Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Naoi gCeist ar Shaun Mac Airt


Tugann Shaun Mac Airt, nó @shaunwithafada, freagraí dúinn anseo ar ár gceistneoir Naoi gCeist, atá bunaithe ar mhúnla an Cheistneora Proust.

Is pearsantacht idirlín ó Phort Láirge é Shaun, a dhéanann taifead ar a shaol ó lá go lá, trí mheán na Gaeilge. Is duine geal gáireach é agus ní haon ionadh go bhfuil lucht leanúna s’aige ag fás go tapaidh. Seo chugaibh a fhreagraí ar ár naoi gceist.


Cathain a bhíonn tú is sona sásta? Nuair a bhím i measc mo chairde agus mo chlann. Bíonn gach duine ag gáire agus mothaím buíoch. Oh freisin nuair atá an ghrian ag taithneamh agus nuair atá mo chuid gruaige fliuch! Combo den scoth!

Céard é an shó is mó ar a gcaitheann tú d’airgead?

Nuair a chuirim óstán in áirithe in ionad brú óige! Bíonn codladh i bhfad níos séimhe agat agus is annamh a bhíonn an t-airgead agam chun é sin a dhéanamh hahah!

Cén tréith is tábhachtaí duit i gcara? I mo thuairimse, macántacht. Is duine macánta mé agus bím á lorg i measc mo chairde freisin. Inis dom má tá bia i m’fhiacla nó má tá m’fheisteas go hainnis le do thoil!!!

Cén focail nó nathanna cainte a úsáideann tú rómhinic? I gcónaí deirimse nach bhfuil aon rud ró dáiríre. Úsáidim na focail sin chun mé féin a chur ar mo chompord nuair atáim buartha mar gheall ar rudaí áirithe. Ní bhíonn in aon rud ach seal mar a deirtear!

Ainmnigh cúpla rud a chuireann isteach ort?

Nuair a nach ligeann duine i gcarr duit an bóthar a thrasnú agus tusa ag siúl sa bháisteach!!!! Ar a laghad tá díon tharaibh sa charr! Freisin, nuair atá daoine ag siúl go mall cuireann sé isteach orm. Tá orm coimeád suas leis an gceol atá ag seinm i mo chluasáin!

Dá bhféadfá rud amháin a athrú fút féin, céard a roghnófá? D’athróinn mo leibhéal féinmhuiníne (chun a bheith soiléir – d’ardóinn é hahah). Bím ag streachailt leis go rialta ach d’fhoghlaim mé go bhfuil ort na rudaí deacra a dhéanamh ar aon nós agus fásann tú de réir ama agus taithí (le cúnamh Dé haha)

Cén duine a mhaireann an bhfuil an meas is mó agat orthu? Ahh mo mháthair gan dabht. Mo chara is fearr.

Cé hiad na húdair/an leabhar is fearr leat? Ní léim go rialta ach é sin ráite, léigh mé The Divine Farce le Michael S. A. Graziano agus A Short Stay in Hell le Steven L. Peck agus thaithin siad go mór liom. Fáthsceál atá i gceist leis an dá cheann. Dorcha agus fealsúnach agus tá ort smaoineamh mar gheall ar cad a tharla agus conas a mhothaíonn tú nuair atá an deireadh sroichte agat. Cuireann siad tú ag smaoineamh agus is breá liom é sin.

Céard é an ceacht is tábhachtaí atá foghlamtha agat faoin saol go dtí seo? An ceacht is tábhachtaí atá foghlamtha agam go dtí seo ná go bhfuil an saol gearr agus tá ort na deiseanna ar fad a thapú agus taithneamh a bhaint astu mar i gcónaí bíonn deacrachtaí timpeall an chúinne ag fanacht ort agus mar sin, bain sult as na hamanna ciúine i do shaol agus coimeád dearcadh dearfach i rith na hamanna níos deacra!

Go raibh míle maith ag Shaun as a chuid freagraí suimiúla.


Is féidir coimeád suas le Shaun ar TikTok anseo agus ar Instagram anseo

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta