Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Leideanna  don té atá ag lorg bronntanais Nollag a bhfuil Gaelach air

|

Tá an Nollaig ag teannadh linn agus rogha mhór bronntanas ar fáil ó chomhlachtaí Gaeltachta ar fud na tíre chomh maith le hearraí Gaeilge.

Seo blaiseadh den rogha atá ar fáil idir mhaisiúcháin, earraí bia agus dí, chluichí agus leabhair.

Fleasc Nollag lámhdhéanta

Is álainn an radharc é fleasc Nollag crochta ar dhoras an tí an t-am seo den bhliain agus tá réimse álainn acu ar fáil ó Flós, gnó nua bláthanna i nGaeltacht Chonamara.

Tá bláthanna úra, áitiúla, saor ó cheimiceáin le fáil ó Flós, agus iad ‘fásta le grá’ ag Áine Ní Dhroighneáin, bean as Conamara a mbeidh aithne ag daoine uirthi mar aisteoir agus mar amhránaí ar an sean-nós. Níl deireadh ar bith lena buanna is léir, mar go bhfuil tús curtha aici le Flós agus í ag fás bláthanna agus plandaí séasúracha agus go leor bronntanais áille don Nollaig á soláthar aici.

Fásann sí gach a bhfuil de dhuilliúr sna fleascanna i ngarraí flóis sa Spidéal agus tá cuid den ábhar séasúrach eile ceannaithe aici ó ghnólachtaí Éireannacha. Tá siad in-athchúrsáilte, níl aon phlaisteach iontu, 100% lámhdhéanta, déanta le slaitín saileach agus ceangailte le sreangán siúite. Cuireann sí ceardlanna ar fáil freisin agus beidh ceardlann déanta coinnleoirí Nollag aici go luath.

Tá tuilleadh eolais ar an leathanach Instagram FlosFarmFlowers.

 

Subh inniu agus subh amárach

Subh inné agus subh amárach, ach ní bhíonn subh inniu ann riamh, a chaoin Eilís i dTír na nIontas fadó an lá ó shin. Ach mair a chapaill agus gheobhaidh tú féar!

Tá leigheas ar an scéal anois ó Folláin, déantóirí suibhe as Cúil Aodha i gCo. Chorcaí, agus féilire suibhe speisialta ar fáil uathu do dhá lá dhéag na Nollag. Dosaen crúiscíní beaga suibhe atá ar fáil sa bhféilire agus iad istigh i mbosca bronntanais agus pictiúr álainn de spideoga air.

Tá comhlaí beaga ar an mbosca féin agus crúiscín amháin i bhfolach taobh thiar de gach ceann acu. Osclaítear ceann in aghaidh an lae le crúiscín suibhe an lae a fháil. Tá cineálacha éagsúla suibhe san áireamh ann, marmaláid agus braoinín fuisce ann, rúbarb spíosraithe agus go leor eile.

Is féidir iad a ordú ó shuíomh idirlín Folláin agus tá 50% den teacht isteach a bheidh acu ar líne i mí na Nollag á bhronnadh ar Chlann Shíomóin acu.

Éist siar le hagallamh Helen Ní Shé ar Paiste Cainte ar An Pod Gaeilge agus í ag caint le Peadar Ó Lionáird, duine de bhunaitheoirí Folláin.

 

Bronntanas do na putóga

In áit a bheith ag dul i muinín na Rennies agus an Lemsip i mbliana, d’fhéadfaí breathnú i dtreo an bhia agus an dí leis an gcóras a láidriú in aghaidh an tslaghdáin agus an dó croí roimh aimsir na Nollag. Ceann de na rudaí a luaitear go minic le tacú leis an gcóras ná an deoch choipthe, kombucha.

Tá an comhlacht Kombucha, na Dálaigh i nGort a’ Choirce ag déanamh réimse blasanna éagsúla de. Marianne O’Donnell a bhunaigh an comhlacht agus déanann siad an kombucha le lámh i nGort a’Choirce.

Tá an deoch féin saibhir i mbaictéir mhaithe a thugann tacaíocht don chóras micribhithim sa gcorp. Deoch é an kombucha atá beagáinín fiosaí go nádúrtha agus ní dhéantar carbónáitiú air. Sa leagan atá á dhéanamh ag Kombucha na Dálaigh ní chuirtear aon bhlasanna bréige ann agus ní deoch alcólach é. I measc na mblasanna atá ar fáil ó na Dálaigh tá sú craobh agus líomóid, tuirmiric agus sinséar, agus roghanna eile. Is féidir cás a cheannach uathu ar a suíomh idirlín agus €10 atá ar an seachadadh.

Tá gach eolas anseo.

 

Cluichí boird as Gaeilge

Tarraingítear amach na cluichí boird aimsir na Nollag agus is deas an caitheamh aimsire iad nuair atá an aimsir go dona agus gach duine ar saoire. Tá rogha mhaith cluichí boird ar fáil as Gaeilge ó shiopaí éagsúla a chaithfidh cuid den tráthnóna go spraíúil agus is bronntanais dheasa iad do dhaoine óga.

Cuireann An Siopa Gaeilge i nGleann Cholm Cille rogha mhór ar fáil ar líne, ina measc, tá Scrabble as Gaeilge agus Junior Scrabble as Gaeilge, tá Cluedo ar fáil as Gaeilge anois freisin agus Monopoly.

 

Braoinín den stuif maith

 Tá réimse drioglanna agus grúdlanna sna Gaeltachtaí ar fud na tíre agus iad ag cur táirgí ar ardchaighdeán ar fáil. Déanann Drioglann Loch Measc, atá suite ar bhruacha Loch Measc i gCo. Mhaigh Eo, réimse biotáillí éagsúla de lámh. Tá uisce beatha braiche (singil) ar fáil uathu agus é aosaithe i mbairille darach, jin, agus déanann siad vodca freisin.

I mbliana, tá méid teoranta jin cainéil déanta acu don Nollaig le blas clóbh agus fanaile tríd a dhéanfadh deoch dheas don séasúr seo.

Tá gradaim idirnáisiúnta gnóthaithe ag drioglann Inis Cléire as an jin atá á dhéanamh acu ar an oileán ón mbliain 2019. Cuireann siad cineálacha éagsúla ar fáil faoin mbhranda 3 SQ Miles, tagairt atá ansin do mhéid an oileáin féin, áit a bhfuil 139 duine ina gcónaí. Is féidir ceannacht uathu ar líne agus réimse blasanna éagsúla ar fáil uathu, jin labhandair agus ‘navy-strength’ ina measc.

Pádraic Ó Griallais, fiontraí as Cois Fharraige i gConamara a bhunaigh Micil Distillery, drioglann atá i mBóthar na Trá i gcathair na Gaillimhe. Déanann siad uisce beatha, poitín, jin agus tá licéar uachtair Éireannach ar fáil uathu freisin, ‘Connemara’ an t-ainm air.

 

Leabhair Ghaeilge do na léitheoirí i do shaol

Mura mbeidh am ag duine leabhar a léamh i gcaitheamh na Nollag cén uair a léifear é? Tá rogha iontach leabhar ar fáil i nGaeilge ar líne agus sna siopaí leabhar Gaeilge faoi láthair agus margaí maithe le fáil faoi láthair freisin.

Tá seachadadh saor in aisce ar fáil ó na foilsitheoirí Futa Fata ar orduithe os cionn €50 ar a suíomh idirlín agus rogha iontach leabhar do pháistí ar fáil uathu. I measc na leabhar tá An Fia sa Choill le Sadhbh Devlin agus Anastasia Melnykova a ghnóthaigh áit ar an ngearrliosta i nGradaim Leabhar na Bliana do Pháistí An Post i mbliana.

Pictiúrleabhair dheasa do pháistí a tháinig amach le bliain nó dhó anuas ná An Nollaig le Teidí le Sadhbh Rosenstock agus maisithe ag Ciara Ní Dhuinn agus é feiliúnach do pháistí idir 2 agus 5 bliana d’aois. Do pháistí atá beagáinín níos sine, tá an pictiúrleabhar Daidí na Nollag le Áine Ní Ghlinn agus Mr Ando, an-spraíúil agus maisithe go hálainn.

Bhí Leabhar Breac go mór chun cinn sna gradaim leabhar i mbliana agus Gradam Uí Shúilleabháin agus Gradam Love Leabhar Gaeilge bronnta ar an úrscéal Bódléar le Darach Ó Scolaí, agus Gradam Réics Carló bronnta ar Éanna Corr le Antain Mac Lochlainn.

Tá lascaine 50% ar fáil ar a suíomh acu faoi láthair d’éinne a chláróidh lena nuachtlitir roimh an 17 Nollaig. I measc na leabhar Nollag atá ar fáil uathu, tá Duan na Nollag aistriúchán le Maitiú Ó Coimín ar A Christmas Carol le Charles Dickens, agus Cuairt San Nioclás leagan Gaeilge de dhán cáiliúil Clement Clarke Moore A Visit from Saint Nicholas.   

Tá sladmhargadh na Nollag ar siúl ag siopa leabhar Chló Iar-Chonnacht faoi láthair freisin, sa Spidéal agus ar-líne, agus lascaine suas le 50% ar fáil ar réimse mór leabhar. D’fhéadfá filleadh ar na clasaicí, leithéidí An Nollaig Thiar le Breandán Ó hEithir ina ndearna sé cur síos ar an Nollaig in Árainn sna 1940idí agus é ag fás aníos. Tá insint ar an Nollaig ag fás aníos ar Inis Treabhair sna 1960idí agus 70idí tugtha ag Micheál Ó Conghaile sa leabhar Nollaig Oileánach, leabhar atá ar fáil i mBéarla anois freisin An Island Christmas.

Tá rogha bhreá leabhair Ghaeilge ar fáil ó An Siopa Leabhar i mBaile Átha Cliath agus suíomh idirlín acu freisin ag Tá siad lonnaithe ar Shráid Camden faoi láthair, fad is atá obair á déanamh ar cheannáras Chonradh na Gaeilge ar Shráid Fhearchair. Is fiú bualadh isteach chucu ar mhaithe leis na maisiúcháin Nollag sa bhfuinneog a fheiceáil agus péinteálacha deasa déanta sna fuinneoga acu don Nollaig a chuirfeadh gliondar ar an Grinch is measa amuigh.

Má tá tú beagáinín deireanach ag déanamh do chuid siopadóireachta, tá dearbháin ar fáil acu ar líne ar luachanna éagsúla gur féidir a úsáid sa siopa nó ar líne.

Más i mBéal Feirste atá tú is fiú go mór bualadh isteach go dtí An Ceathrú Póilí, an siopa leabhar i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, áit a bhfuil rogha mhór leabhar Gaeilge ar fáil. Leabhar álainn a d’fhoilsigh Éabhlóid i mbliana ná Cloch in áit an Charnáin Seán Ó hEochaidh Bailitheoir Béaloidis agus é curtha in eagar ag Pádraig Ó Tiarnaigh. Leabhar eile atá ar díol acu ná Cailín Sinséir Bhéal Feirste, scéilín spraíúil a mbainfidh páistí na cathrach spraoi as.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta