Deir duine de na saineolaithe a chuir comhairle ar an Roinn Oideachais faoina bpolasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge nach bhfuil ann ach fógra faoi “tascfhórsa a chur ar bun chun ceist atá freagartha cheana féin a fhreagairt”.
Sheol an tAire Oideachais Helen McEntee i mBaile Átha Cliath ar maidin an Polasaí Don Oideachas Lán-Ghaeilge Lasmuigh den Ghaeltacht.
“Is í an fhís atá againn leis an bpolasaí seo ná go mbeadh oideachas lán-Ghaeilge ar ardchaighdeán ar fáil do chách, i suíomhanna oideachais atá ionchuimsitheach agus ilchultúrtha,” a dúirt an tAire.
Cé go bhfuil fáilte curtha ag eagraíochtaí teanga roimh “fís” na Roinne go mbeadh oideachas lán-Ghaeilge ar fáil do chách, meastar chomh maith gur “deis chaillte” atá sa pholasaí nua.
Níl aon sprioc ná plean ar leith luaite sa pholasaí maidir le bunéileamh na n-eagraíochtaí – go mbunófaí tuilleadh scoileanna lán-Ghaeilge chun freastal ar an éileamh ar an ngaeloideachas.
Ina áit sin deirtear gurb é “príomhghníomh” an pholasaí ná tascfhórsa á bhunú “a bhreathnóidh air agus a dhéanfaidh moltaí maidir le bunú, forbairt agus inbhuanaitheacht múnlaí do sholáthar oideachais lán-Ghaeilge”.
Cuirfidh an tascfhórsa a gcuid moltaí faoi bhráid na Roinne roimh dheireadh na bliana seo chugainn. Déanfar moltaí ansin faoi “na múnlaí atá ag teastáil chun oideachas lán-Ghaeilge a chur ar fáil” agus “conas an t-éileamh ar oideachas lán-Ghaeilge a mheas go héifeachtach”.
Tá amhras mór caite ar fhiúntas an tascfhórsa ag an Ollamh Pádraig Ó Duibhir, Cathaoirleach An Foras Pátrúnachta agus iarcheannasaí ar an ionad taighde Sealbhú, a chuir comhairle ar an Roinn faoin bpolasaí nua.
Tá eagraíochtaí teanga agus oideachais ag éileamh le fada go mbunófaí córas ar leith do bhunú scoileanna lán-Ghaeilge nua chun freastal ar an éileamh ar an ngaeloideachas tráth a bhfuil líon na ndaltaí a fhaigheann a gcuid oideachais trí Ghaeilge ag titim den chéad uair le 50 bliain.
Deir An Foras Pátrúnachta, an pátrún is mó ar scoileanna lán-Ghaeilge, go bhfuil “neamhaird” déanta sa pholasaí nua ar thorthaí an chomhairliúcháin agus an taighde a rinneadh mar chuid de réiteach an pholasaí.
“Is í an Ghaelscolaíocht an cur chuige is rathúla riamh sa stát maidir le teagasc agus foghlaim na Gaeilge agus ba í an phríomhtheachtaireacht ón taighde agus ón gcomhairliúchán ná go bhfuil gá le tuilleadh scoileanna lán-Ghaeilge. Cén fáth a bhfuil an tAire tar éis neamhaird a dhéanamh de mhianta an phobail?,” a dúirt an tOllamh Pádraig Ó Duibhir, Cathaoirleach An Foras Pátrúnachta.
“Is éard atá fógartha ag an Aire inniu ná tascfhórsa a chur ar bun chun ceist atá freagartha cheana féin a fhreagairt. Is cosúil go bhfuil gach uile rud á dhéanamh seachas cinneadh a ghlacadh cur leis an soláthar lán-Ghaeilge.”
Dúirt Ó Duibhir nach raibh “aon cheannaireacht ná fís” léirithe ag an Aire Oideachais maidir le spriocanna sa pholasaí.
“Tá an tascfhórsa nua ag obair i bhfolús gan sprioc. Féach ar an mBreatain Bheag mar léiriú ar cad a d’fhéadfadh a bheith fógartha ag an Aire inniu. Tá siad tiomanta do sprioc 40% de dhaltaí ag fáil oideachas trí Bhreatnais faoi 2050. Cén fáth nach bhfuil sprioc á leagan síos ag an Aire?”
Dúirt Caoimhín Ó hEaghra, Ard-Rúnaí An Foras Pátrúnachta gur bunaíodh 100 scoil lán-Ghaeilge idir 1980-2000 nuair a bhí “cúrsaí eacnamaíochta go dona”, ach nár bunaíodh ach 12 scoil le 10 mbliana anuas “agus go leor airgid ag an stát”.
“Tá an Roinn ag caitheamh airgead mór ag cur síneadh le scoileanna reatha, rud a mhéadaíonn an rósholáthar scoileanna meán-Bhéarla agus a dhéanann neamhaird den éileamh neamh-chomhlíonta ar scoileanna lán-Ghaeilge. Tá 13 contae sa tír nach bhfuil aon ghaelcholáiste iontu,” a dúirt Caoimhín Ó hEaghra.
Chuir Ó hEaghra fáilte roimh fhís na Roinne gur cheart oideachas lán-Ghaeilge ar ardchaighdeán a bheith ar fáil do chách. “Is dóigh liom gurb é ceann de na chéad uaireanta gur chuala muid an Roinn ag rá a leithéid agus is beidh muide, An Foras Pátrúnachta, ag obair agus, is dóigh, ag coinneáil súil ghéar agus ag tacú leis an Roinn an aidhm seo a bhaint amach.”
Dúirt Caoimhín Ó hEaghra go raibh neamhaird déanta sa pholasaí ar spriocanna eile de chuid an stáit i leith na teanga maidir le cur le líon na scoileanna lán-Ghaeilge, líon na gcainteoirí Gaeilge agus líon na na nGaeilgeoirí sa tseirbhís phoiblí.
“Cad as a thiocfaidh an 20% d’earcaigh don tseirbhís phoiblí a bheidh inniúil sa Ghaeilge?” a fhiafraíonn Ó hEaghra. “Tá easpa iomlán comhoibrithe ar fud an rialtais.”
Chuir Bláthnaid Ní Ghreácháin, príomhfheidhmeannach Gaeloideachas fáilte chomh maith roimh ráiteas na Roinne ach bhí amhras uirthi an raibh an plean chomh huaillmhianach leis an bhfís.
“Ag an bpointe seo níl mé cinnte cé chomh huaillmhianach is a bheidh an polasaí don oideachas lán-Ghaeilge mar beidh ana-chuid ag brath ar fheidhmiú an tascfhórsa – fíorú na físe, sin anois an obair atá romhainn,” a dúirt Bláthnaid Ní Ghreácháin.
Deir an tAire Oideachais Helen McEntee “nár chóir breathnú ar an nGaeilge mar dhéantán stairiúil nó mar ábhar scrúdaithe amháin” agus go n-aithnítear an méid sin sa pholasaí nua.
“Is teanga bhríomhar, bheo í a úsáidtear i gcomhthéacsanna éagsúla ar fud na tíre ar bhonn laethúil. Tá ár nGaelscoileanna agus ár nGaelcholáistí i gcroílár an scéil, agus beidh sé mar aidhm ag an bpolasaí seo a chinntiú go mbeidh na tacaíochtaí riachtanacha acu chun an earnáil a fhás.”
Maidir le fás earnáil an oideachais lán-Ghaeilge, deirtear sa pholasaí nua
go gcuirfear “gníomhartha sa réimse seo chun cinn ar bhonn céimnithe, le cinntiú go mbeidh na hacmhainní daonna cuí ar fáil”.
Deirtear go bhféachfaidh an tascfhórsa nua ar “meicníochtaí” chun “méadú an tsoláthair oideachais lán-Ghaeilge a éascú”.
Deirtear sa pholasaí chomh maith go bhfuil “éagsúlacht cleachtas agus caighdeán” i scoileanna lán-Ghaeilge gá agus gur gá dul i ngleic leis sin. Leagfaidh an tascfhórsa amach “caighdeáin agus critéir do na múnlaí éagsúla soláthair a aithneofar”, a deirtear.
Ar na gealltanais atá sa pholasaí, deirtear go gcuirfear tacaíocht ar fáil chun clár Máistir Gairmiúil Oideachais trí Ghaeilge do mhúinteoirí iar-bhunscoile a bhunú in oirthear na tíre.
Déanfar ‘ríomh-mhol’, múnla teagaisc atá á úsáid i scoileanna Gaeltachta, a leathnú amach chuig scoileanna lasmuigh den Ghaeltacht.
Faoin tionscadal ‘ríomh-mhol’ cuirtear ábhair bhreise, Ceimic agus Fisic don scoilbhliain 2025/26, ar fáil do scoláirí i scoileanna Gaeltachta trí acmhainní teagaisc a roinnt idir scoileanna.
Maítear chomh maith go gcuirfear tuilleadh deiseanna oiliúna ar fáil do mhúinteoirí agus go ndéanfar taighde maidir le riachtanais speisialta oideachais i scoileanna lán-Ghaeilge.
Coimisiúnófar clár don léitheoireacht agus don litriú Gaeilge chun tacú le foghlaimeoirí a bhfuil deacrachtaí litearthachta, amhail disléicse, acu.
Gealltar chomh maith go gcuirfear uaireanta tacaíochta teanga ar fáil do scoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht chun “inniúlacht agus saibhreas teanga” daltaí a fhorbairt.
Cuirfear na huaireanta breise ar fáil ar “ar bhonn céimnithe de réir mar a cheadaíonn cúinsí buiséid na roinne”. Sa scoilbhliain 2025/26 a thosófar ar dháileadh na nuaireanta tacaíochta teanga ar Ghaelscoileanna a bhfuil stádas DEIS acu agus ar Ghaelcholáistí.
Deirtear go bhfiosrófar an tacaíocht a d’fhéadfaí a chur ar fáil chun go mbeadh deis ag gach dalta i scoil lán-Ghaeilge tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht.
Deirtear go gcuirfear acmhainní breise ar fáil do COGG faoin bpolasaí a chuirfidh ar a cumas “dlús” a chur leis an obair atá ar siúl acu maidir le soláthar téacsleabhar agus acmhainní.
Gealltar go ndéanfar athbhreithniú ar an gclár teagaisc don Ghaeilge, Séideán Sí, clár sainiúil teagaisc do scoileanna Gaeltachta agus do scoileanna lán-Ghaeilge a seoladh in 2003.
Déanfar “iarrachtaí” chomh maith i gcomhar le forbróirí agus soláthraithe seirbhísí teicneolaíochta “cur le líon na mbogearraí agus na bpacáistí teicneolaíochta atá ar fáil trí Ghaeilge”.
Gealltar go ndéanfar “acmhainní nuálacha” a dhearadh do thuismitheoirí “chun cabhrú leo agus iad ag tacú lena bpáistí agus iad ag sealbhú na Gaeilge”.
Deirtear go lorgófar maoiniú do ghníomhartha an pholasaí mar chuid de phróiseas meastacháin bliantúil na Roinne Oideachais agus Óige.
Níl aon bhuiséad luaite le haon cheann de na beartais atá luaite sa pholasaí.
“Beidh cur i bhfeidhm na ngníomhartha aitheanta, agus na spriocanna ama luaite leo, ag brath ar na hacmhainní airgeadais agus daonna a bheidh ar fáil don roinn faoin bpróiseas seo,” a deirtear.
Dúirt Síofra Ní Nualláin, tuismitheoir i nGaelscoil na Mí, go raibh díomá uirthi leis an bpolasaí.
“Tá mo pháistí ar scoil i gCill Dhéagláin i ndáilcheantar an Aire. Tá trí ghaelscoil laistigh de 15 nóiméad uainn ach níl aon ghaelcholáiste sa cheantar.
“Tá an daonra ag fás go mór agus tá an Roinn ag caitheamh na milliún ar shíneadh a chur le meánscoileanna Béarla seachas aon áit a chur ar fáil i ngaelcholáiste. Tá pobal na Mí ligthe síos go mór ag an Aire inniu.”
Seoladh chomh maith inniu Is féidir liom, is féidir linn, Plean Gnímh don Ghaeilge i Scoileanna Meán Béarla.
Deirtear go bhfuil sé mar aidhm ag an bplean gnímh “tacú le scoileanna agus le múinteoirí chun feabhas a chur ar theagasc, ar fhoghlaim agus ar úsáid na Gaeilge, agus chun eispéiris foghlama níos tarraingtí agus níos luachmhaire a sholáthar do leanaí agus do dhaoine óga”.
Deirtear go bhfuil “imní” léirithe i dtorthaí taighde agus tuarascálacha cigireachta le blianta beaga anuas “faoi cháilíocht an teagaisc agus na foghlama sa Ghaeilge, agus faoi na caighdeáin sa Ghaeilge i measc leanaí, daoine óga agus múinteoirí i scoileanna meán-Bhéarla”.
Déantar cur síos sa phlean gnímh ar bheartais éagsúla a deirtear a chuirfidh le meon dearfach a chothú i leith na Gaeilge agus úsáid na Gaeilge a mhéadú. Maítear go dtacóidh an plean chomh maith lena chinntiú go mbeidh teacht “ag gach leanbh agus duine óg ar fhoghlaim na Gaeilge”.