An oíche is mó sa Hip Hap Gaelach… go dtí seo
Grianghraf le Jeaic Mag Fhinn.
Is dóigh go raibh ceithre nó cúig bliana déag slánaithe agam nuair a scríobhas véarsa rapcheoil i nGaeilge den chéad uair, rud a fhágann go bhfuilim ag plé le véarsaíocht Ghaeilge le breis is leath de mo shaol anois, smaoineamh nár rith liom nó gur bhreacas síos an abairt seo.
Ní gá ach breathnú ar fhilíocht na Gaeilge le breis is míle bliain anuas le rá gur léir nach rud nua, aisteach, ná aduain dos na Gaeil é an rapáil óir tá an fhilíocht shiollach, an rannaireacht radacach, agus an scéalaíocht shamhlaíoch fite fuaite inár gcultúr leis na cianta cairbreacha.
Seanrud i gcruth nua-aimseartha atá sa rapáil Ghaelach. B’in an fáth gurbh fhada liom cúirt filíochta do chleachtóirí an chomhardaidh cathrach chomhaimseartha, mórthionól meidhreach na mbard meadarach, ré ragairne le roithleán rapálaithe ag reic a rann rithimeach go ropach radacach, nó lena chur i bhfriotal níos simplí, ceolchoirm mhór ina mbeadh go leor rapálaithe éagsúla ar stáitse.
B’fhada mé ag feitheamh, ach tháinig deireadh leis an bhfeitheamh sin le deireanas a bhuí le ‘Ceolta: An Hip Hap Gaelach’, imeacht de chuid IMRAM arna eagrú i gcomhpháirt le Craobh 1916 agus Club Chonradh na Gaeilge, bail ó dhia orthu uilig.
An Cobblestone i Margadh na Feirme ionad na ceolchoirme seo. B’fheiliúnach an t-ionad lena haghaidh é, óir is é an Cobblestone ceanncheathrú an Cheoil Ghaelaigh i mBaile Átha Cliath 7, nó BreacGhaeltacht Bhruach na Bradóige, ceantar lárchathrach agus lucht oibreach go traidisiúnta, a bhfuil ilíocht an tsaoil Fhódlaigh le fáil ann anois. Ceantar inar mhair canúint Ghaeilge thraidisiúnta Bhleá Cliathach ní b’fhaide ná áit ar bith eile sa gcathair. Ceantar ina bhfuil an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach le fáil go flúirseach sa lá atá inniu ann agus daoine ar a gcompord leo i gcomhthéacs uirbeach comhaimseartha. Ceantar a bhfuil cáil na margaí air, áit ina mbíodh, agus ina mbíonn, rudaí á reic, rannta san áireamh. Ceantar ina bhfuilim féin ag maireachtáil agus ina roghnaíos mo shaol a lonnú go buan.
Ba ea an t-aon locht a d’fhéadfainn a fháil ar an gCobblestone mar ionad, ná go raibh sé róbheag le freastal ar an éileamh a bhí ar a leithéid de ghig. Díoladh amach é i bhfad roimh ré, b’ann do liosta feithimh fada d’aon ticéad breise a thiocfadh chun cinn, agus bhí daoine ann ar an oíche ag iarraidh sleamhnú isteach i ngan fhios do lucht seiceála na dticéad ag na doirse go fiú. Ábhar casaoide maith d’aon imeacht. Tús maith leath na hoibre, mar sin.
Ba é an fear léite leabhar, ciceála caide, ginte gáire, agus Gael mór le rá go ginearálta, Eoin P. Ó Murchú a bhí mar fhear an tí againn, fear a rinne obair na gcapall le heagrú na ceolchoirme seo freisin, nár laga na déithe ná na bandéithe é.

Fógraíodh go raibh tús curtha leis an oíche agus ba ar Chiara Ní É a thit sé aghaidh a thabhairt ar an stáitse ar dtús. Is a bhuí lena cuid filíochta scríofa agus labhartha is mó atá cáil ar Chiara, seachas mar dhuine a bhíonn tionlacan ceoil acu, ach nár chuire sé sin aon dul amú ort. Is taibheoir nádúrtha go smior í Ciara agus is beag ceird ealaíonta nach mbeadh lámh aici uirthi dá réir. D’athbheoigh sí Ger Nolan dúinn, ionas go raibh sé ina steillbheatha os ár gcomhair amach ag reic a chuid tuairimí ar mhná na hÉireann go rithimiúil thar bhuile hip hap búm baip. Thug sí blaiseadh dá comhthionscadal ceoil le Dearg dúinn freisin.
Cumadóir ceoil leictreonaigh ón Seanphobal i nDúthaigh Déaglán Déise Mumhan é Dearg nár cheart neamhaird a dhéanamh air ach oiread, agus is i dtámhnéal domhain draíochta a chuirfeadh an rian seo thú.
Ba é Cúán de Búrca an chéad duine eile le léimt ar stáitse. Togha fir le réabh Gaelach a eagrú é Cúán agus mar a tharlaíonn sé, togha fir le slua a chur ag damhsa le hip hap Gaelach (nó seanghallda) é freisin. Is ‘gas cunt’ é Cúán, de réir sainmhíniú Dallbhuachalla chathair Luimnigh. Roinn Cúán linn go flaithiúil a chuid éistphéisteanna, faoin bhfonn foréigneach fola a chuireann dímheas mhuintir Chonamara ar fhoghraíocht Ghaeilge na mBleá Cliathach air, agus faoina mhian go dtabharfaí cothrom na Féinne dá chine, na Sean-Ghaill, nó sliocht úd na Normannach atá anois ‘níos Gaelaí ná na Gaeil iad féin’, dar leis. Féar plé dhó.
Julie Goo aneas chugainn ó Chorcaigh an chéad duine eile le seilbh a ghlacadh ar an stáitse. Tionlacan dordcheoil a bhainfeadh croith as do chloigeann a bhí aici le gabháil lena rannaireacht dhátheangach. Bhain Julie úsáid as gléas rúndiamharach ceoil éicint lena glór féin a lúbadh agus a chlaochlú sa gcaoi is gur fhéad sí a cuid ad libeanna féin a dhéanamh beo ar stáitse freisin, gné a chur go mór lena tíocht i láthair.
An rapálaí ab fhaide ón mbaile a chuaigh chun stáitse ansin, ball dár slua thar toinn do ráinigh chugainn, thar Shruth na Maoile anoir aduaidh ó bhaile mór Glaschú, Hammy Sgìth, ach cha rabh e sgìth, ach a mhalairt ghlan, bhí sé lán le fuinneamh! Caithfidh mé a rá go raibh seit Hammy ar cheann de bhuaicphointí na hoíche domsa. Tá carn tiúineanna cearta ar a albam nua aige, tá an-fhuinneamh go deo aige agus é ag seinm beo, ba dheas an rud é bearna Shruth na Maoile a dhúnadh de bheagán agus gné phanGhaelach a chur leis an oíche, agus anuas air sin uile go léir, is leaid an-deas agus suimiúil é agus thaitin sé liom bualadh leis agus cúrsaí hip hap a phlé leis, fiú má bhí mionfhadhbanna cumarsáide againn scaití! Tá súil agam go bhfeicfimid ar stáitsí na hÉireann arís é. Is fiú go mór daoibh cluas a thabhairt dá albam ‘Beò’ ar Bandcamp idir an dá linn.
James Shannon agus Cian Mac Cárthaigh ón ngrúpa IMLÉ an chéad bheirt eile lena scileanna a léiriú dúinn. Ba é Cian an chéad duine a chas uirlis traidisiúnta ceoil ar an oíche, go bhfios dom, agus a dhordghiotár á úsáid aige mar fhórsa tiomána do véarsaíocht ailtéarnach James mar ba ghnách leis. Amano a ghabh aird an lucht éisteachta ina ndiaidh siúd. Ba dheacair dom a cuid ceoil a chur i mbosca seánra le fírinne, buillí is cúlrianta dordcheoil, amhránaíocht ar dhéanamh an tseánra R&B, ach faoi anáil na stíle Gaelaí, agus sórt mothaithe, nó braistinte diamhaire, nó spioradálta go fiú, ag gabháil leis go minic.

Ghluais muid ó Chill Airne go Béal Feirste ansin i bhfaiteadh na súl de réir mar a thug Torby an t-ardán air féin. Cuireadh an lucht éisteachta ag luascadh anonn is anall go rithimiúil le buillí ar stíl chósta thiar na Stát Aontaithe den chéad uair den oíche fad is a bhí Torby ag stealladh a chuid liricí fearúla neamhsteiréitipiciúla ar a gcluasa. Cuireadh clabhsúr ar a sheit nuair a caitheadh cúpla bod bréige amach i measc an lucht éisteachta, cuimhne mhíosa ar leith do leantóir ámhar nó dhó, gan agó!
Agus Torby bailithe leis ón stáitse, ba mhithid dom féin tabhairt faoi. Rugadh iníon dom in 2024, rud a d’fhág nach rabhas ar stáitse ó shin, agus nach raibh mórán d’aga agam le dul ag cleachtadh don seit seo théis sos bliain go leith. Suas liom mar sin féin. B’fhada agus ba rófhada mé ag feitheamh lena leithéid seo d’oíche le ligeant do rud amhail easpa cleachtaidh bac a chur orm anois. Thosaíos ar na hamhráin a bhleaisteáil amach chomh maith agus a d’fhéadas. Dhamhsaigh an slua os mo chomhair agus iad ag canadh curfánna na n-amhrán in éindí liom. Sular bheireas i gceart air, ghluais an t-am ar aghaidh le luas am na hÉireann ó pheirspictíocht Oisín agus é fós i dTír na nÓg. Bhíos fliuch báite leis an allas, cineál slócht orm, agus bhí an slua ag bualadh a mbos. Bhí éirithe liom, ba chosúil.
Chaitheas siar deoch, d’éalaíos amach chuig an seomra tobac ar feadh meandair agus d’fhilleas gan mhoill ionas nach gcaillfinn tús an tseit dheireanaigh, seit Shúil Amháin agus Ushmush, agus nach mé a bhí sásta nár chaill. Agus é ag glacadh chúram an dhioscmharcaigh chuige féin, chuir Usmhush tús le casadh na gceirníní leictreacha le port preabach an amhráin ‘Caochpholl’, sórt chath rapála barrúil idir Súil Amháin Lios Tuathail agus Ribe Róibéis Chonamara mar gheall ar cé acu is mó atá ina ‘gharsúinín tuaithe’.
Bhí an Súilleabhánach ina sheasamh chun tosaigh ar an stáitse os comhair an tslua agus gan oiread is súil amháin dá chuid le feiceáil faoi na spéaclaí gréine dubha a bhí suite ar bharr a chaincín. Phléasc an fuinneamh amach as a luaithe is a tháinig deireadh le scríobadh an cheirnín in intreoir an riain, áfach, agus chrom sé ar a mhaíomhanna faoina dhintiúirí tuaithe a stealladh ar ár gcluasa, agus by gor, thosaigh an lucht éisteachta uilig ag luascadh is ag lúbadh a gcorp go comhuaineach leis gan mhoill.
D’éis amhráin nó dhó eile, tugadh cuireadh d’aoi speisialta a thíocht suas chun stáitse, Donnchadh Rua, duine eile des na Feirstigh atá ag treabhadh leis i ngort an Hip Hap Ghaelaigh le fada an lá, bail ó dhia air. Dá shiúlfá isteach sa seomra den chéad uair in sa nóiméad sin, rithfeadh dhá smaoineamh leat; foc, is tiúin cheart í seo, agus, an deartháireacha iad an bheirt sin ar stáitse?

Tiúin nó dhó eile ar aghaidh, agus bhí an Súilleabhánach théis léimt den stáitse agus dul síos i measc a lucht éisteachta agus é ag réabadh anuas an balla samhlaithe idir ceoltóir agus éisteoir, ealaíontóir agus breathnóir, i mbealach a chuirfeadh gliondar ar chroíthe luath-lucht forbartha an réalachais shóisialaigh.
Faoin tráth seo, díreach agus muid ag ceapadh go raibh an oíche ag druidim chun deiridh, i ngan fhios dúinn féin, bhí buaicphointe na hoíche, dar liomsa, fós i ndán dúinn. Tá coincheap ann i gcultúr an Hip Hap ar a dtugtar ‘cypher’, nuair a bhíonn scata rapálaithe bailithe le chéile i gcrobhaing, bíodh sé sin i gciorcal ar choirnéal sráide, nó ar mhullach a chéile ar stáitse, agus déantar sealaíocht ag aithris véarsaí éagsúla ar aon bhuile amháin gan aon réamhullmhúchán a dhéanamh, agus gach mac máthar agus iníon athar acu ag iarraidh sárú ar a chéile i mbealach iomaíoch, ach cairdiúil, agus iad ag léiriú a mhaithe agus is féidir leo luí isteach ar rithim ar bith ar an bpointe, nó ar thairne, mar a déarfá.
Seo é an chaoi is mó a chothaítear muintearas agus braistint pobail i measc rapálaithe. Níl a fhios agam cén Ghaeilge a chuirfeá ar ‘cypher’, mar go bhfios dom, níor tharla aon fhíor-cypher lánGhaeilge riamh cheana. Mura bhfuil dul amú orm, bhí eachtra stairiúil, níor mhiste a mhaíomh, ar tí a thosaithe mar sin. Ar chríochnú véarsa dó, d’iarr Súil Amháin orm filleadh ar stáitse le véarsa eile a rá. Ghlacas leis an gcuireadh go fáilteach agus b’amhlaidh a rinneas. Ansin tháinig Julie Goo aníos inár measc agus thosaigh a rá véarsa freisin. Agus í críochnaithe lena véarsa, shíneas mo mhaidhcse chuig Cúán, lean seisean ar aghaidh leis an nós céanna agus sula i bhfad, bhí nach mór gach rapálaí sa teach théis filleadh ar an stáitse.
Go nádúrtha gan aon réamhphleanáil a thuit sé seo uilig amach, agus ní fhéadfadh an lucht éisteachta a bheith ní b’fhabhraí leis. Clabhsúir stairiúil ar oíche stairiúil. Ócáid speisialta gan dabht, agus cé gur sórt cliché é, airím nach deireadh ruda a bhí ann, ach tús rud éicint níos mó.
B’fhéidir go mbeadh coirm níos mó arís ag Féile IMRAM na bliana seo chugainn, nó b’fhéidir go roinnfimis stáitse le chéile arís roimhe sin. B’fhéidir go mbeadh níos mó imeachtaí Hip Hap ag Oireachtas na Samhna feasta, go deimhin, bhí an chéad chomórtas rapála d’ógánaigh ar siúl ann i mbliana (agus rapálaí óg ó Ghaelscoil Bharra, sa gCabrach, i mBleá Cliath 7 a thug leis an duais gan dabht!). Pé scéal é, is léir go bhfuil an dá chultúr seo fite fuaite ina chéile anois, agus cá bhfios, b’fhéidir nach bhfuilimid ach ag tús ré an Hip Hap Ghaelaigh.
The post An oíche is mó sa Hip Hap Gaelach… go dtí seo appeared first on NÓS.