Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Buiséad €2 mhilliún ag Clár na Leabhar Gaeilge den chéad uair riamh

|

Beidh an buiséad is mó riamh ag Clár na Leabhar Gaeilge an bhliain seo chugainn a bhuí le maoiniú breise a fógraíodh ag cruinniú de chuid na Comhaireachta Thuaidh-Theas i Muineachán inniu.

Tá €2 milliún curtha ar leataobh don chlár foilsitheoireachta don bhliain 2026 – méadú an-mhór ón €1.36m a ceadaíodh anuraidh. Bhí €1.82m ar fáil do Chlár na Leabhar Gaeilge in 2008.

Thit an tsuim sin go €1.58m mar gheall ar chúlú eacnamaíochta na bliana sin agus i laghad a chuaigh an maoiniú bliain i ndiaidh bliana go dtí 2016. Ceadaíodh €1,061,165 don Chlár an bhliain sin agus is ag an leibhéal sin a bhí an “buiséad bunlíne” ó shin.

Cuireadh €300,000 breise ar fáil in 2021 agus ceadaíodh an €300,000 breise sin arís in 2022, 2023, 2024, agus do bhuiséad na bliana seo 2025. €1,361,165 a bhí ar fáil in 2024 agus 2025. Fágann fógra na Roinne Gaeltachta inné go mbeidh €2m ar fáil do Chlár na Leabhar Gaeilge den chéad uair riamh in 2026 go bhfuil ardú beagnach €700,000 tagtha ar bhuiséad Chlár na Leabhar Gaeilge i mbliana.

Is í ceist an mhaoinithe an chloch is mó ar phaidrín go leor de lucht na foilsitheoireachta Gaeilge le fada an lá.

Maíodh nach mbeadh aon bhláthú i ndán d’fhoilsitheoireacht na Gaeilge ceal maoinithe agus dúradh go raibh an baol ann go ndúnfaí foilsitheoirí Gaeilge mura dtabharfaí an maoiniú ar ais chuig an leibhéal ag a raibh sé roimh an gcúlú eacnamaíochta.

Anuraidh, dúirt ceannasaí Oireachtas na Gaeilge, Máirín Nic Dhonnchadha gur gá “tuilleadh infheistíochta” a dhéanamh in earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge agus nach leor a bheith ag “síormholadh” leabhar Gaeilge.

Dúirt Nic Dhonnchadha go raibh “éacht” á dhéanamh ag daoine a bhí ag saothrú i ngort na hiriseoireachta agus go raibh “géarghá le hinfheistíocht shubstaintiúil” san earnáil.

I dtuarascáil a d’fhoilsigh Coiste Gaeilge an Oireachtais in 2023, dúradh go raibh breis maoiniú stáit ag teastáil d’earnálacha na scríbhneoireachta agus na foilsitheoireachta Gaeilge má táthar leis an teanga a choinneáil beo.

I measc na moltaí a luadh sa tuarascáil, moladh go n-ardófaí an buiséad do Chlár na Leabhar Gaeilge, go ndéanfaí an buiséad a chuirtear ar fáil d’iriseoireacht scríofa na Gaeilge a dhúbailt agus go dtabharfaí leabhair Ghaeilge saor in aisce do dhaltaí scoile.

Aistríodh feidhmeanna Bhord na Leabhar Gaeilge chuig Foras na Gaeilge ar an 1 Eanáir 2008. Clár na Leabhar Gaeilge a tugadh feasta ar an scéim a riartar faoi scáth Fhoras na Gaeilge, scéim a chuireann tacaíocht ar fáil do scríbhneoirí, d’fhoilsitheoirí, agus do phobal léitheoireachta na Gaeilge i gcoitinne.

 

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta