Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Rialtas Manitoba i gCeanada ag iarraidh stádas dátheangach don chúige

|

Tá rialtas chúige Manitoba i gCeanada ag iarraidh stádas dátheangach a fháil don chúige. Níl ach cúige amháin i gCeanada faoi láthair a bhfuil stádas oifigiúil ar comhchéim ag an mBéarla agus an Fhraincis ann – sin é New Brunswick.

Tá an dátheangachas oifigiúil i réim go pointe áirithe ar fud Cheanada, de réir an dlí fheidearálaigh, ach is faoi na cúigí éagsúla a ndlíthe teanga féin a chur i bhfeidhm. Is í an Fhraincis atá in uachtar sa dlí i gcúige Québec agus tá an Béarla chun tosaigh sna cúigí eile seachas New Brunswick.

Tá rialtas an chúige in Kinew, Manitoba, i mbun iarrachta faoi láthair an Fhraincis a chur ar comhchéim leis an mBéarla sa chúige sin. Bhí próiseas comhairliúcháin ar siúl sa chúige ó mí an Mheithimh i mbliana go dtí Oíche Shamhna.

D’iarr rialtas Manitoba ar mhuintir an chúige a dtuairimí agus a smaointe a thabhairt faoin gcaoi ab fhearr le “cúige fíor-dhátheangach” a dhéanamh den áit. Dúirt an rialtas ag an am go raibh siad “tiomanta” aitheantas a thabhairt don ról a bhí ag an bpobal Fraincise i mbunú Manitoba agus go raibh tús á chur leis an bpróiseas le cúige dátheangach a dhéanamh de.

Dúirt an tAire Fraincise, Glen Simard, go raibh a rialtas ag iarraidh “aisling Louis Riel” a fhíorú. Frainciseoir a bhí i Riel a bhunaigh Manitoba agus atá ina laoch ag lucht labhartha na Fraincise i gCeanada mar gheall gur chuir sé i gcoinne fhorlámhas an Bhéarla ann. Chuir sé in aghaidh choincheap an náisiúin Cheanadaigh freisin.

Dúirt Simard go bhfuil sé ag iarraidh a chinntiú go mbeidh Frainciseoirí Manitoba in ann a saol príobháideach agus a saol gairmiúil a chaitheamh i bhFraincis in Manitoba.

Dúirt Derrek Bentley, uachtarán na heagraíochta Fraincise Société de la francophonie manitobaine, gur “céim chun cinn” a bhí sa phróiseas comhairliúcháin a reáchtáladh i mbliana agus gur léirigh muintir Manitoba cheana gur mian leo “go soiléir” go mbeadh an cúige dátheangach.

I mí Dheireadh Fómhair na bliana seo, chuir Rialtas Cheanada breis agus $72m (€44m) ar fáil do Manitoba leis an bhFraincis a mhúineadh mar mhionteanga agus mar theanga bhreise i gcóras oideachais an chúige, ón naíonra go dtí an mheánscoil.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta