Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

An grúpa rap aitheanta agus driogairí Gaillimheacha tagtha le chéile chun poitín speisialta a dhéanamh

| ,

Tá sé fógartha go bhfuil an grúpa rap Kneecap agus an drioglann Micil tar éis comhoibriú lena chéile chun poitín speisialta a sheoladh.

Níl ach líon teoranta buidéal le cur ar fáil agus cuid den bhrabach a dhéanfar ar dhíol an phoitín le tabhairt do charthanachtaí.

“Thóg muid scoth an phoitín as Conamara ó Dhrioglann Mhicil i nGaillimh agus chuir muid i mbairillí folmha den fhíon íce is fearr le Kneecap é,” a dúradh i ráiteas ó Dhrioglann Mhicil. “Thug muid deis don phoitín seo a scíth a ligean, rud a chruthaigh poitín eisceachtúil atá chomh dána agus cróga leis an dream féin,” a dúradh.

Tá cáil ar Kneecap as a bheith ag ól Buckfast, fíon íce aitheanta a bhfuil clú agus tóir air in Éirinn agus in Albain, go háirithe.

Tá 1,200 buidéal 200mil de phoitín Kneecap le díol agus €32 an ceann orthu. Praghas “siombalach” atá anseo, a deirtear, agus é ag tagairt don 32 contae agus d’Éire aontaithe.

Déanfar na buidéil 200ml a dhíol ar shuíomh Dhrioglann Mhicil ón 1.00pm Dé hAoine, an 12 Nollaig.

Tá líon teoranta 24 buidéal 500ml le cur ar fáil agus €1,916 an ceann orthu, tagairt d’Éirí Amach na Cásca.

Tá pacáistiú agus brandáil speisialta ar an bpoitín nua ag léiriú an chomhoibrithe idir Kneecap agus Drioglann Mhicil agus tá gach buidéal 500ml sínithe ag baill Kneecap. Tiocfaidh na buidéil mhóra i mbosca speisialta le fód móna.

Rachaidh gach pingin brabúis ar dhíol na mbuidéal 500ml chuig carthanachtaí atá roghnaithe ag Kneecap (Aclaí Palestine) agus ag Micil (RNLI na Gaillimhe).

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta