Tá an plean go mbeadh seirbhís nuachta ag TG4 a bheadh neamhspleách ó RTÉ curtha ar an méar fhada agus “neamhspleáchas eagarthóireachta roinnte” an múnla atá á phlé faoi láthair sna cainteanna idir an dá stáisiún.
Thug Ard-Stiúrthóir TG4, Deirdre Ní Choistín, le fios d’fhoireann Nuacht TG4 an tseachtain seo caite nach mbeadh aon ‘cholscaradh’ idir an dá stáisiún ó thaobh na nuachta agus gur “ar bhonn céimnithe” a bhainfí neamhspleáchas nuachta amach.
Dúirt sí nach mbeadh sé réalaíoch a bheith ag caint ar neamhspleáchas iomlán faoi láthair mar gheall nach raibh na hacmhainní ná an maoiniú ann chuige sin.
Neamhspleáchas iomlán a bhí ag teastáil ó TG4, a dúirt sí, ach an praghas bhí curtha ag an stáisiún air sin ná €13 milliún.
Dúirt an tArd-Stiúrthóir go rabhthas ag plé faoi láthair cur chuige ar chuma an tsocraithe atá ag an BBC le S4C na Breataine Bige. Faoin múnla sin, an BBC atá freagrach as na cláir nuachta teilifíse a chraoltar ar S4C agus an stáisiún Breatnaise féin atá i bhfeighil a seirbhíse nuachta ar líne.
Tá seirbhís dhigiteach nuachta nua le bunú ag TG4 roimh dheireadh na bliana seo chugainn a mbeidh smacht eagarthóireachta ag an stáisiún féin uirthi, ach a mbeidh siad ag súil le comhoibriú ina taobh ó RTÉ agus le hábhar a fháil ón seomra nuachta teilifíse.
Tá an plean ina leith sin fós le haontú le RTÉ.
Faoi láthair, RTÉ a chuireann nuacht ar fáil do TG4 mar chuid den dualgas reachtúil atá ar RTÉ 365 uair an chloig de chláir a chur ar fáil don stáisiún gach bliain. In 2022, ghlac an rialtas le moladh ó Choimisiún na Meán go mbeadh soláthar nuachta TG4 neamhspleách ó RTÉ, ach is beag dul chun cinn atá déanta ó shin.
Fuair TG4 breis is €2 milliún sa bhuiséad deireanach chun seirbhís nuachta ar líne a bhunú.
Dúirt Ard-Stiúrthóir TG4 le foireann na nuachta nárbh ionann an tuiscint a a bhí ag an stáisiún ar a mana cáiliúil ‘Súil Eile’ agus an tuiscint atá ag lucht an tseomra nuachta ar cad is ‘Súil Eile’ ann.
Dúirt Deirdre Ní Choistín go mbíonn Nuacht TG4 róchosúil le RTÉ News agus go gcaithfí béim níos mó a chur ar scéalta sainiúla a insint agus ar scéalta nua a bhriseadh.
Dúirt sí gur minic go gcraoltar i dtosach scéalta iriseoirí Nuacht TG4 i mBéarla ar RTÉ agus gur gá sin a athrú. Dúirt sí gurb í an fhís a bhí ag TG4 ná seirbhís nuachta a thabharfadh léargas ar shaol na nGael agus a chaithfeadh súil eile ar scéalta áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta.
Caithfear plean faoi conas fís TG4 a chur i bhfeidhm ar Nuacht TG4 a aontú le RTÉ go fóill agus tuigtear go bhfuil roinnt mhaith easaontais idir an dá thaobh i gcónaí faoi ghnéithe éagsúla den scéal.
Dúirt Ard-Stiúrthóir TG4 le foireann na nuachta gur thug Coimisiún na Meán le fios do RTÉ agus TG4 i dtús na bliana seo go rabhthas ag súil go dtiocfadh an dá stáisiún ar réiteach iad féin faoi cheist an neamhspleáchas agus go dtabharfaí aghaidh ar an gceist ar bhonn céimnithe.
Ba í an chéad chéim sa phróiseas sin ná bunú na seirbhíse nuachta digití an bhliain seo chugainn, a dúirt Deirdre Ní Choistín.
Labhair ceannasaí nuachta RTÉ Deirdre McCarthy le foireann na nuachta i mBaile na hAbhann chomh maith an tseachtain seo caite. Tuairiscítear go raibh an chuid sin den chruinniú níos teasaí ná an chuid eile agus míshuaimhneas i measc ball foirne faoin easpa eolais a bhí ar fáil, dar leo, faoin méid atá beartaithe don tseirbhís nuachta Gaeilge.
Dúirt an tAire Cumarsáide Patrick O’Donovan níos luaithe an mhí seo go bhfuil an rialtas tiomanta do neamhspleáchas nuachta a bhaint amach do TG4.