Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Stádas oifigiúil ag Gaeilge na hAlban den chéad uair agus Achd nan Cànan Albannach i bhfeidhm

|

Tá stádas oifigiúil ag Gàidhlig na hAlban den chéad uair.

Tá an stádas oifigiúil a bronnadh ar an nGàidhlig in Albain níos luaithe i mbliana anois i bhfeidhm go hoifigiúil. Inné a tugadh feidhm don fhoráil in Achd nan Cànan Albannach (Acht na dTeangacha Albanacha) a thugann an stádas nua don teanga.

Tugadh an bille teanga isteach an chéad uair ar Lá Fhéile Aindrias 2023, an 30 Samhain. Pléadh an reachtaíocht ar feadh bliain go leith agus glacadh léi i bParlaimint na hAlban i mí an Mheithimh. Fuair an tAcht beannacht Rí Shasana i mí Lúnasa agus tháinig an reachtaíocht i bhfeidhm inné.

Dúirt Leas-Chéad-Aire agus Aire Gàidhlig na hAlban, Kate Forbes, gur “cloch mhíle stairiúil” atá sa reachtaíocht nua agus gur mhaith a d’fheil Lá Fhéile Aindrias, éarlamh na hAlban, le haitheantas oifigiúil a thabhairt don Ghàidhlig agus don Bhéarla Gallda in Albain.

“Is maith a fheileann Lá Fhéile Aindrias le féiniúlacht na hAlban a cheiliúradh tríd an nGàidhlig agus an Béarla Gallda a aithint mar theangacha oifigiúla. Is cloch mhíle stairiúil í seo trína dtugtar aitheantas don áit ríthábhachtach atá ag na teangacha seo i gcultúr agus in oidhreacht na hAlban,” a dúirt Forbes, ar cainteoir Gàidhlig í féin.

Aithneofar faoi na forálacha san acht nua teangacha ceantair oifigiúla ‘Gaeltachta’ na hAlban den chéad uair.

Tá bunú “ceantar atá tábhachtach ó thaobh na teanga de” ar cheann de spriocanna na reachtaíochta, foráil a chabhróidh le polaiteoirí na hAlban “polasaithe a thacóidh le fás na teanga” a chur i bhfeidhm ar bhealach níos éifeachtaí.

Is éard is “ceantar atá tábhachtach ó thaobh na teanga de” ann de réir an dlí nua ná “ceantar a bhfuil líon suntasach daoine ann a bhfuil scileanna Gàidhlig acu” (20% den daonra); ceantar nach bhfuil go leor cainteoirí Gàidhlig ann ach a bhfuil “ceangal stairiúil” aige leis an teanga; ceantar a bhfuil an t-oideachas trí Ghàidhlig ar fáil ann; nó ceantar ina mbíonn “imeacht suntasach a bhaineann leis an nGàidhlig nó leis an gcultúr Gaelach” ar siúl.

Caithfidh na húdaráis áitiúla in Albain cinneadh a dhéanamh laistigh de bhliain cé acu an bhfuil nó nach bhfuil aon cheantar atá faoina gcúram, nó cuid de, ina “cheantar suntasach ó thaobh na teanga de”. Beifear in ann an cinneadh sin a athbhreithniú gach cúig bliana ina dhiaidh sin.

Tá sé mar aidhm ag an reachtaíocht nua freisin go mbeidh caighdeáin oideachais ann don Ghàidhlig agus go mbeidh tuismitheoirí i ngach cearn den tír in ann cur isteach ar áiteanna i naíonra lán-Ghàidhlig agus scoileanna luathoideachais lán-Ghàidhlig dá gclann.

Caithfidh airí rialtais na hAlban tacaíocht a thabhairt do scoileanna lán-Ghàidhlig agus iad “a áisiú agus a chur chun cinn”. Beidh orthu aon eolas, treoir, ná cáipéisí Béarla atá le húsáid ag múinteoirí nó daltaí i scoileanna a mheas agus cinneadh a dhéanamh cé acu ar chóir nó nár chóir iad a chur ar fáil i nGàidhlig freisin.

Tá forálacha ann freisin le tuilleadh cáilíochtaí a chur ar fáil i nGàidhlig agus spriocanna luaite ó thaobh líon na gcainteoirí agus na bhfoghlaimeoirí Gaeilge in Albain.

Cuirtear iachall ar airí rialtas na hAlban gníomhú le tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt Sabhal Mòr Ostaig san Eilean Sgitheanach agus athbhreithniú a dhéanamh ar an maoiniú a thugtar don institiúid oideachais,.

Cháin an sochtheangeolaí Conchúr Ó Giollagáin an bille teanga go géar nuair a achtaíodh é i mí Lúnasa. Dúirt sé nach bhfuil rud ar bith nua sa reachtaíocht agus gur beag tionchar a bheidh aici dá bharr sin.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta