Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

‘The SS Al Rawdah’: Long phríosúin a bhí dearmadta i mbéal an phobail arís

|

Niamh Ní Ruadhagáin

Eagraíodh caint ar na mallaibh in Áras Uí Chonghaile, Béal Feirste, leis an údar, staraí, agus iar-Ardmhéara na cathrach, Tom Hartley, faoin leabhar úr atá scríofa aige, ‘The SS Al Rawdah’.

Ba long í an Al Rawdah a tógadh in 1911 mar chreatlach ach idir 1938 agus 1945 baineadh úsáid aisti mar bhunáit mhíleata agus long phríosúin inar cuireadh poblachtaigh agus imtheorannaithe na Sé Chontae. 

Rinne Tom Hartley taighde ar leith don leabhar agus i láthair ar oíche na cainte, 85 bliain ar aghaidh, bhí baill teaghlaigh de chuid den 207 duine a chaith seal ar an long phríosúin.

Sa chaint agus sa leabhar, tugadh léargas ar chúrsaí polaitíochta an ama sin agus ar chinntí polasaí an rialtais a réitigh an bealach don tréimhse is faide d’imtheorannú sna Sé Chontae, agus scéalta agus saol na n-imtheorannaithe; cárb as iad, a dtréimhse ar an long phríosúin agus i bpríosúin eile, agus cén saol a bhí acu ina dhiaidh.

Tá an leabhar le fáil ar líne agus in An Ceathrú Póilí, Béal Feirste.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta