Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Aontachtóirí ‘ag fanacht ciúin’ faoina dtacaíocht do thograí Gaeilge – Foras na Gaeilge

|

Tá cuid den phobal sa Tuaisceart ag “fanacht ciúin” faoi thograí Gaeilge atá siad a chur chun cinn ina gceantair féin mar gheall ar imní faoi chúrsaí slándála, dar le Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn.

Bhí Ó Coinn ag labhairt os comhair an Chomhchoiste Oireachtais um Fhorfheidhmiú Chomhaontú Aoine an Chéasta inné. Dúirt sé le baill an Choiste go raibh obair an-mhaith ar bun sa Tuaisceart leis an nGaeilge a chur chun cinn ansin ach go bhfuil “ceisteanna” slándála ann i gcónaí.

Dúirt sé go bhfuil grúpaí i nDoire agus in áiteanna eile ag “fanacht ciúin” agus nach bhfuil siad ag iarraidh “aird a tharraingt” orthu féin ná ar na tograí atá idir lámha acu mar gheall ar an imní atá orthu go n-ionsófaí tograí Gaeilge.

Mhol sé meanma agus misneach an ghníomhaí teanga Linda Ervine atá tar éis go leor oibre a dhéanamh le cúig bliana déag anuas leis an nGaeilge a chur chun cinn i measc a pobail Aontachtaigh féin in Oirthear Bhéal Feirste, ach a luann chomh maith na deacrachtaí agus dúshláin a bhíonn roimpi.

Agus í ag labhairt leis an gcoiste céanna chuir Linda Ervine síos ar chuid de na deacrachtaí sin agus thug le fios nár thuig sí féin an naimhdeas a bhí ann don Ghaeilge i measc a pobail féin go dtí gur thosaigh sí á foghlaim.

Dúirt Seán Ó Coinn go bhfuil roinnt polaiteoirí ó pháirtithe aontachtacha agus ó chúlra aontachtach sa Tuaisceart “a thacaíonn go ciúin” le tionscadail Ghaeilge sa réigiún ach nach bhfuil sásta an tacaíocht sin a léiriú go poiblí.

“Is grúpaí pobail den chuid is mó atá ag forbairt ceist na teanga sa phobal PAD [Protastúnach, Aontachtach, Dílseach] agus chíonn muid é sin. Is gnáthdhaoine aonair iad, macasamhail Linda [Ervine] agus daoine a bhfuil teagmháil ag Linda leo in áiteanna eile atá ag déanamh na forbartha sin.

“Tá cuid mhaith de na polaiteoirí atá sna páirtithe Aontachtacha atá sásta a rá go ciúin go dtacaíonn siad leis an nGaeilge agus nach bhfeiceann siad gur ionsaí í an Ghaeilge ar an fhéiniúlacht Bhriotanach, ach ar ndóigh de bharr cúrsaí polaitíochta ní féidir leo é sin a rá amach go hoscailte,” a dúirt Ó Coinn.

Dúirt sé go bhfuil “crógacht de dhíth” ó pholaiteoirí aontachtacha le haithint go bhfuil “tábhacht leis an Ghaeilge mar chuid den fhéiniúlacht Bhriotanach”.

“Cén fáth nach bhfuil an Ghaeilge ar an bhonn céanna sa Ríocht Aontaithe is atá Gaeilge na hAlban agus an Bhreatnais?” a deir Ó Coinn.

Dúirt Príomhfheidhmeannach an Fhorais go raibh easpa “físe” agus “ceannaireachta” ag leibhéal rialtais maidir le forbairt agus cosaint na struchtúr agus na bhforas trasteorann sa 25 bliain amach romhainn. Dúirt sé go gcaithfí struchtúir mhaoinithe agus eile a bhunú anois a chinnteodh nach mbeadh Foras na Gaeilge agus forais eile ag feidhmiú i bhfolús dá dtitfeadh Stormont arís.

Dúirt Shane Ó hEidhin, Stiúrthóir Seirbhísí Corparáideacha, go bhfágann stádas trasteorann Fhoras na Gaeilge gur minic go mbíonn an eagraíocht ina “páiste dalba nach smaoinítear faoi go dtí an deireadh”. Theastódh “an tríú spás”, a dúirt sé, chun go bhféadfaí teacht timpeall ar chuid de na dúshláin a bhíonn ar an bhForas mar eagraíocht atá faoi scáth dhá rialtas in dhá dhlínse.

Dúirt Seán Ó Coinn go léiríonn torthaí suirbhé a rinne Foras na Gaeilge, a fhoilseofar i mbliana, go bhfuil méadú mór le deich mbliana ar líon na ndaoine sa tuaisceart a bhfuil dearcadh dearfach acu i leith na Gaeilge.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta