Ar Chúl an Albaim le Elijah Minnelli – ‘Clams As A Main Meal’
Elijah Minnelli. Grianghraf le Josh Cotto.
Bím ag súil go mór le ceol úr ón gceoltóir/léiritheoir dub-cumbia Elijah Minnelli ón uair a chuala mé a chéad cheirnín ‘Bebé Durmiendo Cumbia’ in 2019.
I measc na nglórtha atá le clos ar an albam is déanaí uaidh, Clams As A Main Meal, tá laoch mór an dubcheoil Dennis Bovell agus an t-amhránaí Breatnaise Carwyn Ellis. Ag tógaint atá amhráin na beirte ar an gcur chuige a chualamar ar albam deireanach Minnelli (Perpetual Musket, 2024), uair a d’iarr sé ar amhránaithe reigé sean-amhráin a bhaineann le traidisiún amhránaíochta ceol tíre na Breataine a chanadh thar rianta dub-reigé.
Tá stíl níos eachtrúla arís i gceist le poirt uirlise Clams As A Main Meal, iad lán de bhoscaí ceoil cársánacha, dordlínte droimneacha agus taibhsí de cumbia na seanré.
D’inis Minnelli dom na seacht bpíosa ceoil is mó a thug spreagadh dó agus é i mbun Clams As A Main Meal a thaifeadadh.
Clams As A Main Meal by Elijah Minnelli
Sons of Negus Churchical Host – ‘Run Come Rally’ (Zion Disc, 1968)
Tá taifeadtaí nyabinghi tar éis tionchar a imirt ar an gceol a chruthaím agus tá spéis mhór agam iontu. Tá foinn spioradálta láidre agus cnagcheol láimhe lárnach ina ngnéithe lárnacha den cheol a thaitníonn liom. Bím corraithe go mór ag blas searmanach agus spioradálta a bhaineann leis an saghas seo taifeadta.
Ceol gaspal traidisiúnta ráite ag Dennis Bovell is ea an chéad amhrán ar m’albam úr (‘Canaan Land’). Táim ag iarraidh iniúchadh a dhéanamh ar an nasc seo, agus an ceangal idir ceol traidisiúnta spioradálta agus dordcheol a choimeád beo ar mo bhealach féin.
The Spaceape – ‘On The Run’ (Hyperdub, 2012)
D’éirigh le ceol Kode9 agus The Spaceape atmaisféar a chruthú den chineál a mheallann i gcónaí mé agus thug spreagadh riamh dom. Táim faoi gheasa ag dorchadas paranóideach Memories of the Future. Tá an EP seo leis an Spaceape (nach maireann) go diail. Curtha i láthair go neamhbhalbh, iniúchadh fíor-chorraitheach ar an gcumha agus ar an mbás atá i gceist.
Låt & Trall – ‘Blackleg Miner’ (YTF, 1974)
Níl mórán ar eolas agam mar gheall ar an ngrúpa ceol tíre seo ós na 1970idí ach bím i gcónaí ag filleadh ar an taifeadadh seo. Tá an-chuid leaganacha den amhrán seo cloiste agam; píosa ar son na n-aontas agus i gcoinne na sáraitheoirí stailce atá ann. Tá macallaí de The Wicker Man sa cheol. Is breá liom an tslí a dtiomáineann an consairtín luas an cheoil de réir is a leanann an traic ar aghaidh. Tugann sé frithbheartaíocht lucht oibre na tuaithe chun cuimhne, téama a bhfuilim ag iarraidh tagairt a dhéanamh dó le fuaim mo cheirnín féin.
DJ Rashad – ‘Everyday of My Life’ (feat. DJ Phil) (Hyperdub, 2013)
Chuir mé spéis sa cheol footwork den chéad uair a bhuí le ceirníní Hyperdub, lipéad Kode9 thuasluaite. Mar fhear mór jungle agus hip hap tá an ceirnín Double Cup de chuid DJ Rashad, nach maireann, foirfe domsa. Maireann ceol footwork áit éigin idir an dá sheánra sin, cé gur stíl ar leith ann féin í. Tá fabht tapógach paranóideach i gcroílár cheol na stíle footwork – ní bhaineann sé le dearadh fuaime nó leis na heilimintí imeallacha. Bíonn spreagadh le fáil i gcónaí sa dánaíocht seo agus i rithim mhearaí footwork.
Acapulco – ‘Gildardo Montoya’ (Aries, 1975)
Tá trírín tiomáinteach cheol na stíle cumbia i mo chloigeann agam ó chuala mé den chéad uair é. Domsa, tá cosúlachtaí go leor idir cumbia agus ceolta eile mar Nyabinghi, calypso, highlife, agus béguine. I gcás na seánraí sin is iad na taifeadtaí is aimhe, is simplí agus is brónaí is mó a thugann sásamh dom.
D’aithneofá ceol Gildardo Montoya ón duairceas trópaiceach atá le clos ar an sár-phort seo dá chuid: ionstraimíocht an-lom ach nótáilte agus amhránaíocht thnúthánach. Bíonn níos mó á fhoghlaim agam faoi cumbia de shíor. Ní haon saineolaí in aon chor mé. Níl ionam ach fan. De dheasca m’easpa Spáinnise tá sé deacair dul chomh domhain sa cumbia agus ba mhaith liom ach bíonn tionchar i gcónaí ag na taifeadtaí seo ar an gceol a bhím ag cumadh agus ar an gceol a mbím sa tóir air.
The Abyssinians – ‘Satta Amassa Gana’ (Clinch, 1971)
Clasaic agus bunchloch de chuid cheol Iamáice nach n-éireoidh mé bréan riamh de. Fonn a bhfuil blas ársa air (cé go bhfuair mé amach níos déanaí go bhfuil sé bunaithe ar an mbunleagan de cheol téama Batman) agus comhcheol aoibheann ó bhéal. Is fan reigé mé go smior. Is breá liom na gnéithe ar fad den cheol Cairibeach a thugann chomh fada le sárshaothair mar an ceann seo muid: ceol naofa a bhfuil a fhréamhacha sa sean-am, dordlínte troma, liricí bíobalta. A bheith amuigh agus na poirt seo a chlos ar challairí móra, ba iad sin na hamanna is mó a bhraitheas suaimhneas agus lúcháir. Is rud é a mbím i gcónaí ag iarraidh breith air i gcás mo cheol féin.
Dagmar Zuniga – ‘A Car with No Lights On’ (People’s Coalition of Tandy, 2025)
in filth your mystery is kingdom / far smile peasant in yellow music by dagmar zuniga
Tugaim faoi deara nach bhfuilim ach ag déanamh trácht ar cheol ón am atá imithe. Le bheith fírinneach is léiriú cruinn go maith é sin ar na nósanna éisteachta atá agam cé go mbíonn mo chluasa ar bior agam i gcónaí ar eagla go gcloisfinn aon cheol nua a mhúsclaíonn na mothúcháin thuasluaite ionam. Sin díreach cad a dhéanann an t-albam seo de chuid Dagmar Zuniga. Tá sé taifeadta ar stíl lo-fi a bhfuil buaine ag baint leis agus a théann go mór i bhfeidhm orm. Déanaim iarracht ar mo cheirnín féin druidim i ngiorracht don bhrón neamhshaolta a bhaineann le ‘A Car with No Lights On’ .
The post Ar Chúl an Albaim le Elijah Minnelli – ‘Clams As A Main Meal’ appeared first on NÓS.