Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Agóid tithíochta beartaithe do cheannáras Roinn na Gaeltachta

| ,

Beidh an brúghrúpa Bánú ag agóid taobh amuigh de Roinn na Gaeltachta sna Forbacha inniu chun a míshástacht faoi chúrsaí tithíochta a léiriú.

Ag meán lae inniu, fágfaidh an grúpa litir d’Aire na Gaeltachta Dara Calleary ag ceannáras na roinne, litir ina gcuirtear i leith an aire gur theip air feabhas a chur ar an soláthar tithíochta do chainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht.

Deirtear sa litir gur theip ar Roinn na Gaeltachta dóthain maoinithe a chur ar fáil d’Údarás na Gaeltachta chun aghaidh a thabhairt ar an bhforbairt tithíochta sa Ghaeltacht. Luaitear chomh maith nár éirigh leis an aire na treoirlínte pleanála don Ghaeltacht a thabhairt isteach in ainneoin gur gheall sé go ndéanfaí a leithéid.

Maíonn Bánú chomh maith go bhfuil Bille Údarás na Gaeltachta 2024 “curtha ar an méar fhada ag an Aire agus dá bharr sin go bhfuil an baol ann nach mbeifear in ann na toghcháin a reáchtáil i mbliana, chun ionadaithe ó na pobail Ghaeltachta a roghnú ar Bhord an Údaráis, toghcháin atá geallta le os cionn cúig bliana anois”.

Deirtear sa litir nár éirigh le Roinn na Gaeltachta “aon cheo fiúntach a dhéanamh le réiteach a fháil ar an bhfadhb tithíochta sa nGaeltacht” ó ceapadh Calleary ina aire Gaeltachta bliain ó shin. Deir Bánú go bhfuil siad “ag súil le iarracht níos fearr an chéad bhliain eile”.

Dúirt Aire na Gaeltachta Dara Callaeary le Tuairisc an tseachtain seo caite go raibh go leor oibre ar siúl maidir leis an ngéarchéim thithíochta sa Ghaeltacht.

“Tá a lán obair ar siúl ach tuigim go mór an mhíshástacht atá ann, tuigim go mór é sin agus beidh mé dírithe arís ar obair ar chúrsaí tithíochta an bhliain seo.

“Tá muinín agam, tá a lán cruinnithe agam agus tuigim go bhfuil míshuaimhneas ann go mbíonn a lán cruinnithe agam agus nach bhfuil rudaí ag teacht amach [as na cruinnithe sin], ach tá muinín agam go mbeidh rudaí ag teacht amach sa bhliain seo agus geallaim duit go bhfuil muid ag coimeád brú mór ar gach duine air seo.”

Dúirt Calleary go raibh sé ag súil bille Údarás na Gaeltachta a chur trí Thithe an Oireachtais “chomh luath agus is féidir”.

Chuir Bánú fáilte roimh na moltaí faoi chúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht a rinneadh san athbhreithniú ar an gcóras pleanála teanga a foilsíodh an tseachtain seo caite.

Dúradh i ráiteas a chuir an grúpa feachtais amach go dtacaíonn siad “go speisialta” leis an moladh gur cheart deontais a chur ar fáil do dhaoine a bhfuil Gaeilge acu agus “scéimeanna tacaíochta” atá ann cheana féin a chur in oiriúint “chun tacaíocht airgeadais feabhsaithe a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge a thugann gealltanas cónaí sa Ghaeltacht agus an Ghaeilge a úsáid mar phríomhtheanga an teaghlaigh”.

Chuir Bánú díomá in iúl freisin, áfach, faoi fhreagra na Roinne Gaeltachta ar chuid de na moltaí faoi chúrsaí tithíochta a rinneadh san athbhreithniú. Dúirt an grúpa gur údar díomá dóibh é “nach bhfuil le rá ag an Roinn ach go bpléifear an cheist leis an Roinn Tithíochta”.

“Tuigtear dúinn go bhfuil an tuarascáil ag Roinn na Gaeltachta le dhá bhliain anois, agus ba cheart go mbeadh an moladh faoin tithíocht pléite agus socraithe cheana féin ag Aire na Gaeltachta leis an Roinn Tithíochta.

“Níor mhiste a mheabhrú go bhfuil an chumhacht cheana féin ag Roinn na Gaeltachta, faoin Acht Tithíochta Gaeltachta 2001, deontais tithíochta a íoc le cainteoirí Gaeilge a bheadh ag iarraidh tithe a thógáil nó a fheabhsú sa Ghaeltacht ach go ndiúltaíonn an tAire Gaeltachta a chumhacht a úsáid,” a dúradh i ráiteas Bánú.

Mhaígh siad nár léir dóibh go ndearna an tAire Calleary “aon aighneacht” ar son an mholta roimh Bhuiséad 2026, cé go ndúirt sé le hionadaithe Bánú i mí an Mheithimh 2025 go raibh sé féin “toilteanach” ach an maoiniú cuí a bheith ar fáil i mBuiséad na bliana seo.

“Tá Bánú den tuairim go bhfuil Roinn na Gaeltachta ag tarraingt na gcos faoi aon bheartas nua a chur i bhfeidhm a d’fhéadfadh fadhb an tsoláthair tithíochta do chainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht a réiteach,” a dúradh.

Dúirt Bánú gur “léir” ón tuarascáil a foilsíodh i ndiaidh an athbhreithnithe ar an gcóras pleanála teanga go dtuigeann na húdair fadhb na tithíochta sa Ghaeltacht .

“Is léir go dtuigeann Barr Feabhais gur gné fhíorthábhachtach í an tithíocht den phleanáil teanga sa Ghaeltacht agus gur gá go mbeadh dóthain soláthair tithíochta ar fáil do chainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht lena chinntiú go mbeidh an Ghaeilge á tabhairt ar aghaidh don chéad ghlúin eile mar theanga an chliabháin,” a dúradh sa ráiteas.

Moladh san athbhreithniú go mbunófaí deontas nua tithíochta do mhuintir na Gaeltachta agus go mbeadh ‘bónas teanga’ €100 ann do theaghlaigh Ghaeltachta.

“Fordheontas Tithíochta do Chónaitheoirí a bhfuil Gaeilge acu agus a úsáideann í” an moladh atá déanta ag údar na tuarascála neamhspleáiche chomh maith le moladh go gcuirfí maoiniú breise ar fáil trí scéimeanna tithíochta atá ann cheana féin amhail Scéim an Chéad Bhaile, Iasacht Tí an Údaráis Áitiúil, an Scéim Ceannaigh ag Tionóntaí agus an Scéim um Chabhair le Ceannach.

“Chuirfeadh an cur chuige spriocdhírithe sin athbheochan na Gaeilge mar theanga phobail chun cinn sna LPTanna [Limistéir Pleanála Teanga],” a deir údar na tuarascála, Micheál Ó Duibh ón gcomhlacht Barr Feabhais.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta