Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Gunnaí ceadúnaithe ag beirt ghunnadóirí Thrá Bondi a bhí spreagtha ag an ‘idé-eolaíocht antoisceach’

|

Tá an bheirt ghunnadóirí a mharaigh cúig dhuine dhéag ag Trá Bondi i Sydney na hAstráile inné ainmnithe ag meáin na háite.

Is iad an bheirt atá á lua leis an sléacht Sajid Akram, a bhí 50 bliain d’aois agus a maraíodh ag an láthair agus a mhac, Naveed Akram 24 bliain d’aois, a goineadh go dona agus atá san ospidéal.

Tugadh os cionn dhá scór duine leonta ar fad go dtí ospidéil ar fud Sydney agus deir na húdaráis sláinte go bhfuil 27 duine díobhsan gortaithe go dona.

Tá amhras ar na póilíní gur le harm tine a raibh ceadúnas acu leo a rinne siad an t-ár.

Tá ceannairí polaitíochta na hAstráile ar aon fhocal faoina mian go gcuirfí dlíthe níos déine maidir le húinéireacht gunnaí i bhfeidhm sa tír tar éis an t-ionsaí marfach is measa sa tír le beagnach tríocha bliain.

Ar an bpobal Giúdach a bhí cruinnithe le chéile ag an trá le tús a chur lena gceiliúradh ar Fhéile an Tiomnaithe nó Hanukkah a bhí ionsaí an lae inné dírithe.

Maraíodh cúigear déag san ionsaí agus deir na póilíní go raibh daoine ina measc ó dhá bhliain déag go dtí 87 bliain d’aois.

Ar dhuine de na daoine arbh í Trá Bondi fód a mbáis inné, bhí Alex Kleytman, duine a tháinig beo ón Uileloscadh agus a bhí ag an gceiliúradh Giúdach inné lena chlann agus clann a chlainne.

Matilda a thug na póilíní ar an gcailín beag deich mbliana d’aois a maraíodh inné agus é iarrtha ag a muintir nach dtabharfaí amach a sloinne.

Tá sé ráite ag Príomh-Aire na hAstráile, Anthony Albanese, nár chuid de ghrúpa antoisceach iad an bheirt ghunnadóirí agus gurbh ar a gconlán féin a rinne siad an feall.

“Níl aon fhianaise againn go raibh aon chlaonpháirteachas i gceist, aon fhianaise gur chuid de ghrúpa a bhí iontu”. Dúirt sé, áfach, gur léir gur “idé-eolaíocht antoisceach” a spreag iad.

Dúirt toscaire speisialta frith-Sheimíteachais rialtas na hAstráile go raibh “an frith-Sheimíteachas ag scaipeadh sa tsochaí le blianta fada agus nár chuireamar ina choinne sách láidir”.

Tá na húdaráis ag cur síos ar lámhach an lae inné mar ionsaí frith-Sheimíteach ceann ar aghaidh.

“Gunnaí fada” a thug na póilíní ar an arm a bhí ag na gunnadóirí nuair a thug siad aghaidh na ngunnaí sin ar an mbreis is 1,000 duine a bhí ag freastal ar an bhféile Ghiúdach i gceantar Pháirc Archer ag an trá chlúiteach. Dé Domhnaigh, ag a 6.47pm am na háite [7.47 am in Éirinn] a rinneadh an sléacht.

Thug Príomh-Aire na tíre cuairt ar Thrá Bondi le bláthanna a leagan san áit a ndearnadh an t-ionsaí.

“Olc ar aghaidh a bhí san ionsaí a chonaiceamar inné, beart frith-Sheimíteachais, beart sceimhlitheoireachta inár dtír ag láthair íocónach de chuid na hAstráile,” a dúirt Anthony Albanese.

“Tá an pobal Giúdach ag fulaingt inniu. Inniu, fáisceann Astrálaigh ár dhá lámh thart orthu agus deirimid leo ‘seasaimid gualainn ar ghualainn libh’,” a dúirt sé.

“Déanfaimid gach a mbeidh riachtanach chun an frith-Sheimíteachas a ghlanadh as an tír.

“Is smál é agus i dteannta a chéile gheobhaimid réidh ar fad leis.”

Dúirt Benjamin Netanyahu, Príomh-Aire Iosrael gur chuir sé féin fainic ar Albanese go spreagfadh tacaíocht na hAstráile don éileamh go dtabharfaí stádas stáit don Phalaistín an frith-Sheimíteachas.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta