Ceiliúraimis an Ceol ag Gradaim NÓS 2026!
Sábháil an dáta… beidh Gradaim NÓS 2026 ag tabhairt ruathar ar Bhéal Feirste ar an 16 Bealtaine 2026 don tríú bliain as a chéile. Déanfar ceiliúradh ar an cheol Gaeilge agus ar na hamhránaithe iontacha a chumann agus a léiríonn é ag an ócáid bhronnta sa Black Box ar Shráid Hill, Béal Feirste.
Beidh sí seo ar an tríú bliain de Ghradaim NÓS ó tugadh ar ais iad in 2024. Bronnadh na Gradaim sa Black Box den chéad uair in 2024 agus san Oh Yeah Centre a bhí muid i mbliana do Ghradaim NÓS 2025, áit ar chuir Aoife Welby tús leis an oíche agus ar thug The Shan Vans, Clare Sands, Seosamh Mac, agus Caoimhín faoin ardán le seo spleodrach a chur ar fáil.
Chualathas meascán maith seánraí ag na Gradaim i mbliana idir an ceol traidisiúnta, ceol leictreonach, agus ceol indie agus is amhlaidh a bheas sé i mí na Bealtaine le scoth na gceoltóirí Gaeilge ag teacht le chéile as gach cearn den tír. Déanaimis ceiliúradh ar éagsúlacht an cheoil Gaeilge agus an cheoil dhátheangaigh i measc na nGael!
Naoi ngradam a bhronnfar ag Gradaim NÓS 2026 mar a rinneadh i mbliana tar éis do NÓS dhá rannóg a dhéanamh de Ceoltóir/Banna na Bliana agus rannóg iomlán nua, Amhrán Dátheangach na Bliana a thabhairt isteach ionas go dtugtar aitheantas do shaothar a cruthaíodh i nGaeilge chomh maith le teanga eile.

Bhí Súil Amháin agus An Chéad Ghlúin Eile i measc na mbuaiteoirí ag na gradaim i mbliana sna catagóirí Albam na Bliana agus Albam na Bliana – Amhráin Thraidisiúnta faoi seach. Bhuaigh Róis Amhrán na Bliana lena traic ‘Caoine’ agus KNEECAP a thug leo an chéad ghradam Amhrán Dátheangach na Bliana le ‘Drug Dealin Pagans’, agus ba é Macdara Ó Faoláin an dara buaiteoir sa rannóg Nuatheachtaí ó ainmníodh í in ómós do Rónán Mac Aodha Bhuí.
Seolfar ainmniúcháin phoiblí sa bhliain úr do na naoi gcatagóir thíos. Nuair a dhruidfear na hainmniúcháin phoiblí, déanfaidh painéal moltóireachta neamhspleách cinntí chun gearrliosta a chur le chéile agus, ar deireadh, buaiteoirí na rannóg a roghnú.

Bronnfar gradaim sna rannóga thíos ag Gradaim NÓS 2026:
– Amhrán na Bliana (75%+ Gaeilge)
– Amhrán Dátheangach na Bliana (25%–75% Gaeilge)
– Albam na Bliana (Nuacheol) (50%+ Gaeilge)
– Albam na Bliana (Amhráin Thraidisiúnta)
– Ealaín na Bliana
– Físeán na Bliana
– Nuatheachtaí na Bliana – Gradam Rónáin Mhic Aodha Bhuí
– Ceoltóir Aonair na Bliana
– Banna na Bliana
Tá íosmhéid de 25% liricí Gaeilge de dhíth chun bheith incháilithe d’Amhrán Dátheangach na Bliana agus, thairis sin, tá íosmhéid de 75% liricí Gaeilge de dhíth ar iontráil ar bith in Amhrán na Bliana. Ní mór do leath den togra ar fad a bheith i nGaeilge don rannóg Albam na Bliana (Nuacheol) fosta.
Seolfar foirm le haghaidh na n-ainmniúchán poiblí sa bhliain úr ar NÓS agus fógrófar ticéid níos gaire don oíche féin. Reáchtálfar Gradaim NÓS 2026 sa Black Box i mBéal Feirste Dé Sathairn an 16 Bealtaine 2026.
Húp an ceol Gaeilge!
The post Ceiliúraimis an Ceol ag Gradaim NÓS 2026! appeared first on NÓS.