Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó
|

Pádraig Ó Snodaigh

‘Snod be with you!’ – slán fágtha le Pádraig Ó Snodaigh, duine de mhórGhaeil a linne 

Ar an 2 Eanáir a cuireadh i gcré na cille Pádraig Ó Snodaigh, foilsitheoir, scríbhneoir, gníomhaí teanga agus duine de phearsana móra shaol na Gaeilge agus shaol cultúrtha na hÉireann.

Duine de mhór-Ghaeil a linne ab ea an Snodach agus aithne mhór air mar bhunaitheoir an tí foilsitheoireachta Coiscéim, mar údar, mar fhile agus mar ghníomhaí teanga.

 

Meaití Jó Shéamuis 

‘Bhí Meaití Jó Shéamuis fáiscthe as an traidisiún a bhain lena mhuintir siar’ – ómós léirithe do cheoltóir agus craoltóir Gaeltachta

I mí Eanáir chomh maith a bhásaigh Meaití Jó Séamuis Ó Fátharta an craoltóir agus amhránaí a bhí ar dhuine de mheitheal tosaithe RTÉ Raidió na Gaeltachta agus é i measc an tseachtar clár-reachtairí a bhí ag obair sa stáisiún nuair a chuaigh sé ar an aer ar dtús i 1972.

Chuir sé cláracha nuachta, irise agus spóirt i láthair ar an stáisiún ach leis an gceol is mó a chuimhneofar air agus é ina cheoltóir agus amhránaí cumasach. Chomh maith leis sin rinne sé obair mhór chun taifeadtaí den cheol Gaelach a bhailiú agus a thaisceadh.

Sna hAille in Indreabhán a rugadh Meaití Jó Shéamuis agus is ann a chaith sé a shaol.

 

Seáinín Chóil Neaine Pháidín Mac Donncha

‘Croí mór Ráth Chairn’ – Seáinín Chóil Neaine Pháidín Mac Donncha ar shlí na fírinne

 

‘Croí mór Ráth Chairn’ an t-ómós a tugadh do Sheáinín Chóil Neaine Pháidín nuair a bhain drochscéala a bháis croitheadh as Gaeil i ndeireadh an Aibreáin. Aon duine a raibh d’ádh air bualadh isteach sa gclub i Ráth Chairn agus Seáinín ar chúl an cuntair, meangadh na fáilte a bhí romhat agus má leag tú cos ann roimhe sin bhí d’ainm is do ghinealas aige. Amhráin. filíocht, seanchas, nathaíocht agus peil, bhí Seáinín ina shaineolaí orthu ar fad agus gan éirí in airde ná postúlacht, roinn sé a shaíocht ar an gcomhluadar. Gael uasal nach raibh íseal ná uasal aige agus a chuir comaoin ar a phobal agus ar gach dá dtug cuairt ar Ráth Chairn.

 

Paddy O’Toole

‘Bhí géarchúis, gaois agus tuiscint ag baint leis’ – Paddy O’Toole, iar-aire na Gaeltachta, ar shlí na fírinne

 

Sa mBealtaine a d’fhág an t-iar-aire Gaeltachta, Paddy O’Toole slán linn.

I nGaoth Sáile in Iorras Mhaigh Eo a rugadh Paddy agus oileadh é ina oide scoile agus chaith seal ag teagasc i Scoil Náisiúnta Chnoc an Éaló gar do Bhéal an Átha, mar a raibh cónaí air formhór a shaoil.

Chuir Fine Gael sa Seanad é i 1973 bhí sé ina Theachta Dála ag Fine Gael ina dhiaidh sin agus chaith sé dhá thréimhse ina aire Gaeltachta, idir 1981-1982 agus 1982-1987. Bhí dhá aireacht eile aige tamall freisin – é ina aire cosanta agus ina aire iascaigh agus foraoiseachta. Polaiteoir é a bhí dílis dá phobal féin agus sásta troid ar a son.

 

Aogán Ó Muircheartaigh

An sárchraoltóir agus sárscríbhneoir Aogán Ó Muircheartaigh ar shlí na fírinne

 

Bhí aithne mhór ar Aogán mar chraoltóir le Raidió na Gaeltachta ar chláracha amhail An Saol Ó Dheas, Peann agus PárSiosmaid agus Focal Clóite.

Scríbhneoir agus file a bhí i bhfear Chorca Dhuibhne chomh maith ar éirigh leis saothar ildánach a fhoilsiú.

Ar na cnuasaigh filíochta leis bhí Oíche Ghréine (1987), Drúcht ar Chneas (1992) agus Athbheatha (2002). Bhain an sárchnuasach deireanach uaidh, Os Cionn Talún, foilsíodh in 2015, a le drochbhabhta tinnis a d’fhulaing sé nuair a theip ar a ae. Rinne Aogán eagarthóireacht ar aistí Oidhreacht an Bhlascaoid agus bhí sé tamall ina eagarthóir ar an iris Feasta. Is deacair gan glór suaithinseach Aogáin a chloisteáil i d’intinn agus a chuid filíochta á léamh ag duine.

 

Derry O’Sullivan

An file Derry O’Sullivan imithe ar shlí na fírinne

I bPáras na Fraince a bhásaigh an Corcaíoch file, an chathair ina raibh cónaí air le breis is leathchéad bliain.

Ba é Cá bhfuil do Iúdás?, a foilsíodh in 1987, an chéad bhailiúchán dánta aige.

Ba iad Cá bhfuil Tiarna Talún l’Univers? (1994), An Lá go dTáinig Siad (2005), agus An bhfuil cead agam dul amach, más é do thoil é? (2009) na leabhair filíochta Gaeilge eile a tháinig óna pheann.

In Ollscoil Chorcaí dó, ba é an file Seán Ó Tuama a spreag an Súilleabhánach chun na filíochta Gaeilge agus nuair a d’fhág sé an tsagartacht, chuaigh sé ag múineadh Béarla sa Sorbonne, san Institut Catholique de Paris agus san Institut Supérieur d’Electronique de Paris.

Scríobh sé dánta i bhFraincis chomh maith agus foilsíodh bailiúchán leis, En Mal de Fleurs, i 1988. Ba é O’Sullivan ba thúisce a d’aistrigh ‘An Chailleach Bhéara’ go Fraincis, in éineacht le Jean-Yves Bériou and Martine Joulia.

Ba mhór an chomaoin a chuireadh Derry ar fhilí is Gaeil a thugadh a n-aghaidh ar Pháras.

 

An tAthair Oilbhéar Ó Croiligh

An tAthair Oilibhéar Ó Croiligh, scoláire, údar agus sagart ilghnéitheach, ar shlí na fírinne

Scoláire Gaeilge ab ea an tAthair Oilibhéar Ó Croiligh, sagart pobail i ndeoise Dhoire, ach fear a rinne a chion sa saol poiblí chomh maith. Bhí sé ina bhall de Choimisiún um Cheart agus Síocháin na hEaglaise Caitlicí a rinne iarracht stailc ocrais 1981 a réiteach agus bhí sé freisin ina bhall de Choimisiún na bParáidí.

I ndeisceart chontae Dhoire a rugadh é agus ina theannta i gColáiste Cholmcille i nDoire bhí John Hume, Seamus Heaney, Seamus Deane, agus Eamonn McCann.

Chuaigh sé go Coláiste Phádraig, Má Nuad, mar ábhar sagairt mar a ndearna sé céim sa Léann Ceilteach.

An stuaim, an scolárthacht agus a thóir ar an gceart na tréithe a thuill gean agus urraim dó.

 

Breandán Ó Conaire

Breandán Ó Conaire, fathach i léann na Gaeilge agus sa dornálaíocht, ar shlí na fírinne

 

Athair, scoláire, oide agus dornálaí ab ea Breandán a d’fhág a lorg go láidir ar na ceithre réimse sin dá shaol.

Chaith sé tamall ina cheann ar Roinn na Gaeilge i gColáiste Phádraig in Ollscoil Chathair Átha Cliath agus is iomaí sin saothar ceannródaíoch a tháinig óna pheann. Sa leabhar Myles na Gaeilge léirigh sé an ceangal dlúth a bhí ag Flann O’Brien leis an nGaeilge agus le litríocht na Gaeilge.

Bhí gean agus meas ar Bhreandán mar aithníodh a chineáltas, a acmhainn grinn, a mheabhair chinn agus an staidéar cuimsitheach a bhí déanta aige.

Is iontach go deo an lear taighde a rinne Breandán mar is léir óna shaothar ar Thomás Ó Criomhthain agus scríbhneoirí eile an Bhlascaoid agus Chorca Dhuibhne. Scríobh sé freisin faoi Dhubhghlas de hÍde, Seán Ó Ríordáin, Máirtín Ó Cadhain agus Pádraig Óg Ó Conaire.

Chaith sé dhá théarma ina Uachtarán ar Chumann Dornálaíocht Lúthchleasaíochta na hÉireann agus chuir sé ord agus eagar ar riar is rialacha an chumainn.

Bhí sé ina Chathaoirleach ar Choiste Réiteoirí agus Moltóirí Chumainn Dornálaíocht Amaitéarach na hEorpa agus ba mhinic é ag caint ar an dornálaíocht ar TG4.

 

Manchán Magan

Manchán Magan, an scríbhneoir agus déantóir clár faisnéise, ar shlí na fírinne

I nDomhnach Broc i mBaile Átha Cliath a tógadh Manchán Magan de shliocht an Rathailligh, a maraíodh san éirí amach. Rinne sé céim sa Ghaeilge agus sa Dlí sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath sular thug sé aghaidh ar shaol an taistil, na teilifíse agus na scríbhneoireachta.

Sna cúig bliana agus leathchéad bliain a fuair Manchán ar an saol seo, d’éirigh leis an pobal a spreagadh le féachaint ar an saol ar bhealach eile agus ba mhór an tóir a bhí air ag ócáidí éiceolaíochta agus cultúir. D’aithin sé an t-easnamh a bhraith daoine i saol a bhí dall ar an dúchas agus ar an talamh. Óna fheirm dhúchasach san Iarmhí, ina chuid leabhar thug sé léargas ar shaol i dtiúin leis an nádúr, leis an oidhreacht dúchais agus leis an ilchultúrachas. Spreag sé daoine le dul ag tochailt sa nGaeilge agus sa mbéaloideas.

Ar na leabhair a scríobh sé bhí an leabhar móréilimh Thirty Two Words for Field: Lost words of the Irish landscape agus Listen to the Land Speak, ar chlár teilifíse chomh maith é.

Rinne sé féin agus a dheartháir lear mór cláracha taistil agus comhshaoil – Crainn na hÉireannAn Fód Deireanach, agus No Béarla ar chuid bheag acu.

 

Gordon McCoy

Gordon McCoy, údar, taighdeoir agus múinteoir Gaeilge den chéad scoth, ar shlí na fírinne

Bhí gean ag cách ar Gordon McCoy, fear ó chúlra Protastúnach a rinne a mhíle dícheall an Ghaeilge a chur chun cinn ó thuaidh. Bhí aithne mhaith air mar mhúinteoir Gaeilge den scoth in ‘Turas’ in Oirthear Bhéal Feirste.

B’as contae an Dúin é agus thosaigh sé ag foghlaim na Gaeilge sna 1980idí agus é ina fhear óg. Chuir sé an-spéis sa teanga agus chaith sé a shaol i mbun taighde uirthi agus á teagasc.

D’fhoilsigh sé leabhar dar teideal Protastúnaigh agus an Ghaeilge i 1997. Bhí sé ar dhuine d’eagarthóirí an leabhair Aithne na nGael/Gaelic Identities a foilsíodh in 2001 agus chuir sé féin roinnt leabhar agus léarscáileanna amach bunaithe ar a thaighde ar oidhreacht Ghaelach Oirthear Bhéal Feirste.

Mhúineadh McCoy ranganna oíche in Turas, áit a mbíonn go leor daoine ó chúlra Aontachtach agus Protastúnach ag foghlaim na Gaeilge. Fiú agus an ailse i ngreim ann, dhéanadh sé obair go deonach mar mheantóir teanga le Turas. Gael uasal.

 

Seosamh Ó Braonáin

An craoltóir agus colúnaí aitheanta Seosamh Ó Braonáin ar shlí na fírinne

As Cor na Rón i gCois Fharraige ab ea an craoltóir le RnaG agus colúnaí aitheanta, Seosamh Ó Braonáin. Ba é a bhíodh ina léiritheoir ar chlár mór le rá RnaG, Leagan Cainte. Bhí an-suim ag Seosamh sa rásaíocht capall agus i gcarranna agus ba mhinic é ag tráchtaireacht fúthu ar raidió agus teilifís.

Nuair a d’éirigh sé as an gcraoltóireacht, dhírigh sé ar chúrsaí aistriúcháin. In 2004 ceapadh ina chathaoirleach é ar an gCoimisiún Logainmneacha. An galar néarón luadrach ba shiocair bháis do Sheosamh.

 

Seoirse Ó Dochartaigh 1946-2025

‘Oirfideach ildánach’ – Seoirse Ó Dochartaigh, ceoltóir, scríbhneoir agus ealaíontóir, ar shlí na fírinne

 

Scríbhneoir, amhránaí, cumadóir, ealaíontóir, taighdeoir agus ginealeolaí ab ea an Béal Feirsteach cumasach Seoirse Ó Dochartaigh. In Inis Eoghain, ceantar dúchais a mhuintire, a chaith sé an chuid is mó dá shaol agus is mór an ceiliúradh a rinne sé ar an gceantar sin.

D’eisigh Seoirse 25 diosca agus amhráin ar Errigal Records. Bhí a shaothar ar fad curtha ar fáil go snasta ar na dioscaí iad féin agus cúlra na n-amhrán, na focla, aistriúcháin, agus nótaí eile ar fáil freisin.

Bhí tuigbheáil iontach ag Seoirse ar an amhránaíocht. Nasc sé ceol traidisiúnta na hÉireann le ceol clasaiceach na tíre seo agus an domhain. Bhí ceol Mozart agus Handel, Schubert agus Bach, Mozart agus Vivaldi measctha le foinn thraidisiúnta agus le hamhráin na Gaeilge. D’fhoilsigh sé cúpla eagrán de Sunlight and Shadow. A Listener’s Guide to Irish Classical Music, saothar éachtach taighde, cumadóireachta agus scríbhneoireachta.

Múinteoir ealaíne a bhí ann tamall agus thuill sé aitheantas mar ealaíontóir sa tír seo agus thar lear agus tá cuid den obair ealaíne sin le fáil ar a chuid dioscaí agus ina shaothar liteartha.

Seoirse a d’eisigh Ciorcal Rónáin, dlúthdhiosca i gcuimhne ar Rónán Mac Aodha Bhuí.

An mhí seo a tháinig an drochscéala go raibh Pádraic Ó Conaire imithe leis ar bhealach na fírinne. Bhí aithne agus ardmheas ar Phádraicín ar fud Chonamara agus ar lucht peile ar fud na Gaeltachta. As Tír an Fhia ó dhúchas, d’imir sé a chéad chluiche peile sóisir do Chumann Naomh Anna i 1973 agus gan é ach 15 bliana agus bhí sé ag imirt leor go dtí 1995. I1976 bhí sé ar fhoireann mhionúir na Gaillimhe a bhuaigh Craobh Peile Mionúir na hÉireann. D’imir Pádraic peil shinsir le Gaillimh ó 1979 – 1985, áit ar bhuaigh sé trí Chraobh Chonnacht i 1982, 1983 agus1984.Chaith sé seal ina bhainisteoir ar fhoireann Naomh Anna. Níl duine óg i scoileanna Chonamara nár chuir aithne ar Phádraicín mar chaith sé 40 bliain ag dul thart sna scoileanna ag roinnt scileanna peile le cailíní agus buachaillí óga. De bharr na hoibre sin a bunaíodh Clár na gCluichí Gaelacha in 2008, a chuireann oiliúint ar 1200 dalta in aghaidh na seachtaine ó Charna go Eanach Cuain. An rud ba mhó a thuill gean do Phádraicín ná a láchas agus a bhealach suáilceach foighdeach le gasúir a spreagadh agus spraoi a bhaint as an traenáil.

Ar na Gaeil aitheanta eile a fuair bás i mbliana bhí Mairéad Pheats Tom Ó Cearnaigh ón mBlascaod Mór ó dhúchas; Anne Craig, an craoltóir as Doire; Risteárd Mac Donnchadha, fear gnó as Cill Chiaráin i gConamara; Patricia Mhic Dhonnchadha as Gleann Mhac Muirinn a chaith a saol oibre le Raidió na Gaeltachta; Máire Bhidda Ní Mháille, Comhar Chuigéal, as an Trá Bháin a rinne obair éachtach leis an dream a bhí amach sna blianta i gCeantar na nOileán; Coilmín Ó Donnchú as an Máimín a raibh baint mhór aige le Cearta Sibhialta na Gaeltachta; Seán F Ó Drisceoil, gníomhaí teanga a raibh cónaí air sna Forbacha; An Bráthair SP Ó Dúgáin, Iar-Phríomhoide Choláiste Eoin i mBaile Átha Cliath; agus Máirtín Tim Ó Flatharta, fear gnó as an Spidéal.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta