Tá tromlach an phobail i bhfabhar an Ghaeilge a choinneáil mar chroí-ábhar sa gcóras oideachais, de réir pobalbhreith nua.
Deir 60% den phobal gur chóir go mbeadh ar gach dalta staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge chomh fada leis an Ardteist.
Thart ar dhuine as gach ceathrar, 27%, a dúirt nár aontaigh siad gur chóir go mbeadh an Ghaeilge éigeantach sa gcóras oideachais agus bhí 14% eile nár nocht aon tuairim.
Tá na figiúirí bunaithe ar thorthaí suirbhé nua a rinne an comhlacht Ireland Thinks do Chonradh na Gaeilge.
Méadú beag a bhí sa 60% a bhí i bhfabhar an Ghaeilge a choinneáil mar chroí-ábhar ar an 58% a dúirt amhlaidh in 2022. 64% a bhí i bhfabhar an Ghaeilge a choinneáil mar chroí-ábhar i suirbhé 2019.
Mar chuid den phobalbhreith nua a rinneadh do Chonradh na Gaeilge cuireadh ceist ar os cionn 1,000 duine cé acu ar aontaigh nó nár aontaigh siad leis an áiteamh gur cheart don Ghaeilge a bheith ina croí-ábhar do gach dalta scoile, daltaí Ardteiste san áireamh.
Deir Aodhán Ó Deá, Stiúrthóir Forbartha agus Leas-Ardrúnaí Chonradh na Gaeilge, gur “treocht sheasmhach” atá sa tacaíocht don Ghaeilge éigeantach sa gcóras oideachais agus go n-aithníonn daoine an luach atá léi.
“Léiríonn taithí in áiteanna eile go díreach cad a tharlaíonn nuair a dhéantar ábhar roghnach de theanga lárnach. I Sasana, nuair a baineadh teangacha nua-aimseartha as an gcuraclam lárnach GCSE, thit an rannpháirtíocht ó 79% in 2001 go 41% in 2018,” a deir Ó Deá.
“Ó thuaidh, bhí tionchar tubaisteach ar an athrú polasaí sin ar an Ghaeilge sna meánscoileanna Béarla. Bheadh baol ann go dtarlódh an rud céanna ó dheas.
“Leis sin bheadh níos lú agus níos lú daltaí a roghnódh an Ghaeilge, níos lú soláthair i scoileanna, níos lú múinteoirí, agus creimeadh de réir a chéile ar an nGaeilge ag gach leibhéal – ón tsraith shinsearach, ar ais isteach sa tsraith shóisearach, agus sa deireadh isteach sa bhunscoil.”
Tagann ceist stádas na Gaeilge sa chóras oideachais chun cinn minic go leor.
Dúirt an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) in 2018 go mbeadh ceist na Gaeilge éigeantaí lárnach sa phlé a dhéanfaí san athbhreithniú ar an tSraith Shinsearach, ach níor luadh stádas na teanga beag ná mór sa tuarascáil nuair a foilsíodh í.
Tá an cheist tagtha chun cinn arís i bhfianaise an ardú atá tagtha ar líon na ndaltaí a fhaigheann díolúine ó staidéar na Gaeilge, ach tá séanta ag an Roinn Oideachais go bhfuil sé i gceist ábhar roghnach a dhéanamh di.
Ag méadú i gcónaí atá líon na ndaltaí Ardteiste nach ndéanann aon scrúdú Gaeilge.
De réir thorthaí na hArdteiste i mbliana, 24% de dhaltaí, nó beagnach duine as gach ceathrar, nach ndearna aon scrúdú Gaeilge, i gcomparáid le 23% anuraidh. Seo an ceathrú bliain as a chéile go raibh an céatadán daltaí nach ndearna aon scrúdú Gaeilge os cionn 20%.
Léirigh torthaí eile ó shuirbhé nua Chonradh na Gaeilge go bhfuil muintir na hÉireann níos muiníní as a gcuid Gaeilge ná mar a bhí.