‘Tearmann Eriú’ oscailte go hoifigiúil
Leis an tearmann a sheoladh, bhí ‘Slí na Sí’ ar siúl le Gráinne Holland agus Tuatha Dé Danann, agus cuireadh amhráin nua le Gráinne i láthair a chum sí don ócáid. Dúirt Gráinne gur dóigh iontach í miotaseolaíocht na hÉireann le grá don dúlra a chothú i ndaoine óga.
Labhair Meon Eile le Nuala Ní Scolláin ó Ghlór na Móna a d’inis dúinn faoin obair chrua a chuir achan duine isteach – idir dhaoine óga ó Shólás na nÓg, an pobal áitiúil agus roinnt iarchéimithe ó Scoil Ghnó Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste, a thug maoiniú don togra comh maith.
Is é Seán Mac Bradaigh ó Ghairdín an Phobail a bhí ag stiúradh na hoibre agus labhair sé faoin difear suntasach atá le feiceáil san áit, ó láithreán tréigthe go dtí tearmann galánta sábháilte don phobal uilig. Mhol sé fosta an tacaíocht fhorleathan a fuair siad ó dhaoine aonair agus ó ghnónna áitiúla.
Siar i mí Mheán Fómhair na bliana seo, thug Meon Eile cuairt ar ar tearmann ag tús na tógála. Thig leat an píosa sin agus an fhorbairt atá déanta a fheiceáil anseo!