Creideann beirt as gach triúr den phobal gur chóir go mbeadh neartú na Gaeltachta lárnach sa gcóras tithíochta sa stát.
De réir suirbhé náisiúnta nua, deir 68% den phobal ó dheas gur cheart go mbeadh buanú agus neartú phobal na Gaeltachta i gcroílár aon chóras tithíochta a bhíonn ag feidhmiú sa nGaeltacht.
Tá an 68% sin níos airde ná an 58% den phobal a dúirt in 2021 gur chóir don rialtas córas pleanála tithíochta faoi leith a fheidhmiú sa nGaeltacht chun cabhrú le hinmharthanacht na Gaeilge mar theanga phobail.
Nuair a chuirtear na torthaí ‘Ní fios/Gan tuairim’ as an áireamh i suirbhé 2025, 84% díobh siúd a ghlac páirt sa suirbhé a dúirt gur cheart go mbeadh cás na Gaeltachta i gcroílár an chórais tithíochta agus 16% nár aontaigh leis an ráiteas.
Tá na torthaí mar chuid den suirbhé náisiúnta a rinne an comhlacht Ireland Thinks do Chonradh na Gaeilge.
1,648 duine a bhí 18 mbliana agus os a chionn a cuireadh faoi agallamh ó dheas don suirbhé seo agus rinneadh na hagallaimh mí Iúil. Is é +/- 2.5% an corrlach earráide don phobalbhreith.
Tá cúrsaí tithíochta i mbéal an phobail le roinnt blianta anuas agus aird tarraingthe ag grúpaí áirithe ar an dochar atá an ghéarchéim a dhéanamh don Ghaeltacht agus do thodhchaí na Gaeilge.
Deir leithéidí Bánú agus Conradh na Gaeilge go bhfuil teaghlaigh Ghaeltachta atá ag iarraidh a gclann a thógáil le Gaeilge á mbrú amach óna gceantair dúchais ceal tithíochta.
“Caithfidh teaghlaigh a bheith in ann tógáil agus maireachtaint ina gceantracha féin,” a deir John Prendergast, Tánaiste Chonradh na Gaeilge.
“Gan tithíocht inbhuanaithe, níl todhchaí i ndán don dteanga mar theanga labhartha an phobail. Táimid ag iarraidh ar an Rialtas an Ráiteas Náisiúnta Pleanála Gaeltachta, atá le bheith ann in áit na dTreoirlínte Pleanála a gealladh thiar in 2021, a fhoilsiú, maoiniú breise a chur ar fáil d’Údarás na Gaeltachta chun Roinn Tithíochta a bhunú, agus cumhachtaí nua a thabhairt don Údarás chun talamh a cheannach agus tacaíochtaí a bhaineann le tithíocht a sholáthar.
“Tá na bearta seo riachtanach chun todhchaí a chinntiú do cheantracha Gaeltachta agus don nGaelainn.”
Tá fearg agus díomá léirithe maidir le teip an rialtais na treoirlínte pleanála sin don Ghaeltacht a gealladh cúig bliana ó shin a fhoilsiú. Nuair a foilsíodh plean tithíochta nua an rialtais an mhí seo caite, tugadh le fios go ngabhfaí i ngleic leis an bhfadhb le ráiteas náisiúnta pleanála don Ghaeltacht ach go mbeadh 2027 ann faoin am go mbeadh an beart sin réidh.
Léirigh taighde a d’fhoilsigh an eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta an tseachtain seo caite nach bhfuil ach 15% de theaghlaigh sa nGaeltacht ag tógáil a gclann trí Ghaeilge.
Tá an fhadhb aitheanta ag Cumann Lúthchleas Gael chomh maith agus é molta i dtuarascáil dá chuid le déanaí go bhforbrófaí Beartas Náisiúnta Tithíochta don Ghaeltacht chun déileáil leis an ngéarchéim thithíochta agus chun tacú le cur chun cinn na Gaeilge.