Sceith bhéil ab ea an samhradh seo caite as eachtraí ciníochais i dTuaisceart Éireann. Tharla an ráig ba mheasa díobh i ndiaidh na gcíréibeacha a bhris amach ar an mBaile Meánach agus a scaip go Latharna, Béal Feirste agus Port an Dúnáin.
Ba é gabháil agus cúiseamh beirt ghasúr de bhunadh na Rómáine de bharr líomhaintí gur deineadh iarracht éignithe ar chailín 14 bliana ar an mBaile Meánach an leithscéal a d’úsáid slua chun inimircigh a ionsaí agus a dtithe a loisceadh.
Ruaigeadh os cionn scór teaghlach as baile, ionsaíodh tithe a raibh mná agus páistí gaibhnithe iontu, d’fhág cuid de na hinimircigh an Tuaisceart agus ní fios céard a bhain do roinnt daltaí nár fhill ar an mbunscoil in Harryville ar an mBaile Meánach.
Gortaíodh os cionn céad comhalta den PSNI sa réabadh. Gabhadh os cionn céad den lucht círéibe agus cúisíodh a bhformhór. Cé gur maíodh gur ‘chun mná agus cailíní a choinneáil slán’ a chuaigh an lucht círéibe ar an ionsaí tháinig sé chun solais tamall ó shin gur daoine ar cuireadh foréigean baile ina leith ab ea roinnt mhaith a bhí páirteach sa réabadh.
Dá mbeadh gá le cás a chruthódh cé chomh fuafar gan bhunús is atá fuath ciníoch is é an cás seo é. Ar an 28 Samhain, i gCúirt na nÓg i mBéal Feirste fuair an tSeirbhís Ionchúiseamh Poiblí cead na cúisimh in aghaidh na mbuachaillí a aistarraingt. Dúradh in éisteachtaí roimhe sin gur tarraingíodh an cailín síos cúl-lána chuig garáiste ar an 7 Meitheamh ach gur éirigh léi éalú. Dá bharr sin cuireadh iarracht chun í a éigniú i leith na beirte a bhí 14 agus 15 bliain d’aois. Dúradh go rabhthas sa tóir ar amhrastach eile a theith chun na Rómáine.
Ba gheall le crith talún é fógra na Seirbhíse Ionchúiseamh Poiblí go raibh na cúiseanna ar neamhní. Níor dúradh cén fáth ach go raibh ‘casadh suntasach nua ó thaobh fianaise’ tagtha chun solais. Bhí beagnach sé mhí caite ar a gcoinneáil ag na buachaillí. Níor léir cathain a tháinig an cor nua chun solais ach ní foláir gur le fíordhéanaí é mar diúltaíodh iarratais ar bhannaí cúpla babhta. Tá go leor ceisteanna le freagairt ag an tSeirbhís Ionchúiseamh Poiblí, ach níl soiléiriú faighte go fóill.
Tá an dochar a rinne eachtraí an Mheithimh as cuimse. Gortaíodh na scórtha, idir shibhialtaigh agus phóilíní, tá oibrithe a bhí seanbhunaithe ruaigthe, damáiste déanta do pháistí, costas mór ag baint leis an scrios agus obair athchóirithe fós le críochnú. Ach níorbh iad sin na torthaí ba mheasa. Baineadh mí-úsáid as an íobartach agus na hamhrastaigh araon beag beann ar leas aon duine acu chun fuath don dream atá difriúil a shásamh.
Cén gar a rinne na círéibeacha don chailín scoile ar bhain na líomhaintí léi? Girseach a raibh a hainm ar a ngob ag go leor den lucht ionsaithe in ainneoin a cearta a bheith anaithnid. Agus céard faoin mbeirt bhuachaillí as an Rómáin? Scaoileadh saor ó ionad coinneála na n-óg iad gan fios céard atá i ndán dóibh ach laochra na meán sóisialta a bheith ag scaipeadh teoiricí comhcheilge.
Shílfeadh aon duine réasúnach go ndéanfadh lucht an chiníochais a machnamh i ndiaidh chealú na gcúiseamh. Ní léir go bhfuil aon luí le réasún ag an bhfuath, áfach. Lean eachtraí imeaglaithe sa tseachtain dar gcionn, iarracht in eastát an Fountain i nDoire agus in oirdheisceart Bhéal Feirste chun daoine a fuair tearmann a ruaigeadh as eastáit.
Léirigh staidreamh a foilsíodh le déanaí go raibh méadú mór ar choireanna fuatha sa mbliain go deireadh mhí Dheireadh Fómhair. Bhí an hómafóibeachas agus an fuath do dhaoine trasinscneacha ina measc sin ach ba iad eachtraí ciníocha ba líonmhaire i gceann de na blianta ba mheasa ó tosaíodh ag coinneáil taifead scór blianta ó shin.
Léiríonn staidreamh freisin nach bhfuil bunús ar bith le ráitis go bhfuil rabharta d’inimirce abhus – titim atá ar na figiúirí le blianta beaga anuas. Mar sin féin bíonn polaiteoirí aontachtacha go seasta ag rá go bhfuil bunús leis an ‘mbuairt’ a nochtann roinnt. Séanann siad ar ndóigh go dtugann sé sin uchtach do lucht an chiníochais ach tá sé fánach acu. Is éard atá ríshoiléir go bhfuil teipthe glan ar straitéisí in aghaidh an chiníochais. Tagann plean Comhionannais Cine an Fheidhmeannais 2015-2025 chun deiridh an mhí seo; níl aon amharc ar Straitéis nua ach ta géarghá leis.