Pléadh i dTeach Laighean inné an imní agus an frustrachas atá ar lucht theagasc na Gaeilge ag an tríú leibhéal faoi ghnéithe den chur chuige i leith na teanga sa chóras oideachais.
Beirt ó Ollscoil Mhá Nuad, an Dr Tracey Ní Mhaonaigh, Ceann Roinn na Nua-Ghaeilge agus Fionntán de Brún, Ollamh na Nua-Ghaeilge, a bhí i láthair inné ag an gcruinniú is déanaí i sraith cruinnithe atá á heagrú ag Coiste Oireachtais na Gaeilge faoin nGaeilge san oideachas tríú leibhéal.
Dúirt toscaireacht Mhá Nuad gur tugadh cuireadh dóibh páirt a ghlacadh sa phróiseas comhairliúcháin faoin bpolasaí oideachais nua don Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht agus gur ábhar mór imní cuid dár chualathas ag fóram náisiúnta a eagraíodh in Áth Luain i mí an Mheithimh seo caite.
Dúradh gurb é “an teachtaireacht lom” a bhí ag roinnt daoine ansin “go bhféadfaí teagasc na Gaeilge a shlánú ach an litríocht a bhaint den siollabas ar fad, nó í a bhaint de shiollabas an Teastais Shóisearaigh ar a laghad”.
Ní haon réiteach ar na deacrachtaí a bhaineann le teagasc na Gaeilge sa chóras oideachais an dearcadh sin, a dúradh.
“Níl amhras ach nach bhfuil ag éirí le cuid mhór daltaí scoile an Ghaeilge a fhoghlaim ach ní réiteach ar bith air sin é cealú na litríochta. Ní leor béim a leagan ar an teanga labhartha le heispéireas ceart foghlama a thabhairt do dhaltaí scoile.
“Is sa mhúnla cúng teagaisc/foghlama ba chóir amhras a chur seachas san ábhar féin, litríocht nó eile. Faoi láthair, is léir go gcaitear an iomarca ama ag cur freagraí scríofa agus labhartha de ghlanmheabhair mar ullmhúchán do na siollabais scoile.”
Bhí amhras mór ar thoscaireacht Mhá Nuad faoi ghnéithe den díospóireacht faoi theagasc agus mhúineadh na Gaeilge.
“Cén mhaith tuilleadh béime a leagan ar an nGaeilge labhartha más é an cur chuige féin atá fabhtach?
“Castar an fhadhb seo orainn go rómhinic agus mic léinn tosaithe ar chéim sa Ghaeilge. Seachas a bheith in ann iad féin a chur in iúl sa teanga ag leibhéal bunúsach, bíonn liosta freagraí curtha de ghlanmheabhair acu – mura bhfuil an cheist ar an liosta, ní bheidh freagra ar bith acu uirthi.”
Botún mór a bheadh ann a cheapadh gurb é leigheas na faidhbe ná gan a bheith ag plé leis an litríocht.
“Mar sin de, ní haon réiteach draíochta ar na deacrachtaí seo é cealú na litríochta.
“Gan amhras, caithfear an cur chuige i dtaobh na litríochta a leasú. Caithfear smaoineamh ar rogha téacsanna agus ar thascanna foghlama atá oiriúnach don inniúlacht teanga, rud atá luaite sa phlean gnímh.”
Dúradh chomh maith go gcaithfeadh aon leasú a dhéanfaí a bheith curtha in oiriúint don mhéid a tharlaíonn gach lá sa seomra ranga.
“Ach má tá na scileanna éagsúla teanga le sealbhú ag foghlaimeoir caithfidh léamh agus scríobh a bheith ar an gclár teagaisc.
“Ní hamháin gur áis í an litríocht i bhforbairt na scileanna sin, is eochair í don fheasacht chultúir agus d’acmhainní intleachtúla na teanga. Ná caillimis í.”
Léiríodh an-imní ag an gcruinniú chomh maith faoin laghdú ar líon na n-uaireanta a chaitear i mbun theagasc na Gaeilge sa tríú leibhéal.
“B’ábhar mór frustrachais agus imní é do shaineolaithe agus d’ionadaithe múinteoirí, nuair a fógraíodh go dtiocfadh laghdú eile sa churaclam nua bunscolaíochta ar an méid ama a chaithfí i mbun theagasc na Gaeilge, agus níl amhras ar bith faoi ach go bhfuil baint lárnach ag an gcreimeadh sin thar na blianta leis an laghdú a aithnítear ar chaighdeán na ndaltaí,” a dúirt an Dr Tracey Ní Mhaonaigh, Ceann Roinn na Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad.
Pléadh chomh maith ag an gcruinniú an gá le freastal ar riachtanais múinteoirí ag leibhéal na hiarchéime.
Ba cheart an liúntas ‘Gaeltachta’ do mhúinteoirí a thabhairt ar ais agus “spreagadh airgeadais a thabhairt do mhúinteoirí cúrsaí breise oiliúna a dhéanamh”.
Ina áit sin bíonn ar ábhar oidí atá ag foghlaim trí Ghaeilge dhá bhliain seachas bliain amháin a chaitheamh i mbun na hiarchéime.
“Níl ag tarlúint faoi láthair ach go bhfuil fiacha á gcarnadh ag na mic léinn MGO [Máistir Gairmiúil le hOideachas trí Ghaeilge] agus aghaidh á tabhairt acu ar an Meánoirthear, go minic, ansin, chun na fiacha céanna a ghlanadh.”
Dúradh go dtugadh go leor múinteoirí Gaeilge faoi MA sa Ghaeilge sula ndearnadh cúrsa máistreachta dhá bhliain den ardteastas san oideachas agus sular baineadh an liúntas de mhúinteoirí a raibh máistreacht acu in ábhar a bhí á theagasc acu.
“Ach is go fíorannamh anois a fhaighimid a leithéid, agus cúrsaí airgid an chúis is mó a thugtar leis sin. Ní dóigh linn go bhfuil sé cruthaithe gur gá cúrsa dhá bhliain a dhéanamh den chúrsa oiliúna meán-mhúinteoireachta agus ba bhreá linn dá gcuirfí sin ar neamhní.
“Bliain amháin a bhaineann le cúrsaí máistreachta de ghnáth, agus feictear dúinn gur cheart cúrsa bliana a dhéanamh den MGO. Bheadh an té atá in acmhainn íoc as dhá bhliain den MGO mar atá faoi láthair in ann íoc as cúrsa bliana mar aon le cúrsa máistreachta in ábhar atá á theagasc acu.”