Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

An chéad chomhpháirtíocht riamh idir eagraíocht chomhshaoil agus Conradh na Gaeilge

|

Tá comhpháirtíocht úr bunaithe idir Conradh na Gaeilge agus The Gaelic Woodland Project – carthanacht agus eagraíocht chomhshaoil a chuireann crainn dhúchasacha de chuid na hÉireann sa dóigh is go bhfillfidh an talamh ar a dúchas.

Mar chuid den chomhpháirtíocht úr, seoladh Craobh na Coille, grúpa lán-Ghaeilge de chuid The Gaelic Woodland Project, ag siúlóid a bhí ar siúl i nGleann Dá Ghrua i gcontae Chill Mhantáin le déanaí.

Bailíodh airgead ag an tsiúlóid chun cuidiú le haidhm na carthanachta – €320,000 a bhailiú chun talamh a cheannacht agus é a athdhúlrú i gcontae an Chabháin.

Dúirt ceann de bhunaitheoirí The Gaelic Woodland Project, Oisín Ó Néill, go bhfuil “áthas” orthu gurb iad siúd “an chéad eagraíocht chomhshaoil riamh” atá i ndiaidh chomhpháirtíocht a bhunú le Conradh na Gaeilge.

Dúirt sé go mbeidh Craobh na Coille mar “spás cuimsitheach, éagsúil agus fáiltiúil” do gach duine a bhfuil suim acu an Ghaeilge a úsáid beag beann ar a leibhéal líofachta sa teanga.

Thug sé le fios go mbeadh Craobh na Coille ag reáchtáil ócáidí agus turais trí Ghaeilge amach anseo chun aird a tharraingt ar phríomhchuspóirí na carthanachta: “pobail a chothú,” agus “talamh a cheannach” chun é a athdhúlrú.

Deir The Gaelic Woodland Project go bhfuil siad tiomanta don Ghaeilge agus go bhfuil oidhreacht chultúrtha na tíre seo fite fuaite le misean éiceolaíocha na carthanachta.

Bhain The Gaelic Woodland Project, stádas carthanachta amach in 2022 agus in 2024 cheannaigh siad 12 acra talún i gContae Mhaigh Eo agus súil acu crainn dhúchasacha de chuid na hÉireann a chur ar an talamh sin.

Chomh maith leis sin, bíonn go leor oibre ar siúl ag an charthanacht chun dul i ngleic le crann ionrach darb ainm an labhras silíní in Éirinn, trí bithbhreosla a dhéanamh as na crainn mar mhalairt ar an mhóin.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta