Tá TG4 ag súil le háit Raidió na Gaeltachta a thógáil mar ‘an chéad rogha’ ag pobal na Gaeilge ó thaobh na nuachta.
Thug Ard-Stiúrthóir TG4, Deirdre Ní Choistín, le fios d’fhoireann Nuacht TG4 go mbeadh seirbhís nuachta nua ar líne á bhunú ag an stáisiún roimh dheireadh na bliana seo chugainn.
Dúirt sí go rabhthas ag súil go mbeadh TG4 mar “an chéad phointe nuachta ag pobal na Gaeilge” feasta.
Deichniúr iriseoirí a bheidh ag obair don tseirbhís nua, ochtar iriseoirí agus beirt eagarthóirí, agus an aidhm a bheidh aici ná a bheith ina “léargas ar shaol na nGael”. Beidh an tseirbhís ag soláthar nuachta seacht lá na seachtaine, a dúirt sí. Ábhar de chineálacha éagsúla a bheidh ag an tseirbhís agus ní “leagan eile de Mholscéal [ardán gearrfhíseán TG4] ar líne”.
Chuir an tArd-Stiúrthóir bunú na seirbhíse nua i láthair mar an chéad chéim de phlean TG4 neamhspleáchas a bhaint amach ó RTÉ ó thaobh na nuachta de.
Dúirt Deirdre Ní Choistín go mbeadh béim ag an tseirbhís, a mbeidh buiséad níos mó ná €2 milliún aici, ar scéalta nuachta atá “éagsúil” ó sholáthar RTÉ a chur ar fáil. Bheadh béim ag an tseirbhís nua ar scéalta úra “a bhriseadh”. Dúirt sí gurb í ‘Spórt TG4’ an branda is láidre a bhí ag an stáisiún seachas ‘TG4’ féin agus go rabhthas ag iarraidh go mbeadh branda ‘Nuacht TG4’ sa dara háit.
‘Colscaradh’ nuachta idir TG4 agus RTÉ curtha ar an méar fhada
Dúirt sí go raibh lucht bainistíochta an stáisiúin teilifíse ag iarraidh go mbeadh TG4 seachas Raidió na Gaeltachta mar “an chéad phointe nuachta ag pobal na Gaeilge”. Dúirt an t-ardstiúrthóir go raibh seirbhís dhigiteach nuachta ag “chuile dhream eile” seachas TG4.
Thagair sí do thaighde a rinneadh don stáisiún in 2021 faoi dhearcadh phobal na Gaeilge i leith na seirbhísí nuachta a bhíonn ar fáil dóibh. Léirigh an suirbhé sin go raibh níos mó ábhar ar líne ag teastáil ó phobal na Gaeilge. Léirigh an suirbhé chomh maith gurb é Tuairisc an t-ardán nuachta Gaeilge ar líne is mó tóir ag pobal na teanga agus gurb é an mórshuíomh Béarla RTÉ.ie agus Tuairisc an dá fhoinse nuachta ar líne is mó a bhíonn ag pobal na Gaeilge.
Dúirt Deirdre Ní Choistín ag an gcruinniú, a bhí ar siúl i gceannáras TG4 mBaile na hAbhann le déanaí, go mbeadh smacht eagarthóireachta ag an stáisiún féin ar an tseirbhís nuachta nua ar líne, ach go mbeifí ag súil le comhoibriú RTÉ agus le hábhar a fháil ón seomra nuachta teilifíse.
Tuairisc.ie an t-ardán nuachta ar líne is mó tóir i measc phobal na Gaeilge – suirbhé
Faoi láthair, RTÉ a chuireann nuacht ar fáil do TG4 mar chuid den dualgas reachtúil atá ar RTÉ 365 uair an chloig de chláir a chur ar fáil don stáisiún gach bliain. In 2022, ghlac an rialtas le moladh ó Choimisiún na Meán go mbeadh soláthar nuachta TG4 neamhspleách ó RTÉ, ach is beag dul chun cinn atá déanta ó shin.
Caithfear plean faoi conas fís TG4 a chur i bhfeidhm ar Nuacht TG4 a aontú le RTÉ go fóill agus tuigtear go bhfuil roinnt mhaith easaontais idir an dá thaobh i gcónaí faoi ghnéithe éagsúla den scéal.
Dúirt an tArd-Stiúrthóir go rabhthas ag plé faoi láthair cur chuige ar chuma an tsocraithe atá ag an BBC le S4C na Breataine Bige. Faoin múnla sin, an BBC atá freagrach as na cláir nuachta teilifíse a chraoltar ar S4C agus an stáisiún Breatnaise féin atá i bhfeighil a seirbhíse nuachta ar líne.