Ainm Gaeilge, ‘Damhán Alla’, atá tugtha ag eolaithe ar ghné de ré oighreata Iúpatair.
Galileo, spásárthach de chuid NASA, a thug faoi deara ar dtús an ghné de dhromchla Europa a bhfuil cuma damhán alla uirthi.
Tagraítear i dtaighde nua don chuma atá ar lochanna reoite an domhain agus maítear go bhféadfadh gur tháinig ann do ‘Dhamhán Alla’ Europa nuair a bhrúcht uisce goirt faoin oighear.
D’fhéadfadh, a deirtear, go mbeadh leideanna ansin faoi uisce leachta a bheith faoi dhromchla Europa agus faoin seans go mbeadh beatha ar an ngealach de chuid Iúpatair.
Eolaí pláinéadach a d’fhreastail ar Choláiste na Tríonóide, an tOllamh Lauren Mc Keown ó Ollscoil Florida Láir, a bhí i gceannas ar an taighde a bhfuil na torthaí air díreach foilsithe ar The Planetary Science Journal.
Tá lucht an taighde ag súil anois eolas a fháil faoi conas ar tháinig ann don ghné dhiamhair seo d’Europa agus deirtear go bhféadfadh impleachtaí a bheith ag an obair d’aon mhisean a leaindeálfadh amach anseo ar Europa nó ar dhomhain oighreata gan aer eile.
Chuir an tOllamh Mc Keown, arb as Baile an Teampaill i mBaile Átha Cliath di, suim sa spás ar dtús nuair a chuala sí aguss í sna déaga faoin spásárthach an Cassini a rinne taiscéalaíocht ar Enceladus, ré bheag oighreata de chuid Shatairn.
“Bhí mé faoi gheasa ag beochana, a chonaic mé ar scéal nuachta ar RTÉ, a thaispeáin scaird uisce na mílte os cionn dhromchla na ré agus seans ann dá réir go raibh uisce leachta, nó aigéan fiú, ann,” arsa Mc Keown.
Dúirt sí gurb é Manannán an t-ainm neamhoifigiúil a bhí tugtha ag daoine ar an gcráitear ar Europa ina bhfuil an ghné tíre ann agus gur theastaigh uaithi féin agus an Dr Jen Sweeney, duine eile ar an bhfoireann taighde a d’fhreastail ar Choláiste na Tríonóide, ainm Gaeilge a thabhairt uirthi dá bharr.
“Ó tharla gurb as Éirinn mé féin agus Jen agus toisc go bhfuil ainmneacha Éireannacha agus Ceilteacha ar go leor de thírghnéithe eile Europa – tagraíonn an cráitéar ina bhfuil an ghné tíre ann do mhiotaseolaíocht na hÉireann agus `Mac na Mara’– shocraíomar an focal Gaeilge ar ‘spider’, damhán alla, a thabhairt mar ainm uirthi.
“Tá mo chroí san áit arb as mé, táim an-bhródúil as an mbaile, agus braithim uaim go mór é. Mar sin, thug sé an-sásamh dom aitheantas a thabhairt sa saothar seo do mo dhúchas Éireannach.”