Tá maoiniú ar fiú breis is leathmhilliún euro é fógartha ag Aire na Gaeltachta chun tacú le trí cinn de thograí spóirt i nGaeltacht Dhún na nGall.
Is fiú €508,872 uile na deontais a cheadaigh an tAire Dara Calleary chun áiseanna nua a thógáil agus chun athchóiriú a dhéanamh ar áiseanna atá ann.
Is do Chumann Gailf Chloich Cheann Fhaola ar an bhFál Carrach a ceadaíodh an deontas is mó agus suas le €327,561 le bronnadh chun clubtheach nua a thógáil. Beidh oifig, seomraí feistis, seomraí stórála, taisceadáin, spás sóisialta, cistin, beár agus leithris sa chlubtheach nua.
Tá deontas ar fiú suas le €116,894 é ceadaithe do CLG Chill Charthaigh chun seomraí feistis nua a thógáil don pháirc traenála atá acu. Beidh Comórtas Peile na Gaeltachta ar siúl i gCill Charthaigh in 2026 agus áiseanna breise ag teastáil chun freastal ar an líon mór foirne a bheidh ag triall ar an Tamhnaigh don deireadh seachtaine sin.
Is do Club Sacair Ruagairí an Chéididh in Ailt an Chorráin a ceadaíodh an tríú deontas de €64,417 chun seomraí feistis agus seomra réiteora a athchóiriú.
Agus an maoiniú fógartha aige, dúirt an tAire Calleary go raibh “nasc tábhachtach” idir an spórt agus an Ghaeilge sa nGaeltacht agus go bhfuil “ról lárnach ag cumainn spóirt sa phróiseas pleanála teanga”.
“Is samplaí maithe iad na tograí seo den chineál cúnaimh caipitil atá ar fáil faoin Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga do ghrúpaí agus d’eagraíochtaí Gaeltachta agus tá mé cinnte go mbeidh muintir na háite, idir óg is aosta ábalta leas a bhaint as na háiseanna éagsúla a bheas ann mar thoradh an mhaoinithe seo.”