm Oie’ll Verree (Oíche Fhéile Bheirthe) a reáchtáil an eagraíocht Mooinjer Veggey (Muintir Bheaga) an chéad ócáid oifigiúil ar chlár na féile. Tháinig plúr na gceoltóirí agus na n-amhránaithe traidisiúnta as Manainn mar aon le haisteoirí agus taibheoirí eile le chéile ar an 3 Eanáir don ócáid. Casadh ceol, dúradh amhráin, léiríodh drámaí, agus aithrisíodh dánta Manainnise ar an oíche.
Reáchtáladh an cheolchoirm san Ardeaglais i bPurt ny h-Inshey (Port na hInse) agus bhí Annie Kissack, Reih Bleeaney Vanannan (Rogha Bliana Mhanannan – macasamhail Ollamh Éigse Éireann), i láthair le dánta a aithris.
Is iad na spriocanna atá luaite le ‘Blein ny Gaelgey’ ná “íomhá dhearfach” den Mhanainnis a chur chun cinn, muintir an oileáin a spreagadh an teanga a úsáid, “an chruthaitheacht agus an nuálaíocht” a spreagadh sa phobal teanga, agus “oidhreacht sheasmhach a bhunú” don teanga.
Cuireadh tús le clár na bliana an tseachtain seo caite agus tá féilire lán imeachtaí leagtha amach do na míonna atá amach romhainn. An mhí seo féin beidh léachtaí, ceolchoirmeacha, cainteanna, taispeántais, agus ceardlanna ar fáil i Manainnis agus faoin Manainnis do phobal an oileáin.
Beidh cúig théama i gceist le Blein ny Gaelgey: an Óige agus Teaghlaigh; Féiniúlacht agus Mórtas Áite; Pobal agus Cruthaitheacht; Taighde agus Acmhainní; agus an Fhoghlaim Shaoil.
Is iad an gréasán Gaelg, Jeebin (líonra), atá ag eagrú na féile agus deir siad gur “do gach duine” an bhliain cheiliúrtha – cainteoirí Manainnise, daoine nach bhfuil focal acu, daoine atá i gcónaí san oileán, agus cuairteoirí chun an oileáin.
Is scátheagraíocht teanga í Jeebin a bhfuil seacht n-eagraíocht a bhíonn ag plé le cúrsaí teanga san oileán ina mball di. Is iad sin Bunscoill Ghaelgagh, an t-aon bhunscoil lán-Mhanainnise sa tír; an eagraíocht cultúir Culture Vannin; dhá aonad de chuid na Roinne Oideachais; Oidhreacht Náisiúnta Mhanann; Mooinjer Veggey, an naíonra Gaelach; agus Possan Ronsee Gaelgagh, an grúpa taighde teanga.
Tá súil ag an eagraíocht gur céim chun cinn a bheidh in Blein ny Gaelgey lena sprioc féin líon na gcainteoirí Manainnise i Manainn a mhéadú go 5,000 faoin mbliain 2032. De réir an daonáirimh a rinneadh in 2021 tá 2,223 cainteoir Manainnise i Manainn agus an chuid is mó acu sin lonnaithe in Doolish, príomhchathair an oileáin.
Beidh múrmhaisithe nua Manainnise á nochtadh i spásanna poiblí ar fud an oileáin, tá podchraoladh nua Manainnise do dhaoine óga le craoladh, agus tá togra ann ina n-aistreofar amhráin phopcheoil go Manainnis. Tá an bhliain le ceiliúradh ag Oifig an Phoist san oileán freisin agus stampaí le heisiúint a mbeidh focail agus nathanna Manainnise orthu.
Tá clár iomlán na bliana ar fáil anois ar yearofmanx.im.