Tá formhór mór den phobal den tuairim gur cheart go mbeadh Gaeilge labhartha mhaith ag daltaí agus iad ag fágáil na scoile.
De réir suirbhé nua de chuid Chonradh na Gaeilge, deir 77% den phobal ó dheas, triúr as gach ceathrar, gur cheart go mbeadh sé de sprioc ag an gcóras oideachais cainteoirí cumasacha Gaeilge a dhéanamh de gach dalta scoile.
In 2019, mheas 65% den phobal go raibh gá le hathchóiriú a dhéanamh ar an gcóras oideachais chun a chinntiú go mbeadh leibhéal cumasach Gaeilge labhartha ag gach dalta.
Nuair a chuirtear na torthaí ‘Ní fios/Gan tuairim’ as an áireamh, 87% díobh siúd a ghlac páirt i suirbhé 2025 a dúirt gur cheart go mbeadh cainteoirí cumasacha Gaeilge á bhforbairt.
An comhlacht Ireland Thinks a rinne an suirbhé do Chonradh na Gaeilge.
Deir Kate Ní Dhúbhlaoich ón gConradh gur chóir go mbeadh sé ina aidhm “bhunúsach” ag an chóras oideachais go mbeadh Gaeilge labhartha mhaith ag daltaí agus iad ag fágáil na scoile ach nach mar sin atá faoi láthair.
“Is rómhinic a fhágann daltaí an scoil gan an mhuinín ná an cumas acu an teanga a úsáid, agus is teip struchtúir é sin, ní easpa tola i measc daoine óga.”
Deir Ní Dhúbhlaoich gur chóir an Fráma Tagartha Comónta Eorpach a chur i bhfeidhm sa gcóras oideachais chun tacú le daltaí agus múinteoirí cumas teanga i réimsí áirithe a thomhas agus a fhorbairt.
“Is faoin Rialtas atá sé anois an córas a athdhearadh ionas gur féidir le gach duine óg teacht amach as an scoil leis an muinín agus an cumas ár dteanga náisiúnta a úsáid ina saol laethúil,” ar sí.
Deir Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, go bhfuil “teachtaireacht chumhachtach” i dtorthaí an tsuirbhé chomh maith agus 73% den phobal ó dheas den tuairim gur chóir go mbeadh sé de cheart ag gach páiste oideachas trí mheán na Gaeilge a fháil ag gach leibhéal den chóras oideachais, ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal.
Ardú é an 73% sin ar an 63% den phobal a dúirt an rud céanna in 2022 ach níl sé chomh hard leis an 78% a bhí i gceist in 2018.
“Creideann triúr as gach ceathrar ó dheas gur chóir go mbeadh sé de cheart ag gach páiste oideachas trí mheán na Gaeilge a fháil ag gach leibhéal den chóras oideachais. Is teachtaireacht chumhachtach í seo – ba mhaith le teaghlaigh rochtain ar oideachas trí mheán na Gaeilge, agus níor cheart go mbeadh sé deacair ná dúshlánach dóibh é a fháil ina gceantair féin,” a deir de Spáinn.
“Tá fíor-éileamh ann agus tá an t-éileamh sin ag fás, agus ní mór don Rialtas aird a thabhairt air. Breis agus 100 bliain ó bunaíodh an stát ó dheas, níor cheart go mbeadh aon duine óg fágtha gan spás i nGaelscoil.”
Deir de Spáinn gur gá an chaoi a múintear an Ghaeilge ar fud an chórais a athrú ar bhonn práinne agus go gcinnteofaí go bhfuil an deis ag gach páiste an teanga a fhoghlaim.
1,648 duine a bhí 18 mbliana agus os a chionn a cuireadh faoi agallamh ó dheas don suirbhé agus rinneadh na hagallaimh mí Iúil. Is é +/- 2.5% an corrlach earráide don phobalbhreith.