Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Saineolaithe fóiréinseacha le tabhairt os comhair cúirte i gcás fir a ciontaíodh as éigniú agus dúnmharú i gConamara

| ,

Cuireadh ar athlá sa chúirt i mBaile Átha Cliath inniu cás John McDonagh, as an gCaorán Beag ar an gCeathrú Rua, atá ag iarraidh go ndéanfaí atástáil ar fhianaise fhóiréinseach a bhain lena chiontú as éigniú agus dúnmharú cailín óg 24 bliain ó shin.

Cuireadh ar athlá an cás go dtí mí Feabhra chun go bhféadfaí triúr saineolaithe fóiréinseacha a ghairm os comhair na cúirte chun fianaise a thabhairt.

Ciontaíodh in 2001 John McDonagh as éigniú agus dúnmharú an dalta scoile Siobhán Ní Eidhin ar an gCeathrú Rua ar an 6 Nollaig 1998.

Gearradh príosún saoil ar McDonagh, a phléadáil neamhchiontach.

Tá McDonagh, atá 52 bliain d’aois, ag iarraidh go ndéanfaí atástáil ar fhianaise fhóiréinseach a bhain leis an gcás agus é ag maíomh gur iomrall ceartais a bhí ina chiontú.

Sa Chúirt Achomhairc inniu, ghlac abhcóide McDonagh, Michael O’Higgins, leis gur tástáladh na snáithíní go léir a bhain leis an gcás agus nár bhain na tástálacha le ceist an DNA.

Dúirt sé, áfach, go raibh an t-eolaí fóiréinseach Tiernan Coyle, fear a dúirt sé a bhfuil cáil idirnáisiúnta air, den tuairim nach raibh sa chomhad a bhain leis an gcás ach “pictiúr neamhiomlán”.

Dúirt Higgins go raibh an t-eolaí den tuairim go raibh gá le tuilleadh tástálacha agus go raibh an mhicreascópacht a bhí ann ag an am “teoranta” i gcomparáid leis an lá inniu. Ba chóir, dar leis an eolaí, dul i mbun tástála arís le trealamh nua-aimseartha.

Dúirt Higgins gur thóg an saineolaí ceann de go raibh roinnt beag snáithíní ann nach ndearnadh aon tástáil orthu ó tharla iad a bheith róbheag. Ní cheadófaí gan na snáithíní sin a tástáil inniu leis an trealamh nua atá ann, a maíodh.

Dar leis an abhcóide go raibh an saineolaí Tiernan Coyle den tuairim gur tharla cuid mhaith truaillithe do shamplaí sular tugadh go dtí an tsaotharlann iad.

Mhaígh O’Higgins gur láimhseáil ball den Gharda Síochána éadaí Siobhán Ní Eidhin roinnt uaireanta a chloig sular ndeachaigh sé chuig carr McDonagh chun admhálacha a fháil as. Deir an t-eolaí chomh maith go bhféadadh gur truaillíodh sampla eile nuair a glacadh grianghraf de i stáisiún na nGardaí ar an gCeathrú Rua.

Dúirt abhcóide McDonagh go raibh  amhras chomh maith ar an saineolaí go mb’fhéidir gur truaillíodh blaincéad ar baineadh úsáid as ag an láthair.

Bhí amhras ar an eolaí leis i dtaobh na málaí bruscair a úsáideadh chun pacáistiú a dhéanamh ar shuíocháin an chairr agus faoi líon na snáithíní a scrúdaíodh. Dúirt an t-abhcóide gur chóir don chúirt a chur san áireamh freisin an tslí ar coimeádadh taifead de na tástálacha ag an am.

D’fhéadfadh trí thoradh éagsúla a bheith ar atástáil na snáithíní, a dúirt O’Higgins. D’fhéadfadh an toradh céanna a bheith ar an atástáil is a bhí ann cheana, d’fhéadfadh toradh a bheith ann a láidreodh cás an ionchúisimh nó d’fhéadfadh toradh a bheith ann a lagódh cás an ionchúisimh.

“Níl sé [an t-eolaí] ag dul sa seans agus ag maíomh nach bhféadfadh aon toradh eile a bheith air seo seachas an cás ar son an chosantóra a dhéanamh níos láidre. Tuigeann sé go bhféadfadh trí rud tarlú agus déanann sé cur síos mion go maith ar na trí rud sin,” arsa Michael O’Higgins, abhcóide John McDonagh.

Dúirt sé chomh maith go raibh an t-eolaí fóiréinseach den tuairim go raibh an teicneolaíocht a úsáidtear chun snáithíní éadaigh a thástáil i bhfad níos fearr anois ná mar a bhí i 1998.

Ba chosúil é, a mhaígh O’Higgins, le bheith ag féachaint ar chlár ar sheanteilifíseán dubh agus bán agus teilifíseán nua.

Dhéanfadh an dá scáileán an rud céanna ach d’fheicfeá ar theilifís nua mionrudaí nach bhfeicfeá ar theilifíseán “gráinneach dubh agus bán”.

Thug O’Higgins le fios gurb é conclúid thuairisc an eolaí go raibh béim sa fhiosrúchán ar anailís a dhéanamh ar shnáithíní a bhain le McDonagh agus a charr agus nár tugadh airde ar shnáithíní a bhain le Siobhán Ní Eidhin.

Dúirt Higgins gur iarratas neamhghnách a bhí sa chás agus go rabhthas ag plé le “talamh úr”.

Dúirt sé gur cheart dearmad a dhéanamh de go rabhthas “anseo mar gheall ar ordú de chuid na hArd-Chúirte” agus go gcaithfí cinneadh a dhéanamh faoin scéal ar mhaithe le gach páirtí.

Dúirt abhcóide McDonagh, Michael O’Higgins, sa Chúirt Achomhairc inné “nár tástáladh” cuid de na samplaí fóiréinseacha ar chor ar bith agus gur chóir iad a thástáil anois.

“Cén fáth a bhfuilimid sa chás seo nach féidir linn na samplaí a atástáil? Mar níl smacht ag ár gcliant ar sheilbh na samplaí seo, is ag an tsaotharlann eolaíochta fóiréinsí atá [an smacht],” a dúirt O’Higgins.

Mhaígh sé go raibh modhanna nua tástála ann anois le hais mar a bhí nuair a bhí an triail ar siúl in 2001. Mhaígh sé nach raibh aon saineolaí DNA bainteach leis an triail an chéad lá.

Dúirt O’Higgins gur easaontaigh an Dr Clare Jarman, saineolaí de chuid na cosanta leis an Dr Dorothy Ramsbottom, saineolaí a bhí ina finné ag an stát, faoi chuid de thorthaí na dtástálacha. Dúirt sé gur chóir go mbeadh na samplaí a tógadh ó ingne an déagóra fós ar fáil, agus nach ndearnadh aon tástáil ar shamplaí a tógadh óna faighin.

Dúirt an Breitheamh Patrick McCarthy go bhféadfadh sé go mbeadh ar an gcúirt dul i ngleic leis an easaontas idir na saineolaithe a thug fianaise don chúirt agus go bhfágfadh sé sin go gcaithfeadh an bheirt fianaise ó bhéal a thabhairt sa chúirt.

Bhí McDonagh 27 nuair a fuarthas ciontach é as éigniú agus dúnmharú Shiobhán Ní Eidhin, a bhí 17 mbliana an tseachtain roimhe sin. Frítheadh corp Shiobhán Ní Eidhin ar Thrá na Tismeáine, gar d’áit chónaithe McDonagh.

Rinne McDonagh iarracht fianaise nua a chur i láthair na cúirte in 2007 ach diúltaíodh don iarratas sin. Lorg sé athbhreithniú breithiúnach san Ard-Chúirt in 2014 chun cead a thabhairt do shaineolaithe fianaise dhlí-eolaíoch a bailíodh mar chuid den fhiosrúchán a scrúdú.

Diúltaíodh in 2014 dá iarratas na samplaí d’éadach, snáithíní agus ingne a thabhairt d’eolaithe le tástálacha a dhéanamh orthu.

Chuaigh Siobhán Ní Eidhin ar iarraidh ó shráidbhaile na Ceathrún Rua ag thart ar 12:50 ar an 6 Nollaig 1998. D’fhág sí carr a raibh cairde léi ann taobh amuigh do theach ósta ar an mbaile ag an am sin agus rinne iarracht dul isteach ann leis an leithreas a úsáid. Níor éirigh léi dul isteach ann agus dúirt sí lena cairde go dtriailfeadh sí leithreas bialainne i ngar di. Níor tháinig sí ar ais chuig an gcarr.

D’éignigh agus thacht John McDonagh í agus d’fhág amhail marbh í ar Thrá na Tismeáine. Chuaigh sé ar ais chuig an mbaile beag, áit a ndeachaigh sé ag troid le duine eile.

Fuarthas go leor snáithíní ó sheaicéad gorm agus geansaí dearg Ní Eidhin ar an ngeansaí a chaith McDonagh an oíche sin agus fuarthas snáithíní eile óna stocaí dubha ar bhrollach agus ar dhroim a gheansaí. Fuarthas snáithíní ón ngeansaí dearg agus ón seaicéad gorm i gcarr McDonagh freisin, agus bhí snáithíní ó shuíochán a chairr ar éadaí Ní Eidhin.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta