Ainmniúcháin Ghradaim NÓS 2026 ar oscailt!
An Reithe ó Huartan ag Gradaim NÓS 2024 in The Black Box, Béal Feirste. Grianghraf le John Larry Tracey.
Bliain úr dár saol ar an domhan seo atá ann agus bliain eile de scoth an cheoil Gaeilge a choinníonn ag racáil muid atá romhainn. Sula dtosaíonn muid ag smaoineamh ar an chéad aintiún samhraidh eile ó Le Boom, áfach, caithfidh muid súil siar ar na 12 mhí atá imithe agus déanfaidh muid ceiliúradh ar éachtaí ceoil Bhliain na Nathrach ag Gradaim NÓS 2026.
Tá foirm beo ar shuíomh NÓS anois a thabharfaidh glór agus cumhacht don phobal na ceoltóirí, na halbaim, agus na hamhráin is fearr leo ó 2025 a ainmniú i 9 gcatagóir. Beidh gach amhrán agus togra a eisíodh idir 1 Eanáir 2025 agus 31 Nollaig 2025 bailí le bheith san iomaíocht do na Gradaim, a bhronnfar ag ócáid sa Black Box i mBéal Feirste an 16 Bealtaine 2026.
Glacfar leis na hainmniúcháin phoiblí go dtí 13 Feabhra 2026. Ina dhiaidh sin, déanfaidh painéal moltóireachta ar a bhfuil ionadaithe ó NÓS, RTÉ RnaG, BBC Gaeilge, Raidió Fáilte, Raidió na Life agus eagraíochtaí eile gearrliostaí a chur le chéile bunaithe ar na hainmniúcháin ón phobal. An painéal céanna a dhéanfaidh an cinneadh deireanach in achan chatagóir fosta.

I measc na mbuaiteoirí sna blianta imithe tharainn tá Súil Amháin agus Bantum a bhuaigh Albam na Bliana (Nuacheol) lena n-albam athPhORT anuraidh, agus An Chéad Ghlúin Eile a thug Albam na Bliana (Amhráin Thraidisiúnta) abhaile leo in 2025 le Cá’il an Bheirt?.
KNEECAP a tháinig sa chéad áit sa chatagóir nua Amhrán Dátheangach na Bliana in 2025 lena dtraic ‘Drug Dealin Pagans’, agus ba ar Huartan a bhronn Fionnuala Nic Aodha Bhuí an gradam Nuatheachtaí na Bliana — Gradaim Rónáin Mhic Aodha Bhuí in 2024.
Chomh maith leis na gradaim a bhronnfar ar amhránaithe agus bannaí ar an oíche, éireoidh an t-urlár damhsa ina ruaille buaille le plúr na gceoltóirí Gaeilge ag seinm agus ag canadh beo. Chuala muid tradtronica Huartan in 2024, chuala muid guth binn Aoife Welby in 2025… cé a bheidh linn i mbliana? Coinnigh súil amach!
Druidfear na hainmniúcháin phoiblí ar 13 Feabhra 2026. Fógrófar ticéid agus taibheoirí na hoíche ina dhiaidh sin. Bronnfar Gradaim NÓS 2026 ar 16 Bealtaine 2026 in The Black Box i mBéal Feirste. Bí linn agus Ceiliúraimis an Ceol!

The post Ainmniúcháin Ghradaim NÓS 2026 ar oscailt! appeared first on NÓS.