Tá cás Scoil Gharbháin, bunscoil lán-Ghaeilge i bPort Láirge, ardaithe sa Dáil ag an Teachta Dála Gaeltachta Conor D McGuinness.
Deir an Teachta Dála de chuid Shinn Féin go bhfuil an scoil ag diúltú scoláirí mar gheall ar “easpa spáis” agus nach féidir le scoláirí an halla spóirt a úsáid faoi láthair mar go bhfuil seomraí ranga curtha ann ionas gur féidir freastal ar pháistí agus ranganna a chur ar siúl.
Tá Scoil Gharbháin ag cuartú seomraí ranga breise le roinnt blianta anuas ach níl mórán dul chun tosaigh déanta go fóill.
Deir McGuinness go bhfuair Scoil Gharbháin freagra ón Roinn Oideachais i mí Eanáir na bliana seo, ag rá go mbeadh innealtóirí ón Roinn i dteagmháil leo go luath “chun pleananna a chur i gcrích” ach nár tharla a leithéid ó shin.
Mar fhreagra ar cheist Dála faoi chás na scoile, dúirt an tAire Oideachas, Hildegarde Naughton, go raibh an “suíomh srianta” agus go raibh talamh breise de dhíth chun seomraí úra a thógáil nuair a chuir an scoil iarratas isteach ar dtús in 2018.
Dúirt sí gur chuir an scoil iarratas isteach chun talamh breise a cheannacht in 2021 agus go bhfuarthas láithreán 2.765 acra in aice leis an scoil ag deireadh mhí na Bealtaine seo caite.
Agus é ag labhairt le Tuairisc, dúirt McGuinness gur “raiméis” agus “leithscéal é” ón Roinn Oideachais a rá go bhfuil moill ar na seomraí ranga breise don scoil mar nach raibh talamh ag an Roinn go dtí mí Bealtaine na bliana seo.
Dúirt sé gur cheannaigh Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge an talamh nuair a bhí seisean ina chomhairleoir “cúpla bliain ó shin” agus gur chosúil “gur ghlac an Roinn seilbh ar an phíosa talún sin i mbliana ón Chomhairle”.
“Tá sé seo ar dheascanna sa Roinn le blianta anuas agus tá an-chuid oibre déanta ag an scoil agus ag an Chomhairle chomh maith,” a dúirt sé.
Dúirt sé go bhfuil sé féin agus ionadaithe poiblí eile tar éis “a gcuid a dhéanamh” chun é seo a bhrú chun tosaigh ach nach bhfuil “aon deifir ar an Roinn agus nach bhfuil suim dá laghad acu é seo a chur i gcrích”.
Thug sé le fios go bhfuil éileamh an-mhór ar an scoil sa cheantar agus go léiríonn rath na scoile an t-éileamh mór atá “ar an nGaeloideachas, ar an saol trí Ghaolainn agus na buntáistí a thagann le hoideachas trí mheán na Gaolainne”.