Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

TACU – tionscadal oideachais luathbhlianta – seolta

|

Bhailigh múinteoirí, cleachtóirí oideachais agus tuismitheoirí le chéile i Naíscoil an Chéide, Contae Ard Mhacha, le déanaí chun togra nua darb ainm TACU a sheoladh.

Eagraíocht tacaíochta don oideachas luathbhlianta lán-Ghaeilge é Altram agus tá TACU ina chuid dá Chlár Cumarsáide Lasmuigh. Is áis oideachasúil é an clár seo a chothaíonn scileanna cumarsáide páistí trí fhocail agus frásaí coitianta a nascadh le pictiúir. 

Tá an togra maoinithe ag an Roinn Oideachais, agus labhair muid le hAisling Walls agus le Caitlín Ní Chonluain ón eagraíocht Altram faoin dóigh a gcuideoidh an Clár Cumarsáide le cumas cainte na bpaistí ar achan leibhéal forbartha. 

Is í Bróna Haughey atá ina Cathaoirleach ar Naíscoil an Chéide agus labhair sí faoin tionchar dearfach a bheith ag an áis seo ar pháistí na scoile sacu féin agus fud fad an Tuaiscirt.

Bhí Pat Sheehan i láthair ar an lá, Ball Tionóil i gCnoc an Anfa agus Leaschathaoirleach an Choiste Oideachais. Dinis sé dúinn faoin tábhacht a bhaineann le áiseanna lán-Ghaeilge ar leith a chruthú do na Gaelscoileanna, ar nós an Chláir Cumarsáide Lasmuigh.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta